Fáiltíonn an tAire O'Brien roimh fhigiúirí dearfacha maidir le tithe críochnaithe
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, roimh na figiúirí críochnuithe tithe nua do R1 2023, foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ar maidin. Léirigh an foilseachán gur críochnaíodh 6,716 teach nua sa chéad trí mhí den bhliain seo – méadú 19.1% ar an ráithe chéanna in 2022. Críochnaíodh 3,092 áitreabh scéime i R1 2023, méadú 10.1% ó R1 2022, agus críochnaíodh 1,197 áitreabh aonair, méadú 7.7% ó R1 2022.
Rinne an tAire O'Brien trácht ar na figiúirí, ar údar mór misnigh iad, ar maidin agus é ag tabhairt cuairt ar roinnt forbraíochtaí nua tithíochta i mBaile Átha Cliath, atá le beagnach 340 teach a sholáthar:
“Léiríonn figiúirí an lae inniu go bhfuil méadú ag teacht ar an soláthar agus go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Inné, d'fhógair mé bearta breise chun níos mó tithe a thógáil agus é sin a dhéanamh ar bhonn níos tapúla, lena n-áirítear deireadh a chur le tobhaigh forbraíochta chun tuilleadh gníomhaíochta tógála a spreagadh agus scéim chun tús a chur leis na mílte tithe Cíos de réir Costais a sholáthar. Cuirfidh na bearta sin borradh níos mó faoin soláthar. Tá aschur tithíochta réamh-mheasta de 29,000 teach ag Tithíocht do Chách in 2023 agus táim muiníneach go mbainfimid amach an sprioc seo – mura sárófar é.
“Cuireann an móiminteam dearfach seo go léir leis an líon is airde riamh tithe a cuireadh tús leo, 7,349 teach, sna chéad trí mhí de 2023. Tá píblíne láidir de thithíocht shóisialta agus inacmhainne ann chomh maith, le breis agus 19,000 teach sóisialta ag céimeanna éagsúla tógála agus breis agus 2,700 teach inacmhainne breise ceadaithe cheana féin le haghaidh maoinithe.”
Inniu, d'iompaigh an tAire O'Brien an fód ag forbraíocht do 133 teach ar Cíos de réir Costais ag Cearnóg Belgard Thuaidh, Tamhlacht, áit a bhfuil an tionscadal á fhorbairt ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas le maoiniú ó Chiste Tithíochta Inacmhainne an rialtais i gcomhpháirtíocht leis na forbróirí JJ Rhatigan.
Thug an tAire cuairt freisin ar shuíomh Chúirt Elanora, Bóthar an Mhíle Fhada, Baile Bhailcín, áit a bhfuil 153 aonad tithíochta sóisialta á bhforbairt ag Respond, an Comhlacht Ceadaithe Tithíochta, atá ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Jackie Greene Construction Limited.
Chomh maith le forbraíochtaí amach anseo, d’oscail an tAire 52 teach nua d’ardchaighdeán i nDroichead na Canála, An Cloigín Gorm, do theaghlaigh áitiúla agus do dhaoine aonair sa Chloigín Gorm agus sna ceantair máguaird. Is forbraíocht de chuid Respond iad seo freisin i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus KM Kyle Holdings. Rinneadh na tithe seo a pháirtmhaoiniú faoi Shaoráid Réamhíocaíochta Caipitil an rialtais.
Dúirt an tAire O'Brien:
“Bhí sé de phribhléid agam inniu cuid den obair iontach atá ar siúl ar an talamh i mBaile Átha Cliath a fheiceáil. Tá obair den sórt seo á déanamh ar fud na tíre. Léiríonn na sonraí críochnaithe is déanaí an cineál gníomhaíochta seo agus cuirfidh na tionscnaimh a fógraíodh an tseachtain seo borradh níos mó fós fúithi.”