Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh chéim thábhachtach i dtreo margadh SAM a oscailt d’easpórtálacha caoireola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu roimh fhógairt gur baineadh an toirmeasc a cuireadh i bhfeidhm i SAM ar easpórtálacha caoireola ón AE.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is ionann an fhógairt seo agus bacainn mhór a bhaint roimh theacht ar mhargadh SAM. Baineann an-tábhacht leis an bhforbairt seo agus réitíonn sé an bealach chun teacht iomlán a fháil ar an margadh do chaoireoil na hÉireann. D’oibrigh mo Roinn, i gcomhoibriú le hAmbasáid na hÉireann in Washington, go dian dícheallach le roinnt blianta anuas lena chinntiú gur baineadh an toirmeasc. Déanfaimid idirchaidreamh le húdaráis SAM maidir leis na chéad chéimeanna eile a fhaide le teacht iomlán a bhaint amach agus a chinntiú go mbeifear in ann easpórtálacha caoireola na hÉireann go dtí an margadh luachmhar seo a thosú a luaithe agus is féidir. Aitheantas tábhachtach é seo ar an obair dhian a dhéanann ár bhfeirmeoirí caorach chun táirge den chéad scoth a tháirgeadh.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Margaí Nua, Martin Heydon, T.D.:
“Tar éis casadh le déanaí le toscaireacht ó Roinn Talmhaíochta na Stáit Aontaithe (USDA), dea-nuacht é an teacht seo atá ar an margadh do chaoireoil dár n-earnáil chaorach. Chun ullmhú don chéim seo, agus lena chinntiú go raibh ar shárchumas na hÉireann leas a bhaint as an deis seo ar bhealach tráthúil, chuaigh mo Roinn i mbun roinnt gníomhartha tábhachtacha, i gcomhar leis an mBord Bia agus leis an tionscal, le roinnt blianta anuas”.
I measc na bpríomhbheart, bhí:
• Thug Údarás Inniúil SAM faoi iniúchadh ar an láthair in 2017 ar chóras cigireachta feola na hÉireann, caoireoil san áireamh.
• Cuireadh tuarascáil an iniúchta sin i gcrích i mBealtaine 2018 agus tugadh faoi phlé mionsonraithe ina dhiaidh sin i dtreo coibhéis a bhaint amach do chóras cigireachta caoireola na hÉireann.
• Chuir Údarás Inniúil SAM an RTBM ar an eolas in Aibreán 2019 go raibh coibhéis chóras cigireachta caoireola na hÉireann á chur ar bun aige athuair.
Leanadh ag díriú ar phríomhthábhacht na saincheiste seo freisin ag cruinniú ar leibhéal Aire agus oifigiúil araon ar ar fhreastail an dá mhisean trádála go dtí SAM agus cuairteanna isteach go hÉirinn, agus trí Ambasáid na hÉireann in Washington.
Nótaí d’Eagarthóirí:
1. Táirge nideoige i SAM í caoireoil arb ionann é agus céatadán beag, ach céatadán atá ag dul i méid, mar sin féin, den ídiú iomlán feola.
2. Tá ídiú ag dul i méid idir 2 agus 3% gach bliain ar feadh roinnt blianta, agus bhain sé 194,000 tonna (coibhéis mheáchain conablaigh) in 2020, agus b’ionann táirgeadh caoireola i SAM agus thart ar 63,000 tonna (coibhéis mheáchain conablaigh) in 2020.
3. Tá iompórtálacha iomlána bliantúla caoireola méadaithe aníos ó 75,000 tonna in 2010 go meáchan measta 134,000 tonna in 2020 agus tá súil leis go leanfaidh an heaspórtálacha seo ar bun a fhaide le 2025.
4. Is í an Astráil, an soláthraí is mó don mhargadh domhanda, an mórsholáthraí uaineola do SAM agus is ionann a cuid feola agus 76% de na hiompórtálacha. Agus ón Nua-Shéalainn, arb ionann a scair de na hiompórtálacha agus 23% eile de na hiompórtálacha iomlána, an dara tír is mó ó thaobh iompórtálacha.
CRÍOCH