Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh chomhairliúchán poiblí ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta na dréacht-Straitéise Agraibhia go dtí 2030 a sheoladh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu roimh chomhairliúchán poiblí ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta na dréacht-Straitéise Agraibhia go dtí 2030 a sheoladh. D’ullmhaigh coiste páirtithe leasmhara, ar a ndearna an tUasal Tom Arnold cathaoirleacht, an dréacht agus d’éascaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara é.
Ag trácht dó ar an dréachtstraitéis, dúirt an tAire,
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoiste Páirtithe Leasmhara agus an Cathaoirleach, Tom Arnold, as a n-obair ar an gcáipéis seo. Tá mar fhís ann go mbeidh Éire ina ceannaire domhanda ar Chórais Bhia Inbhuanaithe sna deich mbliana amach romhainn. Déantar breithniú ann ar go leor de na saincheisteanna a bheidh lárnach maidir forbairt na hearnála i gcaitheamh na chéad deich mbliana eile amach romhainn. Áirítear leo seo díriú láidir ar inmharthanacht buntáirgeoirí agus ioncam feirme a fheabhsú; an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go leanann ár dtairiscint bia le hardchaighdeán a bhaint amach, a bheith sábháilte agus sláintiúil; an gá atá le nuálaíocht a chothú agus feabhas a chur ar iomaíochas; agus an gá atá le hearnáil agraibhia atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
“Dírítear i gceartlár chur chuige córais bhia faoi stiúir misin na dréachtstraitéise ar gach cineál inbhuanaitheachta - inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus gheilleagrach.”
I gcomhthráth le hobair an Choiste, ullmhaíodh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta (TMO) go neamhspleách leis na héifeachtaí suntasacha dóchúla a dheimhniú ar an gcomhshaol a chruthóidh an Straitéis a chur i bhfeidhm. Mar chuid den phróiseas measúnaithe comhshaoil, titfidh comhairliúchán poiblí ocht seachtaine amach anois le dearcthaí a lorg faoin MST, an TMO agus faoin Dréachtstraitéis féin.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir,
“Spreagaim iad siúd go léir ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí agus a ndearcthaí a thabhairt le fios. Cuirfidh an Coiste na dearcthaí seo san áireamh sula gcuirfear an Straitéis i gcrích. Táim ag tnúth leis go nglacfaidh a mhéid daoine agus is féidir páirt sa chomhairliúchán seo”.
Dúirt an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett,
“Beidh sé ina dhúshlán aeráid atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoin mbliain 2050, agus is cinnte go mbeidh orainn an bealach a úsáidtear agus a dhéantar feirmeoireacht ar ár dtalamh a athrú, ach bainfidh sé gnóthachain amach ina theannta sin. Leis na gnóthachain seo a uasmhéadú, teastaíonn uainn go nglacann gach duine páirt agus go n-oibríonn siad as lámh a chéile agus spreagaim gach páirtí, dá bharr, páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo. Leagtar amach sa straitéis seo gníomhartha praiticiúla don earnáil go mbainfear aeráid amach atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoin mbliain 2050; ach baineann an straitéis freisin le bithéagsúlacht a fheabhsú; feabhas a chur ar cháilíocht an uisce; agus foraois éagsúil agus ilfheidhmeach a fhorbairt. Tá orainn glór gach duine a chloisteáil ar spéis leo na saincheisteanna seo.”
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon T.D., atá freagrach as Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua,
“Tá mar chuspóir ag an Dréachtstraitéis seo cur leis an gcáil dhearfach idirnáisiúnta atá orainn mar sholáthraí bia agus dí atá ar ardchaighdeán, sábháilte, cothaitheach agus a tháirgtear go hinbhuanaithe. Is deas liom a thabhairt faoi deara go bhfuil béim á leagan ar thaighde, agus príomhchumasóir a bheidh ann seo don earnáil agraibhia, a chuirfidh an teicneolaíocht agus tallann chun cinn. Creidim go bhfáiltítear go mór roimhe go ndéantar breithniú sa Straitéis ar ár mbuntáirgeoirí agus go n-aithnítear an tábhacht a bhaineann le tacú le sláinte, sábháilteacht agus folláine na bpobal feirmeoireachta agus iascaireachta, agus leis na dúshláin a chruthaíonn aonrú agus meabhairshláinte.”
Tá an Rialtas tiomanta do laghduithe foriomlána 51% a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa idir 2021 agus 2030 agus go mbainfear aeráid atá neodrach ó thaobh na haeráide de amach tráth nach déanaí ná 2050, agus ról speisialta na talmhaíochta agus saintréithe ar leith meatáin bhithghinigh á gcur san áireamh. Beidh sé dúshlánach an uaillmhian seo a bhaint amach agus teastóidh athruithe uaidh i ngach earnáil den gheilleagar, an talmhaíocht san áireamh. Is féidir leis foinsí nua d’ioncam a sholáthar d’fheirmeacha teaghlaigh agus tairbhí geilleagracha tuaithe a sholáthar.
Garsprioc shuntasach í an straitéis seo atá faoi stiúir páirtithe leasmhara a chuirfidh le próiseas an Rialtais chun uasteorainneacha astaíochtaí earnála a dheimhniú faoin mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide. Nuair a chríochnófar í an samhradh seo, beidh ar an straitéis a bheith comhsheasmhach leis an uaillmhian a leagtar amach don talmhaíocht i gClár an Rialtais agus sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021, agus leis na spriocanna earnála a nglacfar leo faoin mBille Aeráide.
Nóta d’Eagarthóirí:
I gcomhréir le Treoir 2001/42/CE an AE agus le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe), 2004 (IR 435 de 2004), arna leasú, tugadh faoi Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) ar an Dréachtstraitéis Agraibhia go dtí 2030 agus cuirtear a torthaí i láthair i dTuarascáil Timpeallachta. Ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura freisin de bhun Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáin a chaomhnú, faoi mar a thrasuigh Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha), 2011 (I.R. 477/2011) isteach i ndlí na hÉireann.
Comhairliúchán Poiblí
Tá na cáipéisí foilsithe anois ag www.gov.ie/en/consultations/ agus tugtar cuireadh duit aighneacht nó breathnóireacht scríofa a dhéanamh maidir leis an Dréachtstraitéis Agraibhia go dtí 2030 agus leis an Tuarascáil Timpeallachta agus an Ráiteas Tionchair Natura lena mbaineann.
Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh tréimhse ocht seachtaine ón 19 Aibreán 2021 go meán lae an 15 Meitheamh 2021.
CRÍOCH