Fáilte curtha ag pobail iascaireachta roimh chuótaí d'Fhíogach Gobach agus Scadán an Iarthuaiscirt.
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, roimh an gcomhaontú idir an AE agus an RA maidir le deiseanna iascaireachta do stoic éisc chomhroinnte in 2023.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Le tabhairt chun críche na n-idirbheartaíochtaí AE-RA roimh an spriocdháta an 20 Nollaig atá leagtha amach i gComhaontú Trádála agus Comhair an AE-RA, is féidir Gabhálacha Iomlána is Incheadaithe (TACanna) agus cuótaí a shocrú don bhliain iomlán. Roinntear an chuid is mó de stoic éisc thráchtála na hÉireann leis an RA agus cuirfidh críochnú rathúil an chomhaontaithe seo níos mó cinnteachta agus cobhsaíochta ar fáil dár bhflít agus muid ag dul isteach in 2023."
Dúirt an tAire freisin:
“Beidh méaduithe sna cuótaí do chuid de na stoic tráchtála is tábhachtaí in Éirinn, lena n-áirítear Cloicheáin (nephrops), Láimhíneach na Mara Ceiltí, Colmóir agus Scoilteán agus Cadóg agus Faoitín an Iarthuaiscirt. Níor socraíodh ach cuótaí fo-ghabhála do roinnt stoic leochaileacha a ghabhtar in iascaigh mheasctha, lena n-áirítear stoic troisc timpeall an chósta agus do stoc Bolmáin chun cabhrú leis na stoic sin teacht ar ais. Le linn na n-idirbheartaíochtaí, d'oibrigh mé go dlúth leis an gCoimisinéir Sinkevičius lena chinntiú go gcosnaítear tosaíochtaí na hÉireann. Táim sásta go n-urramaíonn an comhaontú deiridh an chomhairle eolaíoch agus go dtacaíonn sé le stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu a atógáil.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tugann athoscailt an iascaigh d'fhíogach gobach, tar éis é a bheith dúnta le breis agus deich mbliana chun an stoc sin a atógáil, deis iontach dár n-iascairí cladaigh a ghlac páirt san iascach seo go traidisiúnta. Ina theannta sin, athosclófar iascach Scadán an Iarthuaiscirt mar iascach tráchtála. Bhí an t-iascach seo dúnta, seachas chun sonraí a bhailiú chun críocha eolaíochta, ó 2015 i leith. Táimid ag feiceáil na dtorthaí dearfacha a bhaineann le gníomh daingean riachtanach a dhéanamh nuair is gá. Beidh sé tábhachtach na stoic éisc seo go léir a bhainistiú chun leanúint ar aghaidh ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Nuair a bheidh TACanna agus cuótaí na bliana iomláine curtha i bhfeidhm, beidh mé in ann cinntí a dhéanamh agus cuótaí a leithdháileadh don bhliain iomlán agus beidh mé in ann cabhrú le hiascairí a gcuid gníomhaíochtaí a phleanáil don bhliain amach romhainn.”