Fáiltíonn McConalogue roimh Chomhaontú Polaitiúil ar an gComhbheartas Talmhaíochta Amach Anseo
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., fáilte roimh an gcomhaontú polaitiúil a rinneadh inniu ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) i ndiaidh 2023.
Ag labhairt i Lucsamburg i ndiaidh an phlé a rinneadh ar maidin i measc Airí Talmhaíochta an AE, dúirt an tAire McConalogue:
“Tá gliondar croí orm gur éirigh le hinstitiúidí an AE ar deireadh thiar comhaontú polaitiúil a dhéanamh ar an CBT amach anseo, i ndiaidh go ndearnadh idirbheartaíocht ar feadh trí bliana. Is ionann an comhaontú seo agus cothromaíocht réasúnta idir dearcthaí na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa - níor bhain ceachtar institiúid an méid a theastaigh uathu amach, agus is ionann seo agus cineál na hidirbheartaíochta agus an chomhghéillte. I ndeireadh na dála, cuireann seo cinnteacht ar fáil dár dteaghlaigh feirme go leanfaidh creat éifeachtach CBT a bheith ar siúl go dtí 2027.”
Dúirt an tAire go bhfuil pointe bainte amach anois ag gach ceann de na trí institiúid, an Coimisiún Eorpach san áireamh, ina gcomhaontaíonn siad ar conas is féidir dul i ngleic leis an dá dhúshlán lena mbaineann a chinntiú go ndáiltear íocaíochtaí idir feirmeoirí go cothrom, agus go mbaintear leibhéal níos airde d’uaillmhian chomhshaoil agus aeráide amach, faoi chreat an CBT. Tá gach gné d’inbhuanaitheacht - inbhuanaitheacht chomhshaoil, gheilleagrach agus shóisialta - ag croílár an chreata anois.
Dúirt an tAire McConalogue:
“D’éirigh linn an tsolúbthacht uasta agus is féidir a fháil chun an CBT a chur i bhfeidhm ar bhealach a oireann dár gcúinsí náisiúnta. Bhí seo ar cheann de mo phríomhspriocanna ón tosach. Mar shampla, maidir leis na Éiciscéimeanna nua, cuireann an comhghéilleadh a baineadh amach maidir le himfhálú a dhéanamh ar 25% de chistiú íocaíochtaí díreacha solúbthacht dhóthanach ar fáil do Bhallstáit chun an baol a sheachaint go gcaillfear cistí nár caitheadh, go háirithe i rith na tréimhse tosaigh foghlama dhá bhliain.”
Dúirt an tAire freisin:
“Ar an gcuma chéanna, maidir leis an tacaíocht a dhíriú agus íocaíochtaí a athdháileadh, cuirim fáilte roimh an maolú do Bhallstáit ón riachtanas éigeantach athdháilte 10% - nó ‘fo-thúsualú’, agus coinbhéirseacht inmheánach a chur san áireamh mar mheicníocht a bhreithneofar i gcomhthéacs údar a thabhairt leis na riachtanais athdháilte a shainaithneoimid inár bPleananna Straitéiseacha CBT. Toradh dearfach freisin é an chaoi go n-aistreoidh coinbhéirseacht inmheánach anois chuig íosleibhéal 85% den mheán náisiúnta faoin mbliain 2026.”
Labhair an tAire McConalogue ar an méid suntasach oibre a theastóidh sna míonna amach romhainn chun Plean Straitéiseach CBT na hÉireann a thabhairt chun críche, ar gá é a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh faoin 1 Eanáir 2022. Dheimhnigh sé go rachaidh sé i gcomhairle go fairsing le páirtithe leasmhara ina leith seo, chun an úsáid is éifeachtaí agus is cothroime a bhaint as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil sa chreat reachtaíochta. Dúirt sé:
“Tabharfaidh mé faoin bpróiseas seo ar bhealach oscailte agus cuiditheach, agus tá súil agus dóchas agam go ndéanfaidh gach páirtí – páirtithe feirmeoireachta, comhshaoil agus eile – amhlaidh. Is eol dúinn go bhfuil dúshláin shuntasacha romhainn, ach is iomaí deis atá ann freisin. Tá orainn an réadúlacht a aithint nach mór d’fheirmeoireacht agus táirgeadh bia ionchais chomhshaoil agus aeráide níos airde a shásamh - ní dá laghad ón margadh agus ó thomhaltóirí - agus tuigimid go mbeidh an earnáil in ann tairbhí a bhaint as aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo.
Mar fhocal scoir, rinne an tAire McConalogue trácht ar an ngá atá leis go dtabharfaidh Ballstáit feirmeoirí leo ar an aistear seo, agus chuir sé in iúl go soiléir go bhfuil na feirmeoirí féin réidh lena bpáirt a ghlacadh. Dúirt sé:
“Tabharfaidh mé margadh seo an CBT a fhad le teaghlaigh feirme na hÉireann. Is leosan an CBT, go mór mór, agus is mian liom go gcuirfear ar an eolas mé ar a n-ionchur. Beidh an dúshlán suntasach roimh mo Roinn a chruthaíonn córais TF agus riaracháin a chumrú chun na córais nua a sholáthar. Ní mór dúinn a chinntiú, de réir mar a dhéanaimid an t-aistear seo le chéile, dar ndóigh, go ndéantar na tacaíochtaí atá ar fáil faoi Cholún 1 agus Colún 2 a dháileadh ar bhealach éifeachtach agus cothrom. Ceapaim go bhfuil na huirlisí ar fáil anois chun amhlaidh a dhéanamh, agus táim ag tnúth leis go mbeimid go léir ag oibriú le chéile sna míonna amach romhainn chun Plean Straitéiseach an CBT a dhearadh atá ceart d’fheirmeoirí Éireannacha, agus a chabhraíonn le todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach - go barainneach, ar bhealach nach ndéanann díobháil don chomhshaol agus go sóisialta - ar mhaithe le talmhaíocht na hÉireann.”
CRÍOCH