Fáiltíonn an tAire Hackett roimh an dul chun cinn sa tríú tuarascáil eatramhach ar Thionscadal na Coillearnaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thaifead an tuarascáil, a d’ullmhaigh an Bord Tionscadail a rinne maoirseacht ar an tionscadal, dul chun cinn suntasach maidir le cur i bhfeidhm Thionscadal na Coillearnaí go háirithe an méadú 60% ar cheadúnú foraoiseachta in 2021 i gcomparáid leis an mbliain seo caite agus an dul chun cinn suntasach ar fhorbairt Straitéise Náisiúnta Foraoiseachta náisiúnta nua.
Aithníodh tús an athbhreithnithe dlí agus rialála, le hidirghníomhaíocht láidir leis na Grúpaí Oibre, mar aon le dul chun cinn fhorbairt na Straitéise Foraoiseachta nua, le dréacht-fhís aontaithe. Sonraíodh sa tuarascáil go bhfuil an comhairliúchán maidir leis an straitéis ar siúl cheana féin, le suirbhé ar dhearcadh an phobail agus suirbhé rannpháirtíochta pobail críochnaithe agus rannpháirtíocht phoiblí níos leithne beartaithe don Bhliain Nua.
Tugadh ar aird an dul chun cinn maidir le cuspóirí eile, mar shampla an cuireadh chun luachana d’Anailís ar Riachtanais Oiliúna ar cheadúnú agus rolladh amach píolótach Plé Réamhiarratais atá le teacht.
Ag fáiltiú di roimh an nuashonrú, dúirt an tAire:
“Cuireann an tríú tuarascáil eatramhach seo béim i ndáiríre ar an raon ollmhór oibre atá ar siúl faoi Thionscadal na Coillearnaí. Ní bhíonn dul chun cinn éasca riamh ar thionscadail mhóra athchóirithe mar seo agus níl aon réiteach draíochta ann chun na saincheisteanna seo a réiteach, ach is cinnte go bhfuilimid ag bogadh sa treo ceart. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar rannchuidiú agus rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile i dTionscadal na Coillearnaí atá ag cur go mór leis an dul chun cinn seo. Tá a gcuid oibre éascaithe ag mo Roinn, cathaoirligh na nGrúpaí Oibre agus ar ndóigh baill an Bhoird Tionscadail. Is comhiarracht í seo go mór mór agus gach duine againn ag obair i dtreo comhsprioc chun acmhainneacht na foraoiseachta agus na gcrann in Éirinn a bhaint amach go hiomlán. Tá deis ann fíordhifríocht a dhéanamh agus todhchaí gheal a chinntiú don earnáil foraoiseachta agus don tsochaí i gcoitinne. Creidim gur chóir go dtabharfadh an tuarascáil is déanaí seo ón mBord Tionscadail muinín dúinn, cé nach bhfuil muid gar do dheireadh an phróisis seo, tugann dul chun cinn go dtí seo le fios gur féidir linn an méid a bhí beartaithe againn a dhéanamh a bhaint amach."
Dúirt an tAire:
“Bhí roinnt gnóthachain réadacha ann i mbliana, go háirithe an seachadadh leanúnach maidir le ceadúnú. Tá 4,000 ceadúnas eisithe againn i mbliana agus sháraigh muid ionchais trí 8.4 milliún méadar ciúbach adhmaid a cheadúnú, an líon is airde riamh. Bhí ár n-aschur ar bhóithre foraoise go maith freisin le 260km ceadúnaithe, dhá oiread ár sprioc.
Tá a fhios agam ar ndóigh go bhfuil aschur ar thaobh an fhoraoisithe an-íseal ach tá mo Roinn ag tabhairt tosaíochta dó agus beidh réamh-mheastacháin níos uaillmhianaí le haghaidh ceadúnaithe á dtáirgeadh do 2022, le béim ar fhoraoisiú."
Ar an iomlán, creidim go mbeidh bliain mhaith ag foraoiseacht in Éirinn, i ngach foirm, in 2022. Tá sé mar rún againn a chinntiú go leanann foraoiseacht in Éirinn de bheith lárnach dár dtosaíochtaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha. Tá sé de dhualgas ar gach duine againn anois oibriú i gcomhar le chéile chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh in 2022."
CRÍOCH