Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh an Léiriú Intinne a fógraíodh maidir leis an Stop a Cuireadh le hÚsáid a bhaint as Colistin san earnáil Sláinte Ainmhithe in Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., fáilte roimhe gur fógraíodh gur cheadaigh baill Choiste um Chur i bhFeidhm Sláinte Ainmhithe (AHIC) iNAP léiriú intinne chun stop a chur le húsáid a bhaint as Colistin san earnáil sláinte ainmhithe in Éirinn. Tá príomhról á ghlacadh ag an gcoiste fairsing ionadaíoch páirtithe leasmhara seo maidir leis na gníomhartha a sholáthar a chuimsítear i bplean gníomhaíochta náisiúnta na hÉireann, (iNAP), chun dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (FFM) san earnáil sláinte ainmhithe agus inár dtimpeallacht chomhroinnte.
Dúirt an tAire,
“Léiríonn an comhaontú deonach seo a rinne páirtithe leasmhara tiomantas na hearnála talmhaíochta do dhul i ngleic le FFM, agus aithním an tábhacht a bhaineann le colistin, chun cóir a chur ar ionfhabhtuithe baictéaracha a bhagraíonn ar an mbeatha is cúis le básmhaireacht agus galracht mhór i gcúram sláinte an duine.”
Leag sé béim air go neartaíonn an comhaontú an tiomantas agus an cheannaireacht a léiríodh laistigh den earnáil agraibhia chun dul i ngleic le buarthaí sochaíocha maidir le húsáid fhreagrach a bhaint as frithmhiocróbaigh i measc ainmhithe. Chuir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte colistin san áireamh i liosta de na Frithmhiocróbaigh Ríthábhachtacha a dTugtar an Chéad Tús Áite Dóibh.
Chuir an tAire fáilte roimh fhógairt thráthúil an léirithe intinne seo mar gheall go bhfuil na Rialacháin nua um Chógais Tréidliachta agus Bheatha Íocleasaithe a bheidh ag teacht aníos le cur i bhfeidhm in Eanáir 2022. Dúirt sé,
“Leagtar béim lárnach sna Rialacháin nua seo ar dhul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach. Is é an t-aistriú soiléir ar leibhéal Eorpach athrú cultúrtha a chur chun cinn agus gan cógais a úsáid ach nuair is gá agus chun díriú ar bhearta níos coiscthí. Tagann seo le Straitéis Náisiúnta um Shláinte Ainmhithe Feirmshaothraithe na hÉireann agus is é ceann de na príomhphrionsabail atá ann ‘Is fearr Cosc ná Leigheas’. Dúshlán atá in FFM go fóill ní hamháin i dtaobh shláinte an duine, ach do shláinte ainmhithe, slándáil bhia agus dár dtimpeallacht chomhroinnte.”
D’aithin an tAire go bhfuil ról tábhachtach ag na páirtithe leasmhara go léir chun dul i ngleic leis an tsaincheist One Health seo, agus ba mhaith leis buíochas ar leith a ghabháil mar chuid d’fhógairt an lae inniu leis an gcomhoibriú a rinne agus an cheannaireacht a ghlac Tréidliacht Éire agus Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann.
Luaigh an tAire,
“Nuair a oibríonn cleachtóirí tréidliachta agus feirmeoirí as lámh a chéile chun feabhas a chur ar shláinte ainmhithe agus stop a chur le colistin a úsáid, cosnóidh an cur chuige réamhghníomhach seo éifeachtacht an fhrithmhiocróbaigh seo, ar rogha dheiridh é, i sláinte an duine.”
Luaigh an tAire, cé gur gá díriú go príomha ar chosc a chur ar ghalar, gur cógais bhunriachtanacha iad frithmhiocróbaigh le haghaidh sláinte agus leas ainmhithe agus an duine, agus go n-imríonn an úsáid a bhaintear as frithmhiocróbaigh i measc daoine agus ainmhithe araon tionchar ar fhorbairt agus ar scaipeadh na frithsheasmhachta. Leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht leanúnach i measc páirtithe leasmhara chun dul i ngleic le FFM in earnáil shláinte an duine, sláinte ainmhithe, agus na timpeallachta agus ar leibhéal One Health. Mhol sé na comhghníomhartha a rinneadh, faoi phlean gníomhaíochta náisiúnta na hÉireann chun dul i ngleic le FFM (iNAP).
Luaigh an tAire mar fhocal scoir,
“Chun dul i ngleic go rathúil le FFM, caithfidh oibriú go leanúnach ar na caighdeáin is airde agus is féidir a bhaint amach agus a chothú i dtaobh sláinte ainmhithe agus úsáid frithmhiocróbaigh a laghdú dá bharr a bheith mar phríomhsproic na hearnála agraibhia. Cuirim fáilte roimh an mbeart seo a ghlac an AHIC agus táim ag tnúth leis an gcéad leagan eile de iNAP a sheoladh níos déanaí i mbliana agus cur leis an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo fad a oibrímid as lámh a chéile, agus a tuiscint againn go bhfuil ról le glacadh againn uile le cóireálacha éifeachtacha galair a chinntiú dúinn féin, dár dteaghlaigh, dár bpobail agus dár n-ainmhithe.“
Nótaí d’Eagarthóirí:
Cad é FFM?
Is é frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (FFM) an fhrithsheasmhacht atá ag miocrorgánach in aghaidh druga a bhí éifeachtach i dtosach chun cóir a chur ar ionfhabhtuithe ba chúis le miocrorgánach. Is féidir le miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (baictéir, fungais, víris agus seadáin ina measc) ábalta seasamh in aghaidh ionsaí ag drugaí frithmhiocróbacha, cosúil le drugaí frithbhaictéaracha (e.g., antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, frithvíreasacha, agus frithmhaláireacha, agus éiríonn cóireálacha caighdeánacha neamhéifeachtach dá bharr agus leanann na hionfhabhtuithe a bheith ann, agus méadaíonn seo an baol go scaipfear iad ar dhaoine/ainmhithe eile.
Tagraíonn frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh go sonrach d’fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a shonraítear i ngnáthbhaictéir is cúis le hionfhabhtuithe. Téarma níos fairsinge é frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, a chuimsíonn frithsheasmhacht in aghaidh drugaí chun cóir a chur ar ionfhabhtuithe is cúis le miocróib eile chomh maith. Tagraíonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach sa Chód Dea-Chleachtais seo go sonrach d’fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh nuair nach bhfuil antaibheathach éifeachtach a thuilleadh chun cóir a chur ar ghalar baictéarach.
Cén éifeacht atá ag FFM?
Measadh in 2007 i dTuarascáil de chuid an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú/na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (ECDC/EMEA) 2009 gur bhaictéir a bhí frithsheasmhach in aghaidh drugaí ba chúis le thart ar 25,000 bás i measc daoine sa bhliain san AE amháin, agus gur bhain costais chúraim sláinte agus caillteanais táirgiúlachta €1.5 billiún leis seo. Luadh sa Tuarascáil chomh maith go meastar go dtagann ionfhabhtú a bhaineann le cúram sláinte ar thart ar 4 milliún othar san AE gach bliain. (COMHTHUARASCÁIL THEICNIÚIL AN LEGC 'The Bacterial Challenge: time to react' (2009)).
Cad a chiallaíonn ‘One Health’?
Straitéis dhomhanda é coincheap ‘One Health' chun comhoibriú agus cumarsáid idirdhisciplíneach a fhairsingiú i ngach gné de chúram sláinte do dhaoine, ainmhithe agus an timpeallacht. Aithnítear go bhfuil sláinte daoine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais fite fuaite ina chéile agus lorgaíonn ‘One Health’ sláinte agus folláine na speiceas uile a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí fheabhas a chur ar chomhoibriú agus comhar idir lianna, tréidlianna, gairmithe sláinte agus comhshaoil eolaíochta eile agus trí láidreachtaí i gceannaireacht agus i mbainistíocht a chur chun cinn chun na spriocanna seo a bhaint amach.
Tá comhdhearcadh idirnáisiúnta ann trí Thionscnamh ‘One Health’ ar sínitheoirí leis iad an EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte), an EBT (an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta) agus an OIE (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte um Shláinte Ainmhithe), go dteastaíonn gníomh chun an bhagairt sláinte dhomhanda a chomhrac i measc na n-earnálacha sláinte ainmhithe agus shláinte an duine, na talmhaíochta agus na timpeallachta níos fairsinge.
Ar leibhéal náisiúnta, bhunaigh Príomhoifigeach Leighis (an POL) agus Príomhoifigeach Tréidliachta (an POT) na Roinne Sláinte agus na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairliúcháin Idir-Roinne Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach in 2014 mar chuid den tionscnamh ‘One Health’, agus chun cur chuige náisiúnta iomlánaíoch a chur chun cinn i dtaobh oibriú as lámh a chéile lena chinntiú go mbíonn antaibheathaigh éifeachtacha ar fáil i gcónaí amach anseo.
Cad is CTÁ-ART?
D’fhorbair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte liosta d’fhrithmhiocróbaigh ina rangaítear iad in ord tábhachta chun sláinte an duine a chosaint. Tá an grúpa frithmhiocróbach ag barr an liosta a mheastar is ríthábhachtaí maidir le sláinte an duine agus tugtar Frithmhiocróbaigh Ríthábhachtacha a dTugtar Chéad Tús Áite Dóibh orthu seo. Drugaí rogha dheiridh iad seo i gcúram sláinte an duine agus ciallaíonn seo, dá bharr, mura mbíonn frithmhiocróbach ar bith eile éifeachtach chun cóir a chur ar ghalar baictéarach, gurb iad seo an rogha dheiridh cóireála a bhíonn ar fáil do lianna lena n-úsáid dá n-othair.
Cad é iNAP?
Is é iNAP freagairt na hÉireann do ghairmeacha idirnáisiúnta ar phlean gníomhaíochta ilearnála chun FFM a chomhrac. Tá Éire go hiomlán tiomanta do agus ag tabhairt faoi dhul i ngleic leis an bhfadhb a chruthaíonn FFM. Leanfaimid ag comhoibriú ar leibhéal idirnáisiúnta, AE agus náisiúnta chuige seo.
Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann maidir le Frithsheasmhacht in Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017-2020 ar fáil ag
Rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta ‘One Health’ na hÉireann a chomhfhorbairt agus a chomhsheoladh chun dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, (iNAP), i gcomhar leis an Roinn Sláinte in 2017 agus tá siad ag oibriú faoi láthair ar an dara plean gníomhaíochta a thosófar i lár 2021. Ghlac an dá Roinn le cur chuige ‘One Health’ i leith FFM agus spreagtar iarrachtaí comhoibritheacha ildisciplíneacha i measc earnálacha éagsúla, cosúil le sláinte, talmhaíocht agus an comhshaol chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach do dhaoine agus d’ainmhithe.
CRÍOCH