Fáiltíonn O’Brien roimh fhigiúirí a léiríonn go bhfuil an soláthar tithíochta ar an leibhéal is airde le deich mbliana anuas
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, roimh na figiúirí nua maidir le líon na dtithe cónaithe a críochnaíodh le linn R4 2022, a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar maidin. Léiríonn na figiúirí sin gur críochnaíodh 29,851 teach cónaithe nua in 2022. Is ionann é sin agus ardú 45.2% ar 2021, bliain inar críochnaíodh 20,560 teach cónaithe. Is é an líon bliantúil is mó riamh é ó chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh tús leis an tsraith sonraí in 2011. Is é 24,600 teach cónaithe nua an sprioc a bhí ag Tithíocht do Chách, plean tithíochta an Rialtais, in 2022.
Críochnaíodh 9,148 teach cónaithe nua in R4 2022, an líon is mó de thithe cónaithe a críochnaíodh riamh in aon ráithe amháin ó cuireadh tús leis an tsraith sonraí.
Agus é ag tagairt ar na figiúirí ar maidin, dúirt an tAire O’Brien:
“Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil méadú ag teacht ar sholáthar agus go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Ní hamháin gur bhain an Rialtas a sprioc iomlán tithíochta amach ach sháraigh sé í don chéad bhliain a raibh Tithíocht do Chách i bhfeidhm lena linn. Ardú meanman is ea é an seachadadh tithíochta is mó le deich mbliana anuas a fheiceáil in ainneoin dúshláin nach rabhthas ag súil leo amhail boilsciú ard ar chostas tógála de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí le soláthar le gur féidir deimhin a dhéanamh de go bhfuil teacht ag daoine ar thithíocht inacmhainne agus go bhfeidhmíonn ár margadh tithíochta ar bhealach níos éifeachtaí.”
Ag cur leis seo, dúirt an tAire O’Brien:
“Cé gur dea-scéala atá againn inniu, tuigeann an Rialtas go gcaithimid leanúint orainn ag cur dlús le soláthar agus tréaniarracht á déanamh againn spriocanna níos airde ná riamh a bhaint amach. Sin é an fáth go bhfuilim féin agus mo chomhghleacaithe Rialtais dírithe go hiomlán ar Tithíocht do Chách a chur i gcrích, ar beartas é ina bhfuil an meascán ceart d'uaillmhian, maoiniú cinnte, athchóiriú, tionscnaimh nua agus seasmhacht beartais chun tacú le tithíocht, idir phríobháideach, shóisialta agus inacmhainne, a sheachadadh. Leanaimid leis an bplean seo a chur i bhfeidhm fad is a bheidh meon oscailte againn i leith bearta nua a thabhairt isteach nuair is gá chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua is ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn.”
Is é 24,600 teach cónaithe an t-aschur réamh-mheasta i dTithíocht do Chách do 2022. Is é 29,000 an t-aschur réamh-mheasta do 2023.