Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh dheireadh a chur leis an limistéar faireachais don Fhliú Éanúil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue inniu go gcuirfear deireadh leis an Limistéar Faireachais um Fhliú Éanúil An-Phataigineach (HPAI H5N1) atá fágtha ón Déardaoin 22ú Nollaig.
Tá an limistéar suite i gContae Mhuineacháin agus tá ceantar beag i dTuaisceart Éireann san áireamh freisin.
Dúirt an tAire:
“Tréimhse thar a bheith dúshlánach agus imníoch a bhí ann d’fheirmeoirí éanlaithe clóis ar fud na tíre ach d’fhreagair siad go sármhaith maidir le bagairt an fhliú éanúil (AI). Bhí siad freagrach agus praiticiúil agus iad ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin ollmhóra. Tá sé thar a bheith deacair AI a choinneáil amach as na healtaí ach d’oibrigh an tionscal ar fad le chéile chun sláine na hearnála a chosaint. Tréasláim le gach duine idir fheirmeoirí, phróiseálaithe, tréidlianna agus m’oifigigh féin don obair ollmhór atá déanta acu. Cé gur riosca leanúnach é an AI, tá súil agam gur féidir linn a bheith ag tnúth le tréimhse níos gile don earnáil amach anseo.”
Cé go gcuirtear fáilte mhór roimh dheireadh a chur leis na srianta gluaiseachta ar éanlaith chlóis laistigh den limistéar, leagann an Roinn béim láidir go bhfuil an tír fós sa tréimhse ardriosca maidir le Fliú Éanúil (AI) agus go bhfanfaidh sí amhlaidh go dtí deireadh mhí Aibreáin ar a laghad. Tá básanna éan fiáin fós á dtuairisciú agus tá éin fhiáine fós ag fáil tástálacha dearfacha maidir le AI ar fud na tíre.
Fanfaidh na bearta réamhchúraim bithshlándála agus coinneála a thug an Roinn isteach i mí Mhéan Fómhair agus i mí na Samhna 2022, faoi seach, faoi Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013, chun an tionscal éanlaithe clóis a chosaint, i bhfeidhm. Áirítear orthu sin an ceanglas maidir le gach éanlaith chlóis nó éan gafa a choinneáil ionas nach bhfuil rochtain ag éin fhiáine agus ainmhithe eile orthu agus bearta diana bithshlándála a chur i bhfeidhm d’éanlaith chlóis agus d’éin ghafa eile.
Tá dianbhithshlándáil, lena n-áirítear éin a choinneáil, ríthábhachtach chun an baol ó leathadh galair a mhaolú agus chun ealtaí éanlaithe clóis a chosaint ar fud an oileáin. Iarrtar ar gach coimeádaí éanlaithe clóis leanúint de na caighdeáin bithshlándála is airde a choinneáil chun a n-ealtaí a chosaint agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú dá n-oifig tréidliachta réigiúnach áitiúil.
Tá tuilleadh eolais ar Fhliú Éanúil lena n-áirítear comhairle bhithshlándála ar fáil ag an nasc seo: Avian influenza (bird flu).