Fáiltíonn an tAire Hackett roimh Mhaoiniú Taighde ar Roghanna Eile móna sa Ghairneoireacht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh an bhfógra de mhaoiniú €1.69 milliún le haghaidh taighde ar roghanna móna do Ghairneoireacht a éiríonn as Glao Taighde Iomaíoch na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara 2021.
Dúirt an tAire
“Is céim shuntasach é seo chun cuidiú leis an earnáil gairneoireachta aistriú ó mhóin mar mheán fáis go roghanna inbhuanaithe.”
Tá móin anois ina cuid riachtanach i dtáirgeadh plandaí agus beacán sa ghairneoireacht ghairmiúil, mar gheall ar a saintréithe fabhracha fisiciúla, ceimiceacha agus bitheolaíocha. Tá géarghá roghanna eile a bhfuil próifíl chomhshaoil fhabhrach acu a mheas agus a fhorbairt agus toradh agus cáilíocht na mbarr a choinneáil.
Díríonn an tionscadal taighde faoi stiúir Teagasc ‘Beyond Peat’ ar bhith-acmhainní orgánacha agus teicneolaíochtaí núíosacha a úsáid chun athsholáthair móna atá deartha go sonrach agus inbhuanaithe a fhorbairt le haghaidh táirgeadh barr gairneoireachta gairmiúil. Déanfaidh ‘Beyond Peat’ ábhair fáis agus chásála malartacha atá ar fáil faoi láthair a mheas thar chúig phríomh-fhoearnáil gairneoireachta agus forbróidh sé meáin fáis freisin ag baint úsáide as teicneolaíochtaí nua chun dramhaíl orgánach a athrú go hábhair a bhfuil tréithe fisiciúla fabhracha acu maidir le feidhmíocht plandaí agus beacán. I measc na n-institiúidí eile ar fud oileán na hÉireann atá ag comhoibriú ar an tionscadal tá Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Ollscoil Luimnigh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Institiúid Agraibhia & Bitheolaíochtaí agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Dúirt an tAire
“Léiríonn an maoiniú de €1.69 milliún atá á sholáthar don tionscadal seo tiomantas leanúnach mo Roinne roghanna eile seachas móin a fháil mar mheán fáis agus tógfaidh sé ar an taighde atá maoinithe ag an Roinn seo cheana féin. Mholfainn freisin don earnáil gairneoireachta an €9 milliún a úsáid mar mhaoiniú don Scéim um Chúnamh Infheistíochta don Earnáil Gairneoireachta Tráchtála agus iad ag aistriú chuig roghanna móna. Tá tacaíocht airgeadais ar fáil faoin Scéim seo chun cabhrú le saothróirí agus gnóthais trí chúnamh deontais d’infheistíochtaí caipitil i ngléasra agus trealamh speisialaithe lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, chomh maith le glacadh teicneolaíochta a bhaineann go sonrach le táirgeadh gairneoireachta tráchtála, mar iad siúd chun meáin mhalartacha fáis a úsáid."
Tá sonraí iomlána dhámhachtainí Ghlao Taighde Iomaíoch na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara 2021 leagtha amach ag: gov.ie. - Taighde agus Codex (www.gov.ie). Is féidir sonraí na Scéime um Chúnamh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt a fháil ag: gov.ie. - Scéimeanna Gairneoireachta (www.gov.ie)
Nótaí don Eagarthóir:
Eascraíonn an dámhachtain taighde seo as Glao ar Thograí a seoladh faoin gclár maoinithe taighde iomaíoch a oibríonn an Roinn.