Fáiltíonn an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Catherine Martin roimh chomhdháil náisiúnta chun Cogadh Cathartha na hÉireann a chomóradh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an Taoiseach Micheál Martin aitheasc ar an lá tosaigh den Chomhdháil Náisiúnta um Chogadh Cathartha na hÉireann - atá ar cheann de na príomhimeachtaí i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán de chuid an Stáit don bhliain 2022. Óstálfar an chomhdháil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) le tacaíocht mhaoinithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Déanfaidh breis is 130 cainteoir ar saineolaithe iad gach uile ghné de Chogadh Cathartha na hÉireann (1922-1923) a scrúdú, lena n-airítear na gnéithe idirnáisiúnta, polaitíochta, sóisialta, cultúir, inscne, míleata agus geilleagair. Tá fáilte roimh an bpobal ag an gcomhdháil agus beidh cead isteach saor in aisce i gceist.
Déanfar imeachtaí na comhdhála i gcaitheamh na ceithre lá a bheoshruthú ar www.ucc.ie/civilwar. Beidh RTÉ ag beoshruthú imeachtaí an chéad lae agus an lae dheireanaigh chomh maith.
Is é is aidhm leis an gcomhdháil seo, i bhfocail an tSainghrúpa Chomhairligh maidir le Comóradh Céad Bliain, chun ‘dul i ngleic le tréimhse dheacair agus thrámach ar bhealach fiúntach’. Ní bheifear ag súil le clabhsúr a chur ar an ábhar nó teacht ar insint chríochnúil nach bhfuil aon cheist fúithi. Beidh spás ann do thuairimí agus dearcthaí éagsúla, a mbeidh léann, críochnúlacht acadúil, fionnachtain chartlainne agus fianaise fhíorasach i dtaobh na himeachtaí staire a thit amach mar bhonn fúthu.
Cuirfear an chomhdháil ar siúl ar champas UCC agus cuirfear páipéir agus léachtaí iomlánacha i láthair mar chuid de, trína scrúdófar ábhair amhail comparáidí idirnáisiúnta le taithí mhuintir na hÉireann ar chogadh cathartha; straitéisí míleata agus coimhlint; tráma agus cuimhne na sibhialtach; inscne; míleatacht aicmeach agus an lucht saothair; corraíl an lucht talmhaíochta; bolscaireacht agus cuimhne; seandálaíocht agus cultúr ábhartha; cúrsaí polaitíochta agus idé-eolaíocht; an Bailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata; an tionscadal taighde Tar Éis na Bliana 2022: Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann. Is iad an tOllamh Robert Gerwath (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), an tOllamh Helen Graham (Ollscoil Londain) agus an Dr Bill Kissane (Scoil Eacnamaíochta Londain) a chuirfidh léachtaí iomlánacha i láthair.
Beidh díospóireachtaí painéil ar siúl ar an lá deireanach den chomhdháil (18 Meitheamh) ina ndéanfar scrúdú ar théamaí amhail cúrsaí polaitíochta, saothar, tráma, taidhleoireacht, críochdheighilt, inscne, creideamh agus cuimhne.
Áireofar ceolchoirm am lóin le Banna Chéad Bhriogáid an Deiscirt de chuid Óglaigh na hÉireann i gcearnóg stairiúil UCC; taispeántas den charr armúrtha mór le rá ‘Sliabh na mBan’; ‘Cogadh Cathartha i gCorcaigh: Turas Choisíochta i Lár na Cathrach’ agus Scoil Scairte de chuid History Ireland ar na himeachtaí a óstálfar i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta ón 15 go dtí an 18 Meitheamh le bheith ag cur le clár na comhdhála acadúla.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clárú nó chun féachaint ar na himeachtaí beo, téigh chuig:
Foilseofar taifeadtaí de na painéil mar aon leis na páipéir ar fad ar láithreán gréasáin Réabhlóid na hÉireann de chuid UCC sna seachtainí tar éis na comhdhála. Is féidir an chomhdháil a leanúint ar líne leis an haischlib #CivilWarConferenceUCC.
Is éard a dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, i ndáil leis an gcomhdháil:
"De réir mar a bhímid ag féachaint siar céad bliain ar chogadh na gcarad sa tír seo, tuigimid gur cothrom céad bliain é seo a ghoillfidh ar go leor daoine. Tugtar deis fheiliúnach thráthúil leis an gcomhdháil seo, arna óstáil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, chun gach gné de na himeachtaí staire a thit amach a thabhairt chun solais, a scrúdú agus a chur faoi chaibidil, le hanailís fhíorasach agus fianaise bhunfhoinse mar bhunús leis an gcur agus cúiteamh seo. Chuaigh tionchar agus torthaí na n-imeachtaí seo go mór i bhfeidhm ar theaghlaigh agus ar phobail le céad bliain anuas. Anois féin atá gnéithe áirithe den tréimhse léanmhar sin á gcíoradh agus á bplé i gceart den chéad uair. Ag breathnú siar dúinn tar éis imeacht na mblianta, tá tuairimí agus dearcthaí nua ar fáil dúinn a mbíonn tuiscint níos caolchúisí ar na himeachtaí casta a tharla mar thoradh orthu. Is féidir cuntais ar na himeachtaí a cuireadh chun cinn roimhe seo agus ar glacadh leo gan cheist a thástáil anois agus iad a chur faoi chaibidil arís. Dá bharr sin, tá seans anois ann go dtabharfaí maithiúnas agus go leigheasfar seanghortuithe."
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar:
"Tá beagnach céad bliain caite anois ó tharla Cogadh na gCarad. Is ionann an síocháin, an rath agus an seasmhacht atá ag dul chun tairbhe na hÉireann mar Stát ó tháinig deireadh leis an gcoimhlint ghearr fhuilteach sin agus saintréith de dhaonlathas na hEorpa. Is beag tír san Eoraip a raibh tréimhse chomh fada sin aici ina stát ceannasach daonlathach gan bhriseadh. Tá go leor fadhbanna fós roimh Stát na hÉireann a bhunaigh Mícheál Ó Coileáin agus a chomrádaithe, ach tá an t-uafás bainte amach againn mar náisiún ina aghaidh dúshláin mhóra. Fiú amháin le blianta beaga anuas, bhí ar Éirinn déileáil leis an mBreatimeacht, le Covid agus leis an ngéarchéim airgeadais domhanda, ach leanaimid orainn ag teacht slán as na dúshláin uile agus muid níos láidre ná mar a bhí rompu.
"Ba mhór an chabhair dúinn an tiomantas do phrionsabail daonlathais a tháinig chun cinn i ndiaidh an Chogaidh Chathartha le linn chéad bliain an neamhspleáchais sa tír seo. Ar an iomlán, tá fís bhunaitheoirí an náisiúin seo bainte amach."
Is éard a dúirt an tAire Catherine Martin:
"De dheasca an Chogaidh Chathartha, fágadh oidhreacht ainnise, péine agus caillteanais againn, taobh istigh de theaghlaigh, de pharóistí agus go deimhin, de gach uile ghné den tsochaí, go ceann na deicheanna de bhlianta i ndiaidh sin. Táimse tiomanta do chinnte a dhéanamh de go gcuimhneofar ar eachtraí staire na tréimhse seo ar bhealach measúil, tuisceanach, barántúil agus ionchuimsitheach. Is linne ar fad stair na tíre seo, agus muid ag féachaint le tuiscint a fháil ar an aistear ar a ndeachaigh Éire le go ndéanfaí Stát neamhspleách, ceannasach di. Aistear deacair ab ea é, aistear a bhí fíorthrámach in amanna, ar tharla gníomhartha foréigin agus tragóide ó am go chéile lena linn. Is cothrom céad bliana é seo atá an-phearsanta do go leor daoine fós agus a ghoilleann go mór orthu.
"Tá cur chuige meáite stuama glactha i dtaobh na cuimhneacháin atá á ndéanamh ar na heachtraí seo mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán - is cur chuige é atá dírithe ar leigheas agus athmhuintearas, agus ar dhaoine a d’fhulaing agus a bhásaigh a thabhairt chun cuimhne go measúil. Ní hé sin le rá nach dtugaimid aird ar ábhair agus ar théamaí deacra agus an oidhreacht a bhaineann leo atá fágtha ag na glúnta atá le teacht, ná nach ndéanaimid iad a scrúdú. Tá a fhios agam go mbeifear ag súil le cuid de na téamaí seo a iniúchadh leis an gcomhdháil seo chun cuidiú an tuiscint atá againn orthu a mhéadú agus muid ag bogadh chun tosaigh."
Seo mar a labhair an tOllamh John O’Halloran, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, inniu:
"Leis an gceithre lá de chainteanna agus breis is 130 duine léann cruinnithe le chéile ar champas UCC, is cinnte go gcuirfidh Comhdháil Chogadh Cathartha na hÉireann go mór leis an léargas atá againn ar uair chinniúnach i stair na hÉireann."
Bhí an méid seo le rá ag an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairligh maidir le Comóradh Céad Bliain:
"B’fhearr an iomaí tost a tháinig i ndiaidh an Chogaidh Chathartha ná insintí, bolscaireacht agus scéalaíocht shimplí dheighilte. Le himeacht ama, bíonn an deis ann dul i ngleic le heachtraí staire ar bhealach fiúntach agus cneasú a dhéanamh dá bharr. D’fhonn athmhuintearas a dhéanamh, teastaíonn uainn an brón, an t-achrann agus an chruálacht a bhain leis na gníomhartha a rinneadh le linn na coimhlinte céad bliain ó shin a aithint. Tugtar le fios leis an gclár mionsonraithe don chomhdháil seo go mbeidh gach gné den tréimhse faoi réir dianscrúdú acadúil a theastaíonn i gcás comóradh fiúntach ar bith. Leanfaimid orainn ar an turas comórtha atá ar bun againn ar bhealach ómósach, ionchuimsitheach, macánta agus oscailte le linn na bliana casta seo, ar bliain í a théann go croí i go leor daoine."
Tá fáilte roimh na meáin freastal ar an imeacht seo ach ní mór dóibh clárú. Seol ríomhphost chuig eoin.hahessy@ucc.ie chun léiriú go mbeidh tú i láthair.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clár na comhdhála agus an clár comhlántach d’imeachtaí poiblí ón 15-18 Meitheamh a fháil, téigh chuig láithreán gréasáin na comhdhála de chuid UCC - https://www.ucc.ie/en/theirishrevolution/irish-civil-war-national-conference-june-2022/
I gcás fiosrúcháin ó na meáin i ndáil leis an gcomhdháil déan teagmháil le hEoin Hahessy nó le Joe Leogue in UCC ar ríomhphost ar eoin.hahessy@ucc.ie nó joe.leogue@ucc.ie
Is féidir breathnú ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán de chuid an Stáit don bhliain 2022 ar an nasc seo thíos:
Má tá ceist agat maidir le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán, déan teagmháil le hOifig Preasa agus Eolais na Roinne.