Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh an gceadú ón gComh - aireacht don Bhille chun Oifig nua um Chothroime agus Trédhearcacht a bhunú sa Slabhra Soláthair Agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil Scéim Ghinearálta den Bhille um Shlabhra Soláthair Talmhaíochta agus Bia 2022 ceadaithe ag an gComh-aireacht.
Nuair a achtófar an Bille seo, bunófar Údarás reachtúil neamhspleách nua ar a dtabharfar “an Oifig um Chothroime agus Trédhearcacht sa Slabhra Soláthair Agraibhia.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tuigim go maith an tábhacht atá lena chinntiú go bhfuil cothroime ann sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do sholáthraithe bia eile. Is príomhthosaíocht domsa mar Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus don Rialtas earnáil agraibhia inmharthana agus athléimneach, go háirithe do tháirgeoirí príomhúla. Mheabhraigh imeachtaí le seachtainí beaga anuas leochaileacht shlabhra an tsoláthair agraibhia dúinn go léir, agus tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh a chinntiú go bhfuil guth neamhspleách ann chun prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú sa slabhra sin.
‘Beidh trédhearcacht níos fearr ag baint leis an Oifig nua seo feadh shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Déanfaidh sé é sin trí fheidhm anailíse agus tuairiscithe praghsanna agus margaidh a chomhlíonadh – ag foilsiú tuarascálacha ar phraghsanna agus ar fhaisnéis margaidh maidir le gach earnáil sa slabhra soláthair agraibhia. Rachaidh sí i dteagmháil le miondíoltóirí, próiseálaithe, mórdhíoltóirí, feirmeoirí, iascairí agus daoine eile maidir le cúrsaí a bhfuil cothroime agus trédhearcacht á gcur i bhfeidhm acu sa slabhra soláthair agraibhia. Ina theannta sin, beidh an Oifig, mar Údarás ainmnithe an Stáit chun Cleachtais Trádála Éagóracha a Fhorfheidhmiú, freagrach as a chinntiú nach gcuireann ceannaitheoirí sa slabhra soláthair agraibhia cleachtais éagóracha i bhfeidhm ina gcaidreamh gnólacht le gnólacht le soláthróirí."
Dúirt an tAire McConalogue:
“Beidh an Oifig nua ina crann taca d'fheirmeoirí agus d'iascairí agus do ghnólachtaí beaga eile bia i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia chun cabhrú leo a stádas a fheabhsú agus trédhearcacht agus cothroime níos fearr a bhaint amach feadh an tslabhra soláthair.
Aithním an tacaíocht a léiríonn mo chomhghleacaithe Comh-aireachta do Scéim Ghinearálta an Bhille seo. Is céim thábhachtach í seo chun tiomantas an Chláir Rialtais a chomhlíonadh chun cothroime, cothromas agus trédhearcacht níos fearr a thabhairt do shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia agus táim an-sásta go bhfuil an deis agam anois a bheith in ann na modhanna a sheachadadh chun cabhrú leis an sprioc sin a bhaint amach."
Nótaí d'Eagarthóirí
Nuair a achtófar scéim ghinearálta an Bhille, bunófar Údarás reachtúil neamhspleách nua ar a dtabharfar “an Oifig um Chothroime agus Trédhearcacht sa Slabhra Soláthair Agraibhia.”
Beidh sé mar chuspóir ag an Oifig nua prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia a chur chun cinn, agus déanfaidh sí é sin ar dhá bhealach:
• trí anailís praghsanna/margaidh agus feidhm tuairiscithe a dhéanamh. D'iarr an Coimisiún Eorpach ar na Ballstáit trédhearcacht an mhargaidh talmhaíochta agus bia a fheabhsú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar bhailiú na sonraí staidrimh is gá chun anailís a dhéanamh ar shásraí foirmithe praghsanna feadh shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia. Féachfaidh an Oifig nua le breis trédhearcachta a thabhairt do shlabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia trí anailís mhargaidh a dhéanamh ar shonraí an tslabhra soláthair talmhaíochta agus bia atá ar fáil go poiblí agus trí thuarascálacha a sholáthar a chuirfear ar fáil do pháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne.
• Beidh an Oifig nua freagrach as a chinntiú go gcloítear le cothroime i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia trí bheith mar údarás forfheidhmithe ainmnithe ag an Stát chun na rialacha maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia a fhorfheidhmiú.
Foráiltear leis an mBille go dtabharfaidh an tAire muirir isteach le haghaidh gearán agus tobhach ar an tionscal.
Ní dhéileálann an Bille le caidrimh ghnó le tomhaltóirí: déileálann sé le caidrimh ghnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia.
Foráiltear leis an mBille go mbeidh an Oifig nua faoi stiúir Bhoird agus go mbeidh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin aici.
Maidir leis an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha, atá á forfheidhmiú faoi láthair ag an Údarás eatramhach um Fhorfheidhmiú UTP sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tá sé i gceist ag an Aire McConalogue an UTP reatha a aisghairm agus na forálacha cumasúcháin sa Bhille a úsáid chun foráil a dhéanamh maidir le freagracht as feidhmeanna forfheidhmithe UTP a aistriú óna Roinn go dtí sainchúram na hOifige nua. Meastar go dtarlóidh sé seo tráth thosach feidhme an Achta.
Tá Scéim Ghinearálta an Bhille foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/en/publication/bd7d3-general-scheme-of-the-agricultural-and-food-supply-chain-bill-2022/
CRÍOCH