Fáiltíonn an tAire Hackett roimh mhéadú ar líon na n-iarratas ar Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, roimh an líon mór iarratas a fuarthas ar scéim na feirmeoireachta orgánaí, scéim a rabhthas ag glacadh le hiarratais lena haghaidh go dtí an Aoine seo caite. Rinne 380 iarrthóir nua iarratas ar scéim, arb ionann é agus méadú beagnach 20% ar líon na n-iarratas a fuarthas ar an Scéim i gcomparáid le 2021. Ciallaíonn sé sin go bhfuil díreach faoi bhun 700 feirmeoir nua tar éis páirt a ghlacadh sa scéim le 12 mhí anuas.
In 2021, bhí feirmeoireacht orgánach á déanamh ar 12,000 ha breise agus táthar ag súil go méadóidh sé seo 17,000 ha eile i mbliana mar thoradh ar an deis a bhí ag feirmeoirí le déanaí iarratas a dhéanamh ar an scéim. Ciallaíonn an 29,000 ha nua seo go bhfuil méadú 35% tagtha ar an limistéar talún a bhfuil feirmeoireacht orgánach á déanamh air le dhá bhliain anuas. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett,
“Cúis áthais dom go bhfuil fonn ar an oiread sin feirmeoirí a bheith páirteach sa scéim i mbliana. Táimid ag cur go suntasach le scéim 2021 agus tá súil agam go mbeidh níos mó feirmeoirí sách muiníneach chun triail a bhaint as an bhfeirmeoireacht orgánach. Cúis dóchais é gur mian le feirmeoirí agus a gcomhairleoirí a bheith páirteach sa scéim seo. Táimid tiomanta do bheith ag obair ar a son agus a chinntiú go bhfuil lántairbhe á baint acu as an scéim”.
Agus bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir:
“Beidh Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí ag fáiltiú roimh iarratais arís i mí Dheireadh Fómhair i mbliana agus mholfainn do gach feirmeoir a bhfuil spéis aige/aici sa scéim freastal ar shiúlóid feirme ar fheirm orgánach i rith an tsamhraidh mar chuid den obair ullmhúcháin a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scéim san fhómhar. Tá comhairle agus eolas ar fáil do gach feirmeoir agus mholfainn do gach feirmeoir measúnú iomlán a dhéanamh ar na deiseanna atá ann agus triail a bhaint as an bhfeirmeoireacht orgánach”.