Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh Leabhar Stoc Éisc Fhoras na Mara 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, cuairt ar Fhoras na Mara i nGaillimh inniu agus fuair sé Leabhar Stoc Éisc 2022 bliantúil Fhoras na Mara. Tugann an foilseachán bliantúil mionsonraithe seo an chomhairle eolaíoch neamhchlaonta is déanaí maidir le stádas 75 stoc éisc atá ina n-ábhar spéise d'Éirinn.
Dúirt an tAire Charlie McConalogue,
"Tá ríméad orm cuairt a thabhairt ar Fhoras na Mara inniu agus Leabhar Stoc Éisc 2022 a fháil. Cuireann sé seo faisnéis riachtanach ar fáil a dhéanann athbhreithniú ar staid na stoc éisc in 2022 agus cuireann sé comhairle bainistíochta ar fáil maidir le cuótaí a shocrú do 2023. Tá áthas orm go gcinntíonn an obair atá déanta ag eolaithe Fhoras na Mara, a chuireann le hobair na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), go bhfuil na cinntí atá á ndéanamh againn ag Comhairle Iascach na Nollag agus i gcaibidlíocht le Tríú Tíortha, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, bunaithe ar shonraí ardchaighdeáin a bailíodh le bliain anuas agus ar chomhairle a rinneadh a mheas agus a fhíorú. Tá sé tábhachtach go gcuirfear an chomhairle agus an eolaíocht atá mar bhonn agus taca leis an gcomhairle sin ar fáil don tionscal agus do pháirtithe leasmhara eile tríd an Leabhar Stoc Éisc a fhoilsiú go bliantúil.”
Dúirt an tAire.
“Léiríonn Leabhar Stoic 2022 méadú céimseach leanúnach ar líon na stoc iascach inbhuanaithe. Leis an dul chun cinn sin, cinntítear go bhfuil ár mbeartas ag leibhéal náisiúnta agus AE ag déanamh dul chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht a sheachadadh. Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar stoic na gcadóg, na láimhíneach, na scioltán, na dtuinníní agus roinnt stoc cloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath agus táthar ag leanúint le hiascaireacht inbhuanaithe a dhéanamh orthu. Tá roinnt stoc ann ar nós trosc, scadán agus faoitín a bhfuil ró - iascaireacht déanta orthu agus leanfaidh obair ar aghaidh ag leagan síos bearta bainistíochta a thacóidh le hatógáil na stoc tábhachtach seo."
Is é seo an 30ú heagrán den leabhar bliantúil, ina bhfuil an chomhairle bainistíochta is déanaí a úsáideann lucht déanta cinntí chun leibhéil inbhuanaithe gabhála agus cuótaí iascaireachta a shocrú do 2023. Is treoir thagartha luachmhar é an foilseachán do phobal leathan, lena n-áirítear foireann idirbheartaithe an Aire, tionscal na hiascaireachta, eolaithe mara, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus institiúidí tríú leibhéal.
In 2021, thug soithí na hÉireann thart ar 182,000 tona iasc fiáin a gabhadh arbh fhiú níos mó ná €265 milliún iad ag an gcéad díolachán. Tacaíonn sé seo, ina dhiaidh sin, le tionscal próiseála luachmhar agus le gníomhaíochtaí eile inár bpobail chósta.
Príomhchuspóir de bhainistíocht inbhuanaithe ar stoc éisc faoin gComhbheartas Iascaigh is ea inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú. Chuige sin, gach bliain, tugann Foras na Mara faoi chlár bailithe sonraí ar shuirbhéanna iomadúla eolaíocha iascaigh, ag taisteal thart ar 23,776 míle farraige thar 200 lá, cothrom le 2,030 lá eolaí ar muir ar árthaigh taighde mara na hÉireann.
Tomhaiseann cláir samplála ar tír agus ar muir níos mó ná leathmhilliún iasc agus measann siad aois do 56,000 iasc aonair eile ar fud na speiceas tráchtála go léir. Cuirtear sonraí Éireannacha le chéile le sonraí ó thíortha eile tríd an eagraíocht idir-rialtasach ICES. Tá ról lárnach ag eolaithe Fhoras na Mara i gcur i gcrích na measúnuithe agus i bhforbairt na fianaise agus na comhairle eolaíche ag ICES. Déanann Leabhar na Stoc an chomhairle eolaíoch is déanaí ó ICES a chomhtháthú le faisnéis ábhartha maidir le hiascaigh na hÉireann.
Dúirt an Dr Paul Connolly, POF Fhoras na Mara,
"Tá an chomhairle agus na seirbhísí eolaíocha a chuireann ár n-eolaithe ar fáil do pháirtithe leasmhara ríthábhachtach chun tacú le geilleagar inbhuanaithe aigéan, chun ár n-éiceachórais mhuirí a chosaint agus a bhainistiú agus chun oibleagáidí an AE a chomhlíonadh. Glacann ár n-eolaithe páirt i ngrúpaí oibre idirnáisiúnta a dhéanann measúnú ar stoic éisc agus a sholáthraíonn comhairle eolaíoch neamhspleách maidir le cé mhéad iasc is féidir a bhaint go sábháilte ón acmhainn in-athnuaite seo. Tá an obair seo riachtanach chun geilleagar aigéan a chothú dár bpobail chósta."
Dúirt an Dr Ciaran Kelly, Stiúrthóir na Seirbhísí Comhairleacha um Éiceachóras Iascaigh ag Foras na Mara,
"Le teacht árthach taighde nua na hÉireann, an RV Tom Crean i mbliana, cuirtear ardán úrscothach ar fáil dúinn chun tabhairt faoi mheasúnuithe iascaigh in uiscí na hÉireann. Cuireann an RV Tom Crean agus an RV Celtic Explorer ar chumas ár n-eolaithe an fhianaise eolaíoch is fearr a bhailiú chun bonn eolais a chur faoi chinntí tábhachtacha maidir le bainistiú iascaigh, agus inbhuanaitheacht aigéan."
Tá Leabhar Stoc 2022 ar fáil go leictreonach ar láithreán gréasáin Fhoras na Mara agus mar an interactive online application. Maoinítear an chuid is mó den obair eolaíoch a dhéanann Leabhar Stoc Fhoras na Mara faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF).
Bronnadh an Leabhar Stoc ar an Aire McConalogue le linn a chuairte ar an bhForas, áit ar tugadh sraith seisiún faisnéise agus taispeántas dó ar obair thábhachtach an Fhorais, lena n-áirítear: Léarscáiliú Ghrinneall na Farraige – INFOMAR (Porcupine) nasctha leis an Suirbhé Faoi Uisce Teilifíse Chloicheáin, Suirbhéanna an Chreata um Bailiú Sonraí (DCF) - Forbhreathnú ar chlár suirbhé DCF agus spotsolas ar roinnt de na príomhshuirbhéanna a bhain leis, Breathnuithe Aigéin, Aeráid agus Bithéagsúlacht – Comhairle Iascaigh (Measúnú agus comhairle atá ag athrú maidir le hiascach sliogéisc). Cláir Faireacháin Sábháilteachta Bia Mara (Saotharlann Fíteaplanctón) agus Seirbhísí don Rialtas a bhaineann le gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a rialú.
Ceannscríbhinn:
C-D
An Dr. Ciaran Kelly, Stiúrthóir na Seirbhísí Comhairleacha um Éiceachóras Iascaigh, Foras na Mara
Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
An Dr. Paul Connolly, POF, Foras na Mara
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sheila Byrnes e. sheila.byrnes@marine.ie m. +353 (0)87 815 5271
Sinéad Coyne e. sinead.coyne@marine.ie m. +353 (0) 87 947 7090
Preasoifig DAFM e. press@agriculture.gov.ie m. +353 (0)1 607 2802
Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as taighde mara, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht in Éirinn. Soláthraíonn sé raon seirbhísí eolaíochta, comhairleacha agus forbartha eacnamaíochta don rialtas, do ghníomhaireachtaí poiblí agus don tionscal muirí a threoraíonn ceapadh beartais, rialáil agus bainistíocht agus fás inbhuanaithe acmhainní mara na hÉireann. Baile | Foras na Mara
Is eagraíocht idir-rialtasach í ICES a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici an t-eolas eolaíoch ar an muirthimpeallacht agus a hacmhainní beo a mhéadú, agus an t-eolas sin a úsáid chun comhairle neamhchlaonta, neamhpholaitiúil a chur ar fáil d'údaráis inniúla. Breithníonn eolaíocht agus comhairle ICES an chaoi a dtéann gníomhaíochtaí daonna i bhfeidhm ar éiceachórais mhuirí agus an tionchar a bhíonn ag éiceachórais ar ghníomhaíochtaí daonna. Ar an mbealach sin, cinntíonn ICES go mbeidh rochtain ag cinnteoirí ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil chun roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le húsáid inbhuanaithe na timpeallachta muirí agus na n-éiceachóras.
An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF)
Maireann EMFAF ó 2021 go 2027 agus tacaíonn sé le comhbheartas iascaigh an AE (CFP), le beartas muirí an AE agus le clár oibre an AE maidir le rialachas idirnáisiúnta aigéan. Cuireann sé tacaíocht ar fáil chun tionscadail nuálacha a fhorbairt a chinntíonn go n-úsáidtear acmhainní uisceacha agus muirí go hinbhuanaithe. Mar ghníomhaí domhanda aigéan agus mar tháirgeoir mór bia mara, tá freagracht ar an AE na haigéin agus na hacmhainní atá iontu a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe. Is chun leas socheacnamaíoch an AE freisin é infhaighteacht soláthairtí bia, iomaíochas an gheilleagair mhuirí agus slí bheatha na bpobal cósta a ráthú.