Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh an bhfógra ón OIE maidir le hiarratas na hÉireann ar stádas riosca neamhbhríoch ESB
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., roimh an bhfógra a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (OIE) le déanaí go bhfuil an Coimisiún Eolaíochta um Ghalair Ainmhithe tagtha ar an tuairim go gcomhlíonann Éire na ceanglais anois go n-aithneofaí go bhfuil riosca neamhbhríoch ESB aici.
Tháinig an fógra, atá i gcomhréir le Cód an OIE, tar éis measúnúcháin ar aighneacht mhionsonraithe a rinne an Roinn Talmhaíochta chuig an OIE an fómhar seo caite. Mhol Coimisiún Eolaíochta an OIE go gcuirfí an t-aitheantas seo isteach le haghaidh formhuinithe ag Tionól Domhanda na dTeachtaí OIE ag an 88ú Seisiún Ginearálta i mBealtaine 2021.
Dúirt an tAire,
“Is céim mhór chun tosaigh í seo a bhfuil fáilte mhór roimhe i dtreo stádas riosca neamhbhríoch a bhaint amach in Éirinn i leith ESB, ag dearbhú stóinseacht rialuithe sábháilteachta ainmhithe, bia agus beatha ainmhithe na hÉireann agus ag soláthar tuilleadh dearbhuithe neamhspleách sa mhargadh idirnáisiúnta de neart chórais rialuithe na hÉireann.”
Dúirt an tAire McConalogue go bhfuil dhá chéim eile ag teastáil sula n-aithnítear an stádas seo go hoifigiúil. Ar dtús, tréimhse 60 lá inar féidir le gach ceann de na 182 ballstát den OIE aon fhaisnéis a thugann bunús don chinneadh seo a iarraidh más mian leo déanamh amhlaidh agus, ar an dara dul síos, go bhfaighidh an togra vóta fabhrach ag Tionól Ginearálta an OIE i mBealtaine.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire,
“Cé go gcaithfimid fanacht le toradh na dá chéime dheireanacha seo sa phróiseas táim dearfach agus dóchasach dár bhfeirmeoirí mairteola den chéad scoth agus don earnáil níos leithne. Is féidir linn a bheith ag tnúth le muinín réasúnta i dtreo an stádas seo a bhaint amach a léiríonn tiomantas an-suntasach ó na páirtithe leasmhara go léir, faoi stiúir chumasach oifigigh i mo Roinn. Tacóidh stádas riosca neamhbhríoch lenár n-iarrachtaí leanúnacha maidir le rochtain ar an margadh idirnáisiúnta agus cuideoidh sé le deiseanna nua trádála a oscailt maidir le táirgí mairteola na hÉireann.”
CRÍOCH