Fáiltíonn an tAire Heydon roimh bhuiséad tiomnaithe do shábháilteacht feirme i mBuiséad 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
-
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, fáilte roimh Bhuiséad 2022, agus a leithdháileadh suntasach i réimse na sábháilteachta feirme.
Den chéad uair, beidh buiséad tiomnaithe de €2m ag an Roinn Talmhaíochta.
Dúirt an tAire Heydon: “Tá ríméad orm ciste tiomnaithe a fháil do shábháilteacht feirme. Is é seo an chéad uair a cuireadh buiséad tiomnaithe den sórt sin i bhfeidhm. Is ceist thábhachtach don Rialtas í sábháilteacht feirme agus chun aird a tharraingt ar an tosaíocht a thug an Rialtas do shábháilteacht feirme, ba mise an chéad Aire a ceapadh le freagracht speisialta as sábháilteacht feirme mar chuid de mo chúram.
“Beidh ról suntasach ag an maoiniú nua seo i m'iarracht athrú cultúrtha a bhaint amach maidir le sábháilteacht ar ár bhfeirmeacha. Is timpeallachtaí oibre iad agus caithfimid leanúint ag obair le chéile chun iad a dhéanamh níos sábháilte. Ní tharlóidh laghduithe ar ráta na dteagmhas marfach agus tromchúiseach ar fheirmeacha murar féidir linn ár n-iompraíochtaí a athrú, feasacht, oiliúint agus infheistíocht a mhéadú i bpríomhbhearta sábháilteachta feirme agus meabhairshláinte agus folláine feirmeoirí."
Tá an leithdháileadh €2m sa bhreis ar an maoiniú leanúnach do threalamh sábháilteachta feirme faoi TAMS, Scéim Liúntais Chaipitil Luathaithe le haghaidh Scéim Trealamh Sábháilteachta Feirme, agus raon scéimeanna áitiúla dírithe ar thionscadail sláinte feirme, sábháilteachta agus folláine.
D’fháiltigh an tAire Heydon freisin roimh thacaíocht láidir dá réimsí freagrachta eile, forbairt nua margaidh agus taighde agus nuálaíocht.
Gheobhaidh Teagasc, an ghníomhaireacht stáit a sholáthraíonn taighde, comhairle agus oideachas i dtalmhaíocht, gairneoireacht, bia agus forbairt tuaithe in Éirinn €152.6m in 2022.
Dúirt an tAire:
"Tá sé tábhachtach go mbeadh eolaíocht tréan mar threoir ag ár gcinntí beartais go léir. Chomh maith le tacú le Teagasc, déanaim maoirseacht ar bhuiséad suntasach do thionscadail taighde. Le hinfheistíocht i dtaighde beimid in ann cabhrú le feirmeoirí, féachaint chuige go seasfaidh ár dtionscal an aimsir, agus réitigh lárnacha a fhorbairt chun uaillmhianta na hearnála agraibhia a chomhlíonadh."
“Tá leithdháileadh suntasach €53m ag Bord Bia chun leanúint lena chuid oibre tábhachtach. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas Bord Bia leanúint ag infheistiú i gcuir chuigí digiteacha nuálacha chun margaí nua a fhorbairt, ár n-onnmhairí bia agus dí a chosaint agus a fhás i margaí atá ann cheana sa RA agus san Eoraip agus ár gcáil i dTríú Tíortha a thógáil de réir ár gclár rochtana margaidh.
“Tacóidh sé freisin agus muid ag filleadh i bpearsa ag imeachtaí margaíochta agus prómóisin de réir mar a osclaítear taisteal idirnáisiúnta, ag coinneáil Éire agus a bia ardchaighdeáin, inbhuanaithe, sábháilte, reatha, ábhartha agus infheicthe agus ag teacht le straitéís Food Vision 2030."
CRÍOCH