Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh oscailt leapacha nua in Ospidéal Ollscoile Luimnigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly TD roimh críoch a bheith curtha ar bhloc de 60 leaba a chosnaigh €21 milliún ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh.
Is príomhthosaíocht don Aire Sláinte agus don Rialtas é feabhas a chur ar acmhainn laistigh den tseirbhís sláinte. Rachaidh an bloc nua seo ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh go mór chun tairbhe na ndaoine atá ina gcónaí i Luimneach agus sna contaetha máguaird.
Laistigh den bhloc 60 leaba, tá trí bharda d’othair chónaitheacha agus i ngach ceann tá 20 seomra singil en suite. Áiseanna leithlise iomlána a bheidh in dhá cheann díobh agus cuirfear cúram agus cóireáil ar fáil d’othair ón am a chuirfear isteach san ospidéal iad go dtí go scaoilfear amach iad. Cuirfidh na 60 seomra singil feabhas ar chompórd othar, ar shábháilteacht, ar phríobháideachas agus ar dhínit, agus cuideoidh sé leis an rialú ionfhabhtuithe san oipidéal. €21 milliún san iomlán a bhí ar na costais chaipitil réamh-mheasta.
Osclóidh an chéad cheann de na barda seo Dé Luain 23 Samhain, an dara barda ar 14 Nollaig agus an tríú ceann ar 4 Eanáir 2021.
Dúirt an tAire Donnelly: “Is cúis áthais dom é fáiltiú roimh an mbloc nua de 60 leaba seo in Ospidéal Oscoile Luimnigh. Is mór an difear a dhéanfaidh sé do dhaoine aonair agus do theaghlaigh san Iarthar Láir. Cuirfidh sé feabhas ar thaithí othar trí tuilleadh compord agus príobháideachais a chur ar fáil. Beidh sé níos éasca infhabhtú a rialáil agus bearta rialála a chur i bhfeidhm, rud atá ríthábhachtach ní hamháin anois i rith na paindéime COVID-19 ach ag gach am.
Osclaíodh na leapacha deiridh le déanaí in dhá bhloc nua eile a tógadh go mear in Ospidéal Ollscoile Luimnigh.Tabharfar cóireáil d’othair haemaiteolaíochta/ oinceolaíochta sa bhloc ina bhfuil 24 leaba.Tá an bloc ina bhfuil 14 leaba d’othair leighis á úsáid faoi láthair chun cásanna de COVID-19 a leithlisiú.
Cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach don bhloc barda le haghaidh 96 leaba chuig an údarás áitiúil go luath i Lúnasa 2020. Táthar ag súil go mbronnfar cead pleanála sna míonna atá romhainn. Tá sé foráilte sa Phlean Caipitil de chuid FSS go gcuirfear maoiniú ar fáil in 2021 chun go gcuirfí chun chinn an chéim dearaidh mionsonraithe den tionscadal. Beidh costas iomlán an tionscadail seo faoi réir cúinsí margaidh agus córais thairiscintí iomaíocha.
Dúirt an tAire Donnelly: “Rófhada tá ganntanas leapacha ann san Iarthar Láir agus tá mórchéimeanna á dtógáil againn chun dul i ngleic leis an gceist seo. Idir na bloc de 60 leaba agus dhá thionscadal meartógála a seachadaíodh faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta mar Fhreagairt ar COVID-19, beidh 78 seomra singil sa bhreis ann faoi dheireadh na bliana seo. Áireofar 20 leaba eile go luath in Eanáir 2021. I Lúnasa cuireadh iarratas ar chead pleanála isteach le haghaidh barda eile ina mbeidh 96 leaba agus táimid ar bís le tosú ar an tionscadal seo a luaithe agus is féidir.”
Tá maoiniú faighte ag Grúpa Ospidéal Ollscoile Luimnigh chun thart ar 500 ball foirne breise a earcú mar aon le tionscnaimh eile faoin bPlean Geimhridh 2020-2021. Tá cuid mhór gairmithe aimsithe cheana féin agus tá an earcaíocht ag dul ar aghaidh don oscailt chéimnithe den bhloc 60 leaba. Tá conarthaí buana á dtairiscint do gach altra agus do gach bean chabhrach atá faoi oiliúint faoi láthair agus ar a mbronnfar céim ó Ollscoil Luimnigh.