Fáiltíonn an tAire Heydon roimh feachtas láidir EU Horizon 2020 don agraibhia Éireannach agus guíonn sé tuilleadh ratha ar thaighdeoirí na hÉireann sa chlár nua Horizon Eoraip
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fáiltíonn an tAire Heydon roimh feachtas láidir EU Horizon 2020 don agraibhia Éireannach agus guíonn sé tuilleadh ratha ar thaighdeoirí na hÉireann sa chlár nua Horizon Eoraip
Thréaslaigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., le taighdeoirí Éireannacha ar éirigh leo deontais taighde Horizon 2020 a bhaint amach i réimse leathan an agraibhia i gcaitheamh na 7 mbliana a bhí an clár ag dul ar aghaidh.
Dúirt an tAire
“Anois agus measúnacht déanta ar Ghairm dheiridh Horizon 2020 maidir le taighde agraibhia, tá sé in am dúinn measúnú a dhéanamh ar rath na hÉireann sa chlár cistithe seo agus comhghairdeas a dhéanamh leis na heagraíochtaí a bhí páirteach ann. Cuireann sé áthas orm gur éirigh go han-mhaith le taighdeoirí na tíre seo, le linn na 7 mbliana a bhí Horizon 2020 i bhfeidhm, cisitú a bhaint amach i réimse an agraibhia i gcoitinne. Sular fógraíodh le déanaí torthaí na coda Feirm go Forc den Ghairm Beart Glas, bhí os cionn €104 milliún bronnta ar thaighdeoirí Éireannacha. Is iontach an éacht é seo mar tá sé i bhfad os cionn na sprice íostarraingthe a bhí curtha i leataobh don réimse seo.”
Is í an eagraíocht is iomráití in Éirinn ná Teagasc, a bhí bainteach i 63 tionscadal agus a fuair beagnach €18m – an 6ú méid is airde sa chlár ar fud na hEorpa agus an t-aon eagraíocht Éireannach amháin i measc na 20 cinn is mó ar bronnadh cistiú orthu. Rinne Glanbia, Foras na Mara, Ollscoil Chorcaí, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoile na Gaillimhe ionadaíocht an-mhaith i liosta gradam na hÉireann maidir le líon na dtionscadal ar ghlac siad páirt iontu nó maidir leis an gcistiú a fuarthas. San iomlán, go dtí seo, tá baint ag eagraíochtaí Éireannacha in 175 tionscadal agraibhia éagsúil.
Bhí Gairm um Beart Glas bhreise ann i lár 2020 agus cuireadh tuilleadh cistithe ar fáil don taighde sa réimse Feirm go Forc den Ghairm seo. Ba Ghairm an-iomaíoch í seo mar cuireadh isteach os cionn 260 togra faoin bpáirt Feirm go Forc, agus níor faomhadh ach 7 gcinn díobh seo le haghaidh cistithe.
Dúirt an tAire Heydon
“Cé go raibh an chuid Feirm go Forc den Ghairm Beart Glas thar a bheith iomaíoch, is cúis bhróid dom gur éirigh thar barr arís le heagraíochtaí Éireannacha agus go bhfuil os cionn 5.3% ag dul dóibh den chistiú a leithdháileadh don reimse seo, ar fiú os cionn €3.75 milliún é. I ndáiríre is toradh fíoreisceachtúil é seo agus déanaim comhghairdeas ó chroí leis na hiarratasóirí Éireannacha ar éirigh leo sna tograí rathúla seo, a chabhróidh leis an tionscal agraibhia bheith níos inmharthana. Is léiriú é ar blianta fada d’obair chrua agus ar rath na n-eagraíochtaí seo, agus taispeánann sé go bhfuil in ait mhaith chun cabhrú leis an talmhaíocht agus le córais bhia maidir leis inmharthanacht a bhaint amach.”
Agus é ag tagairt do na deiseanna atá ann do thaighdeoirí agraibhia na hÉireann sa taighde amach anseo, ghuígh an tAire gach rath orthu sa chéad Ghairm de Horizon Eoraip a d’oscail ar 22 Meitheamh agus dúirt sé arís go raibh a Roinn tiomanta pé cúnamh a thabhairt ar féidir léi.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ba é Horizon 2020 an leagan is deireanaí de Chreat Chláir Taighde seanbhunaithe de chuid an AE a chríochnaigh in 2020. Bhí buiséad foriomlán aige de beagnach €80 billiún sna 7 mbliana díreach thart (2014 to 2020) – chomh maith leis an infheistíocht phríobháideach a mheall an t-airgead seo.
Ba é an réimse de Horizon 2020 inar baineadh na torthaí seo amach ná an Dúshlán Sochaíoch 2 – ‘Slándáil bhia, talmhaíocht agus foraoiseacht inmharthana, taighde mara agus uiscí intíre, agus an bithgheilleagar’.
Tá na figiúirí ceart agus é seo á scríobh, 29 Meitheamh 2021, agus tá siad ar fáil go poiblí ag próifíl Tíortha ar dheais Horizon 2020 sa tairseach Cistiú agus Tairiscintí here .
Anois tar éis Horizon 2020 a bheith tagtha chun críche, tá an chéad Chreat cláir 7 mbliana eile i bhfeidhm ar a dtugtar Horizon Eoraip Horizon Europe a thosaigh in 2021. Tá an réimse taighde agraibhia cuimsithe i gCnuasach 6 den chlár “Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Timpeallacht.”