Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh dhul chun cinn maidir le Frithsheasmhacht in Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach i measc ainmhithe agus na timpeallachta feirme
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Talmhaíochta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., Tuarascáil an Choiste um Chur i bhFeidhm Sláinte Ainmhithe (AHIC) iNAP a sheoladh, ina dtugtar cuntas ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo i dtaobh na gníomhartha a chuimsítear i gcéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar 2017-2020 (iNAP) a sholáthar san earnáil sláinte ainmhithe agus comhshaoil.
Dúirt an tAire agus an tuarascáil á seoladh aige:
“Tugtar chun solais sa tuarascáil seo an dul chun cinn mór a rinneadh in Éirinn le trí bliana anuas chun dul i ngleic le forbairt agus scaipeadh na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (FFM), go háirithe i limistéar na sláinte ainmhithe agus ár dtimpeallachta comhroinnte. Léirigh na baill uile den Choiste Sláinte Ainmhithe réamhghníomhach agus ceannaireacht réamhghníomhach, chomh maith le toilteanas oibriú ar bhealach comhoibritheach chun an iomaí gníomh a sholáthar a cuireadh san áireamh sa chéad phlean gníomhaíochta seo.”
Dúirt sé freisin
“Bhain buntábhacht le bunú an Choiste um Chur i bhFeidhm Sláinte Ainmhithe iNAP in 2018 i dtaobh iarrachtaí ildisciplíneacha comhoibritheacha a éascú i measc príomhpháirtithe leasmhara sna hearnálacha sláinte ainmhithe agus comhshaoil. Molaim an treallús agus an tiomantas a léiríodh agus na gníomhartha Sláinte Ainmhithe á dtabhairt chun cinn a dtugtar cuntas orthu sa tuarascáil seo. Tagann na prionsabail agus na gníomhartha a chuimsítear sa phlean gníomhaíochta seo go mór le roinnt beartas na Roinne, Náisiúnta Bithshlándáil na hÉireann, Straitéis Náisiúnta Leasa Ainmhithe na hÉireann agus an Straitéis Náisiúnta um Shláinte Ainmhithe Feirmshaothraithe ina measc, agus is é ceann dá príomhphrionsabail chumasaithe ‘Is Fearr Cosc ná Leigheas’”.
Dúirt an tAire freisin,
“Cruthaíonn scaipeadh FFM ceann de dhúshláin sláinte poiblí dhomhanda is mó ár linne – agus eascraíonn costais mhéadaithe chúraim sláinte, iontrálacha méadaithe ospidéil, teip ar chóireáil, breoiteacht throm agus bás as. Léirigh an phaindéim dhomhanda reatha ár mbrath ar fháil a bheith ar roghanna éifeachtacha cóireálacha galair. Tá forbairt agus scaipeadh FFM go domhanda á brostú ag an mí-úsáid agus an úsáid iomarcadh a bhaintear as frithmhiocróbaigh i sláinte daoine agus ainmhithe.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Chuir ár gcéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta ardán an-rathúil ar fáil ar ar féidir beartais agus gníomhartha a chur i bhfeidhm chun FFM a chosc agus a chomhrac agus monatóireacht a dhéanamh air i measc na n-earnálacha sláinte, talmhaíochta agus comhshaoil trí úsáid a bhaint as cur chuige One Health. Measann an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go mbaineann ríthábhacht le cur chuige chomh comhordaithe sin i dtaobh an tsaincheist chasta seo a chomhrac. Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh agus ar na gníomhartha a soláthraíodh, a sholáthraíonn bunchloch dhaingean ónar féidir leanúint ag tabhairt faoinár uaillmhian a bhaint amach chun dul i ngleic le FFM. Feabhsaíonn gníomhartha comhoibritheacha na torthaí sláinte agus folláine ar fheirmeacha Éireannacha i measc teaghlaigh feirme agus baineann ríthábhacht leo i dtaobh sláinte leanúnach ár sochaí agus ár ngeilleagair.”
Tá obair ar bun faoi láthair chun an chéad leagan eile de Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um FFM na hÉireann (2021-2025) a chur i gcrích a sheolfar níos déanaí i mbliana.
Nótaí d’Eagarthóirí
Cad é FFM?
Is é frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (FFM) an fhrithsheasmhacht atá ag miocrorgánach in aghaidh drugaí a bhí éifeachtach i dtosach chun cóir a chur ar ionfhabhtuithe ba chúis le miocrorgánach. Is féidir le miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (baictéir, fungais, víris agus seadáin ina measc) ábalta seasamh in aghaidh ionsaí ag drugaí frithmhiocróbacha, cosúil le drugaí frithbhaictéaracha (e.g., antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, frithvíreasacha, agus frithmhaláireacha, agus éiríonn cóireálacha caighdeánacha neamhéifeachtach dá bharr agus leanann na hionfhabhtuithe a bheith ann, agus méadaíonn seo an baol go scaipfear iad ar dhaoine/ainmhithe eile.
Feiniméan nádúrtha é go dtagann tréithchineálacha frithsheasmhacha chun cinn, a tharlaíonn nuair a dhéanann miocrorgánaigh iad féin a aithris go hearráideach nó nuair a mhalartaítear tréithe frithsheasmhacha eatarthu. Brostaíonn úsáid agus mí-úsáid a bhaint as drugaí frithmhiocróbacha teacht chun cinn tréithchineálacha atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí. Spreagann droch-chleachtais rialaithe ionfhabhtuithe, dálaí neamhleora sláintíochta agus láimhseáil mhíchuí bia scaipeadh breise FFM.
Cén éifeacht atá ag FFM?
Measadh in 2007 i dTuarascáil de chuid an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú/na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (ECDC/EMEA) 2009 gur bhaictéir a bhí frithsheasmhach in aghaidh drugaí ba chúis le thart ar 25,000 bás i measc daoine sa bhliain san AE amháin, agus gur bhain costais chúraim sláinte agus caillteanais táirgiúlachta €1.5 billiún leis seo. Luadh sa Tuarascáil chomh maith go meastar go dtagann ionfhabhtú a bhaineann le cúram sláinte ar thart ar 4 milliún othar san AE gach bliain. (COMHTHUARASCÁIL THEICNIÚIL AN LEGC 'The Bacterial Challenge: time to react' (2009)).
Cad a chiallaíonn ‘One Health’?
Straitéis dhomhanda é coincheap ‘One Health' chun comhoibriú agus cumarsáid idirdhisciplíneach a fhairsingiú i ngach gné de chúram sláinte do dhaoine, ainmhithe agus an timpeallacht. Aithnítear go bhfuil sláinte daoine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais fite fuaite ina chéile agus lorgaíonn ‘One Health’ sláinte agus folláine na speiceas uile a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí fheabhas a chur ar chomhoibriú agus comhar idir lianna, tréidlianna, gairmithe sláinte agus comhshaoil eolaíochta eile agus trí láidreachtaí i gceannaireacht agus i mbainistíocht a chur chun cinn chun na spriocanna seo a bhaint amach.
Tá comhdhearcadh idirnáisiúnta ann trí Thionscnamh ‘One Health’ ar sínitheoirí leis iad an EDS (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte), an EBT (an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta) agus an OIE (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte um Shláinte Ainmhithe), go dteastaíonn gníomh chun an bhagairt sláinte dhomhanda a chomhrac i measc na n-earnálacha sláinte ainmhithe agus shláinte an duine, na talmhaíochta agus na timpeallachta níos fairsinge.
Baineann riachtanas le comhchuibhiú ilearnála straitéisí agus beart chun dul i ngleic le dúshlán FFM ar leibhéal náisiúnta domhanda, réigiúnach agus náisiúnta. Rinneadh comhoibriú domhanda idirearnálach ó 2010, leis an Eagraíocht Domhanda um Shláinte Ainmhithe (an EDSA), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (an EDS) agus le hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (an EBT) a bhunaigh gníomhartha trípháirteacha chun straitéisí a chomhordú lena chinntiú go leanann frithmhiocróbaigh de bheith éifeachtúil, agus go n-úsáidtear go freagrach iad. Sínitheoirí iad na gníomhaireachtaí seo le tionscnamh domhanda ‘One Health’.
Chuir an Coimisiún Eorpach cur chuige iomlánaíoch agus ilearnála chun cinn freisin ina raibh baint ag go leor grúpaí, cosúil leis na hearnálacha seo a leanas: sláinte phoiblí, sábháilteacht bhia, sláinte agus leas ainmhithe, taighde agus nuálaíocht, bithshábháilteacht agus an timpeallacht. D’fhorbair an AE a Straitéis Comhphobail in aghaidh FFM ar leibhéal Comhairle agus Parlaiminte araon agus aird ar choincheap ‘One Health’.
Ar leibhéal náisiúnta, bhunaigh Príomhoifigeach Leighis (an POL) agus Príomhoifigeach Tréidliachta (an POT) na Roinne Sláinte agus na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairliúcháin Idir-Roinne Náisiúnta um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach in 2014 mar chuid den tionscnamh ‘One Health’, agus chun cur chuige náisiúnta iomlánaíoch a chur chun cinn i dtaobh oibriú as lámh a chéile lena chinntiú go mbíonn antaibheathaigh éifeachtacha ar fáil i gcónaí amach anseo.
Déanann an POL agus an POT comhchathaoirleacht ar an gCoiste agus tá ról agus sainordú soiléir aige i measc na n-earnálacha daonna agus sláinte ainmhithe. Is éard atá i mballraíocht an Choiste ionadaithe an dá Roinne, gníomhaireachtaí ábhartha FSS, an GCC, an ÚRTS, ÚSBÉ agus grúpálacha eile príomhpháirtithe leasmhara sna hearnálacha sláinte daonna agus ainmhithe.
Cad é Plean Gníomhaíochta 2015 na hEagraíochta Domhanda Sláinte (an EDS)?
Rinne toscairí ag an gComhthionól Domhanda Sláinte plean gníomhaíochta domhanda a cheadú i mBealtaine 2015 chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathaigh san áireamh, a chomhrac, agus is é seo an treocht frithsheasmhachta in aghaidh drugaí is práinní.
Leagtar 5 Chuspóir Straitéiseacha amach sa phlean:
1. Feasacht agus tuiscint ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú;
2. Faireachas agus taighde a neartú;
3. Leitheadúlacht an ionfhabhtaithe a laghdú;
4. An úsáid a bhaintear as cógais fhrithmhiocróbacha a bharrfheabhsú;
5. A chinntiú go ndéantar infheistíocht inbhuanaithe i bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chomhrac.
D’iarr an EDS ar bhalltíortha a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta féin ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fhorbairt ar aon dul leis an bPlean Gníomhaíochta Domhanda.
Cad iad na forbairtí eile ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le FFM?
Ghlac an Chomhairle Eorpach i Meitheamh 2016 le sraith tátal le FFM i dar teideal ‘Na chéad chéimeanna eile faoi chur chuige ‘One Health’ chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chomhrac’ (‘The next steps under a ‘One Health’ approach to combat antimicrobial resistance’). D’iarr an Chomhairle ar Bhallstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt ar aon dul le Plean Gníomhaíochta an EDS.
Ghlac Comhthionól Ginearálta na NA i Meán Fómhair 2016 le Dearbhú Polaitiúil ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar Frithmhiocróbach a d’athdhearbhaigh gurb é Plean Gníomhaíochta Domhanda um FFM an EDS agus a chúig chuspóir straitéiseacha uileghabhálacha an treoirphlean chun FFM a chomhrac. Dhearbhaigh an Comhthionól Ginearálta arís eile gealltanais tíortha chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chur i dtoll a chéile bunaithe ar na cúig chuspóir straitéiseacha i bPlean Gníomhaíochta an EDS.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a dara plean gníomhaíochta FFM i Meitheamh 2017 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach One Health ar Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (FFM)'. Cuireann an dara plean gníomhaíochta seo leis an ngealltanas polaitiúil agus na gníomhartha a baineadh amach trí chéad phlean gníomhaíochta an AE (2011-2016). Is é sprioc uileghabhálach an phlean nua éifeachtúlacht frithmhiocróbach a chaomhnú chun go leanann siad de bheith ina roghanna éifeachtacha cóireála galair do dhaoine agus d’ainmhithe amach anseo. Tugtar cuntas sa phlean ar réimse gníomhaíochtaí faoi na trí theideal straitéiseacha seo a leanas:
1. Réigiún dea-chleachtais a dhéanamh den AE
2. Taighde, forbairt agus nuálaíocht a neartú chun rialú níos fearr a dhéanamh ar scaipeadh FFM
3. Neartú ról an AE i lár an aonaigh dhomhanda chun gníomhartha a chur chun cinn chun dul i ngleic le FFM i gcomhthéacs chur chuige ‘One Health’
4.
Cuirtear 'creat do ghníomh leanúnach, comhtháiteach agus níos forleithne chun FFM a chomhrac'.
Is é iNAP freagairt na hÉireann do ghairmeacha idirnáisiúnta ar phlean gníomhaíochta ilearnála chun FFM a chomhrac. Tá Éire go hiomlán tiomanta do agus ag tabhairt faoi dhul i ngleic leis an bhfadhb a chruthaíonn FFM. Leanfaimid ag comhoibriú ar leibhéal idirnáisiúnta, AE agus náisiúnta chuige seo.
Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann maidir le Frithsheasmhacht in Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017-2020 ar fáil ag:
Leathanach gréasáin FFM na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag:
CRÍOCH