Fáiltíonn Gairdíní Altamont roimh Chuairteoirí chun Taitneamh a bhaint as Áilleacht Mhí na bPlúiríní Sneachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go mbeidh Féile na bPlúiríní Sneachta, a mbíonn an-tóir uirthi i gcónaí, ar siúl i nGairdíní áille Altamont sa Tulach, Co. Cheatharlach i rith mhí Feabhra.
Tá an bailiúchán seo ar cheann de na bailiúcháin plúiríní sneachta is mó in Éirinn, le breis is 150 cineál éagsúil de phlúiríní sneachta ainmnithe anseo.
Beidh deis ag cuairteoirí breathnú thart ar an eastát 40 acra, atá suite ar bhruach na Sláine, agus taitneamh a bhaint as an meascán draíochtúil de ghairdíní foirmiúla, neamhfhoirmiúla agus fiáine.
Dúirt John Conlon, an Chathaoirleach air as Oifig na nOibreacha Poiblí, agus é ag fáiltiú roimh an bhfógra seo,
“Is féidir linn na chéad chomharthaí den Earrach a fheiceáil cheana féin ar fud na tíre agus ag Gairdíní Altamont agus is aoibhinn an radharc na plúiríní sneachta a fheiceáil faoi bhláth. Is i rith mhí Feabhra a bhíonn na cineálacha éagsúla plúiríní sneachta le feiceáil ag an suíomh iontach seo. Molaim d’aon duine a thugann cuairt ar an gceantar teacht chun flúirse álainn plúiríní sneachta a fheiceáil agus fáilte a chur roimh theacht an Earraigh”.
In Éirinn, tugtar an gairdín rómánsúil ar Ghairdíní Altamont agus tá sé ar cheann de na gairdíní is fearr in Éirinn agus is minic a thugtar “an tseoid is luachmhaire garraíodóireachta in Éirinn” air. Tá saothrú á dhéanamh ar na gairdíní seo ó na 1750idí. Bhronn Corona North na gairdíní ar an náisiún agus anois tá siad faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Phríomh-Gharraíodóra, Paul Whyte, chomh maith le foireann Oifig na nOibreacha Poiblí in Altamont.
Bíonn na gairdíní ar oscailt gach lá ó 9 r.n. go 4.30 i.n. Tá plásóga áille ag síneadh le fána síos go dtí loch rómánsúil ina bhfuil crainn neamhghnách, róslabhrais, agus toir ina thimpeall. Bíonn turais saor in aisce ar siúl ag 2 i.n. ó Luan go hAoine i rith mhí Feabhra (ní mór coinne a dhéanamh i gcomhair turais do ghrúpaí). Is féidir le cuairteoirí siúlóid iontach a bheith acu tríd an gCrannlann, an Gairdín Mór, agus Gleann na hOighearaoise síos go dtí an tSláine mhaorga agus gheobhaidh siad radhairc iontacha ar shléibhte na Staighrí Dubha agus Sléibhte Chill Mhantáin.
Tugann Mí na bPlúiríní Sneachta deis iontach do dhaoine áilleacht Ghairdíní Altamont a fheiceáil agus teacht an Earraigh a cheiliúradh i suíomh suaimhneach, gleoite. Chun breis eolais a fháil, féach le do thoil, ar the Heritage Ireland website.
Breis eolais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le 046 940 7175 nó seol ríomhphost chuig altamontgarden@opw.ie
Iarratais ar Íomhánna nó chun breis eolais a fháil, déan teagmháil, le do thoil le pressoffice@opw.ie
Lean muid ar Twitter @opwireland
Lean muid ar Facebook @opwireland
Lean muid ar Instagram @opwireland
Lean muid ar Instagram @Office of Public Works
Féile na bPlúiríní Sneachta: 1 go 28 Feabhra 2025
Turais: Luan go hAoine ar a 2 i.n. gach seachtain (Ní mór Coinne a dhéanamh i gcomhair Turais do Ghrúpaí)
Suíomh: Gairdíní Altamont, Cill Bhríde, An Tulach, Co. Cheatharlach R93 N882
Turais Threoraithe – Saor in aisce Táille Páirceála do charranna - €2 do gach feithicil
Uaireanta Oscailte na nGairdíní: 9 r.n. – 4.30 i.n., Gach Lá
Caifé Sugar and Spice (sa Gharraí Daingean) ar oscailt i gcomhair deochanna teo agus cácaí