Fáiltíonn an tAire Hackett roimh fhoilsiú Thuarascáil an Choiste um Achomhairc Foraoiseachta 2021
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett roimh fhoilsiú Thuarascáil an Choiste um Achomhairc Foraoiseachta (FAC) 2021. Is é an Coiste um Achomhairc Foraoiseachta an comhlacht neamhspleách achomhairc d'aon duine ar mian leis achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Aire ceadúnas a dheonú le haghaidh plandú foraoiseachta, leagan nó tógáil bóithre foraoiseachta. Chuir Cathaoirleach an FAC, an tUasal Des Johnson, a thuarascáil bhliantúil do 2021 faoi bhráid an Aire.
Dúirt an tAire Hackett
“Ba bhliain shuntasach í 2021 don FAC, mar a tháinig athrú ar a oibriúchán agus laghdú ollmhór ar an riaráiste agus ar na hagaí slánúcháin. Is gné riachtanach den phróiseas cinnteoireachta foraoiseachta in Éirinn é ceart achomhairc a bheith ag saoránach ar bith, dar liom, agus ní mór é sin a bheith ceangailte le próiseas éifeachtach achomhairc atá á sheachadadh go soiléir ag an FAC anois. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh na hachomharcóirí agus na sealbhóirí ceadúnas próiseas achomhairc atá trédhearcach agus cuimsitheach agus go mbraithfidís go bhfuil an próiseas cuí á chur i bhfeidhm go hiomlán agus is mar sin atá an scéal.”
Comhlíonann tuarascáil Chathaoirleach FAC na hoibleagáidí dlíthiúla in Alt 14 (4) den Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001. I measc na bpríomhghnéithe i dtuarascáil an Chathaoirligh bhí:
· In Eanáir 2021 bhí 392 ceadúnas faoi réir achomhairc a tugadh anonn ó na blianta roimhe seo. Rinneadh achomharc ar 107 ceadúnas eile in 2021. Le linn 2021, dúnadh 463 cás, lena n-áirítear ceadúnais gan réiteach a bhí faoi achomharc ó bhlianta roimhe seo. Mar thoradh air sin, glanadh gach achomharc ar riaráiste agus is féidir achomhairc nua a chinneadh go tráthúil:
· Ba ionann an meán-am a glacadh chun achomharc a chinneadh ón dáta éisteachta agus 21 lá.
• In 2020, bhí thart ar 24 ceadúnas á n-éisteacht ag an FAC gach mí. In 2021, d'éist an FAC le hachomhairc i gcoinne 34 ceadúnas ar an meán in aghaidh na míosa
• Tá níos lú ná 30 cás achomhairc oscailte idir lámha ag an gCoiste Achomhairc anois le haghaidh próiseála;
• Gach cinneadh, measúnú agus tuarascáil chomhairleachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an FAC www.agriappeals.gov.ie/forestryappealscommittee/
Dheimhnigh Cathaoirleach an FAC, Des Johnson, don Aire freisin go bhfuil sé ar intinn aige éirí as a bheith ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Achomhairc Foraoiseachta le héifeacht ón 30 Aibreán.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Hackett
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do threoir iontach Des Johnson ar an bpróiseas athraithe seo le 3 bliana anuas agus buíochas a ghabháil leis as a chuid oibre go léir i maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas achomhairc éifeachtach agus freagrúil. Leag an Tuarascáil béim go soiléir ar an dul chun cinn mór a rinne an FAC anuraidh agus tharla sé sin mar gheall ar a mhaoirseacht ar an gCoiste. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na Leas-Chathaoirligh, le baill uile an Choiste agus le foireann na hOifige Achomhairc Talmhaíochta as a gcuidiú leanúnach chun seirbhís achomhairc éifeachtach agus éifeachtúil a chinntiú don earnáil foraoiseachta”.