Fáiltíonn An tAire roimh íocaíocht bhónais leath mhiliún le Feirmeoirí Chromán na gCearc
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta An Seanadóir Pippa Hackett roimh an nuacht go bhfuil 996 feirmeoir tar éis beagnach leath mhilliún euro a roinnt in íocaíochtaí bónais Chromán na gCearc an tseachtain seo. Rinneadh na híocaíochtaí faoin scéim Cromán na gCearc ar fiú €25 milliún arna maoiniú ag Roinn an Aire faoin gClár Forbartha Tuaithe.
Aithníonn na híocaíochtaí bónais, €483,927 san iomlán, an rath a bhí ar na feirmeoirí seo maidir le gnáthóga a sheachadadh do Chromán na gCearc agus d’fhiadhúlra eile agus cáilíonn siad don bhónas bunaithe ar cé chomh maith agus atá ag éirí le Cromán na gCearc ina gceantar.
Ag trácht di faoi na híocaíochtaí, dúirt An tAire,
“I seachtain ina raibh tuairiscí faoi thinte inár gceantair ardtailte go mór i mbéal an phoabil, is faoiseamh é dea-scéal a fháil. Tá fíoráthas orm na híocaíochtaí seo bunaithe ar thorthaí a fheiceáil á ndéanamh le feirmeoirí a chinntigh go bhfuil a gcuspóirí bainte amach ag an daonra Cromán na gCearc i Limistéir Chosanta Speisialta. Is fíor-éacht é seo agus tá gach cent tuillte ag na feirmeoirí atá bainteach leis. Ní déirc í an íocaíocht seo. Rinne na feirmeoirí bainistíocht ar a bhfeirmeacha chun gnáthóg a sheachadadh a chothaíonn an daonra Cromán na gCearc agus tá aitheantas tuillte acu as sin. Is fíorfheirmeorí don dúlra iad na feirmeoirí seo.
Tá an íocaíocht bhónais Chromán na gCearc seo ar cheann de thrí cinn sa chlár. Déantar é seo má shroicheann an daonra Cromán na gCearc i Limistéar Cosanta Speisialta a chuspóir. Roinneann feirmeoirí a sheachadaigh na gnáthóga ardchaighdeáin san SPA an bónas, agus is féidir le feirmeoirí a bhfuil a dtailte laistigh de phríomhdhúiche de nead Cromán na gCearc cáiliú le haghaidh íocaíochta breise. Má éiríonn leis an nead, aithnítear agus bronntar an t-éacht sin trí íocaíocht bhónais níos airde.
Forlíonann an íocaíocht seo íocaíocht bunaithe ar thorthaí as cáilíocht gnáthóige agus íocaíocht ghníomhartha tacaíochta d’infheistíochtaí atá deartha chun cumas an fheirmeora gnáthóga feabhsaithe a sheachadadh.
Ag tabhairt aitheantais don chomhoibriú a theastaíonn chun clár dá leithéid a sheachadadh, dúirt An tAire freisin:
“Is meabhúcháin iad na tinte le déanaí go háirithe i gCill Airne ag an deireadh seachtaine den tábhacht a bhaineann le dea-bhainistíocht ar ár n-éiceachórais leochaileacha agus is sampla iontach é an Scéim Chromán na gCearc seo den chur chuige comhoibrithe atá ag teastáil.”
Mar fhocal scoir agus í ag trácht ar an luach breise a bhaineann leis an obair chun Cromán na gCearc a chosaint, dúirt An tAire chomh maith,
“Tá raon leathan buntáistí eile freisin ag na bearta a dhéanann feirmeoirí chun tacú le Cromán na gCearc, lena n-áirítear fiadhúlra eile a chothú, stóráil charbóin, d’oiriúnú aeráide agus do cháilíocht uisce. Mar sin, chomh maith le bheith ina chomhartha de shláinte éiceachóras na dtírdhreach ina ndéanann sé pórú agus fiach, is féidir le cromán na gcearc breis a sholáthar don éiceachóras sin. Agus go ríthábhachtach, creidim go leiríonn rath an chláir go bhfuil clár náisiúnta agra-chomhsaoil curtha in oiriúint do phobail agus do thírdhreacha áitiúla, ach atá fós éifeachtach chun cuspóirí áitiúla a bhaint amach indéanta i ndáiríre.”
Nótaí don Eagarthóir:
Seachadann feirmeoirí i dTionscadal Cromán na gCearc ag leibhéal na feirme, ach oibríonn siad féin agus a gcomhairleoirí go dlúth leis an bhFoireann Tionscadail agus le daoine eile chun seachadadh ag leibhéal an tírdhreacha freisin. Le chéile aithníonn siad saincheisteanna áitiúla agus déanann siad réitigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Comhlánaíonn seachadadh comhordaithe na réiteach seo iarrachtaí an fheirmeora aonair ag leibhéal an tírdhreacha. Is aitheantas é an Íocaíocht Chromán na gCearc de rath na comhiarrachta sin chun comhchuspóirí a bhaint amach.
• Is tionscadal ar fiú €25 milliún é Clár Chromán na gCearc arna maoiniú ag DAFM faoi RDP na hÉireann. Tá sé ag feidhmiú ó 2017 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí earrach 2023. Oibríonn sé le beagnach 1,600 feirmeoir ó gach ceann de na sé Limistéir Chosanta Speisialta (SPAanna) don speiceas. Déanann na feirmeoirí seo bainistíocht ar 38,000 heicteár de na tírdhreacha ardtailte sna Limistéir Chosanta Speisialta.
• Is díbhinn í íocaíocht Chromán na gCearc, roinntear ciste idir feirmeoirí cáilitheacha agus ar an gcaoi sin tugtar cinnteacht bhuiséadach fhoriomlán. Aithníonn sé agus tugann sé luach saothair don chúnamh a thugann feirmeoirí i soláthar gnáthóg ardchaighdeáin, ag laghdú cur isteach agus dul i mbun plé le chur chuige ilghnéitheach i leith caomhnú cromán na gcearc.
• Ní ráthaítear an íocaíocht seo, is díbhinn í a íoctar nuair a léiríonn láithreacht agus rath cromán na gcearc seachadadh na n-aschur inmhianaithe. Tá an cinneadh maidir le hincháilitheacht d’Íocaíocht Chromán na gCearc bunaithe ar fheachtas láidir monatóireachta bliantúil do Chromán na gCearc a dhéanann an Tionscadal Chromán na gCearc.
• Is féidir an Tuarascáil Mhonatóireachta a thomhaiseann rath pórúcháin na n-éan i 2020 a fháil ag:
Déantar íocaíochtaí san Earrach i gcomhthráth le filleadh na gCromán Cearc ar a dtailte pórúcháin.
CRÍOCH