Fáiltíonn McConalogue roimh chomhaontú maidir le cuótaí éisc do 2025
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara, Charlie McConalogue, TD, roimh an gcomhaontú maidir le cuótaí éisc do 2025 ag Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an AE.
Mar thoradh ar na hidirbheartaíochtaí, a thosaigh Dé Luain agus a chríochnaigh go luath maidin Dé Céadaoin, cuireadh Roghanna na Háige de chuid na hÉireann i bhfeidhm go rathúil ar roinnt príomhstoic. Ina measc sin bhí stoic thábhachtacha iasc geal agus, den chéad uair, Ronnach agus Scadán.
Ag trácht dó, dúirt an tAire:
“Ba é an cuspóir a bhí agam don Chomhairle seo ná cur i bhfeidhm Rogha na Háige maidir le Ronnach agus Scadán a dhaingniú i dteannta na stoc traidisiúnta éisc ghil. Chiallaigh an laghdú 22% ar an nGabháil Iomlán is Incheadaithe do ronnach do 2025 mar aon leis na laghduithe cuótaí faoin TCA go bhfuil cuóta na hÉireann do ronnach ag pointe ina spreagtar rogha na Háige do 2025. Is príomhchuid é seo den chobhsaíocht choibhneasta dá ndéantar foráil faoin gComhbheartas Iascaigh agus beidh sé ríthábhachtach do chabhlach na hÉireann in 2025.”
Tháinig deireadh le hidirbheartaíochtaí an AE leis an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo caite agus thángthas ar chomhaontú páirteach leis an Iorua roimh Chomhairle mhí na Nollag. Chuir sé seo ar chumas GIIanna a bheith socraithe don bhliain iomlán.
Ag breathnú ar an mbliain amach romhainn, dúirt an tAire:
“Roinntear an chuid is mó de stoic éisc thráchtála na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe agus tá cinnteacht ann anois dár n-iascairí agus muid ag dul isteach in 2025 mar gheall ar an gcríoch shásúil sna hidirbheartaíochtaí. Ar an drochuair, tá roinnt stoc, amhail Mangach agus roinnt stoc Éisc ghil na Mara Ceiltí, fós i riocht leochaileach agus tá gá le laghduithe sa chuóta. Leanfaimid ar aghaidh ag obair lenár n-iascairí agus le gníomhaireachtaí na Roinne, Foras na Mara agus BIM, le neartú na stoc a chur chun cinn. Tá áthas orm, áfach, méaduithe a fheiceáil do roinnt stoc amhail Torciasc agus Deilgín Deamhain ó Iarthar na hAlban agus áthas orm freisin athoscailt an iascaigh Bolmáin a fheiceáil mar iascach dírithe an bhliain seo chugainn. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt d'ionadaithe na hEagraíochta Iascaireachta as a rannpháirtíocht i rith na n-idirbheartaíochtaí. Tá ról tábhachtach ag a gcuid oibre le tionscail na mBallstát eile maidir le comhaontuithe maidir le cuótaí a éascú.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Déanann go leor Ballstát agóid láidir i gcoinne chur i bhfeidhm Roghanna na Háige mar go dtagann an cuóta breise d'Éirinn as a leithdháiltí. Tá Éire feasach ar na híogaireachtaí seo, áfach, is gné lárnach dár gcobhsaíocht choibhneasta iad Roghanna na Háige. Cuirfidh na cuótaí breise a gheofar trí Roghanna na Háige a chur i bhfeidhm cobhsaíocht ar fáil dár n-iascairí agus cuideoidh siad le tionchair na laghduithe cuótaí riachtanacha a mhaolú.”