Fáiltíonn an tAire Heydon roimh thiomantas na Roinne don Aeráid agus don Chomhshaol sa bhabhta maoinithe taighde is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thapaigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, TD, an deis aird a tharraingt ar an bhfócas suntasach ar ghníomhaíocht aeráide agus ar an gcomhshaol sa maoiniú taighde is déanaí arna bhronnadh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Ag tagairt don fhógra os cionn €20m i maoiniú taighde don earnáil agraibhia níos luaithe an tseachtain seo, dúirt an tAire Heydon:
“Seolann leithdháileadh 60% den mhaoiniú iomlán taighde do dheich dtionscadal i réimsí taighde aeráide agus comhshaoil a comhartha láidir - is é sin go n-aithníonn an rialtas seo na dúshláin shuntasacha aeráide agus comhshaoil atá os comhair earnáil na talmhaíochta agus tá sé sásta infheistíocht a dhéanamh agus oibriú le páirtithe leasmhara chun réitigh a fháil ar na dúshláin sin”.
Thug an glao tosaíocht freisin do chomhoibriú agus do roinnt eolais chun a chinntiú go gcomhlíonfaimid ár n-uaillmhianta aeráide. Dúirt an tAire Heydon
“Nuair a d’fhógair mé na gradaim taighde níos luaithe an tseachtain seo, ba chúis áthais dom an cur chuige comhoibritheach a glacadh sna tionscadail seo, mar a shamhlaítear sa Straitéis Fís don Bhia 2030, áit a n-oibreoidh taighdeoirí le comhpháirtithe ón tionscal, ón tsochaí shibhialta agus ón rialtas, ag obair mar aonán amháin chun córas agraibhia níos inbhuanaithe a fhorbairt”.
Dúirt an tAire,
“Féachfaidh tionscadal suntasach ar bhearta nua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus doirteal carbóin a mhéadú agus breithneoidh sé freisin conas is féidir na bearta seo a chreidiúnú d’fheirmeoirí a chuireann i bhfeidhm iad (LAB-MACC)”.
Tharraing an tAire aird freisin ar roinnt de na tionscadail eile ar dámhadh maoiniú orthu le déanaí, ag rá
“Tugaim ar aird go bhfuil sé mar aidhm ag an tionscadal ‘PASTURE-NUE’ dul i dteagmháil go díreach le feirmeoirí déiríochta, mairteola agus caorach chun an saibhreas eolais agus taithí a dhíghlasáil is féidir leo a thabhairt chun astaíochtaí nítrigine agus amóinia a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, beidh feirmeoirí i mbun gníomhaíochtaí chun an tábla uisce a athbhunú i dtírdhreacha talmhaíochta sa tionscadal 'REWET', rud a fhéadfaidh feabhas a chur ar bhaint dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar. Tá a fhios againn freisin an tábhacht a bheidh ag foraoiseacht chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach agus creidim go dtabharfaidh an tionscadal ‘ContinuFOR’ léargas úsáideach ar fhoraoiseacht cumhdaigh leanúnach”.
Dúirt an tAire mar fhocal scoir,
“Táim ag tnúth le torthaí na dtionscadal taighde nua seo agus táim muiníneach go dtairgfidh siad cleachtais, teicneolaíochtaí agus seirbhísí nua a rachaidh chun leasa feirmeacha, foraoisí, an chomhshaoil agus ár sochaí. Go ríthábhachtach, cuirfidh siad go mór lenár ngníomhartha agus lenár spriocanna a chomhlíonadh sa Straitéis Fís don Bhia 2030 agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide."