Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh thuairisc ar obair an Tascfhórsa Mairteola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. tuarascáil inniu ar obair an Tascfhórsa Mairteola a chuir an Cathaoirleach Neamhspleách Michael Dowling faoina bhráid.
Sonraíonn an tuarascáil an dul chun cinn atá déanta ag an Tascfhórsa Mairteola maidir lena shainchúram monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha faoi chomhaontú Mheán Fómhair 2019 a chomhlíonadh.
(Tuarascáil an Tascfhórsa Mairteola-https://assets.gov.ie/205619/ed6d3f98-a173-482f-8a55-ddd0dec0381a.pdf)
Dúirt an tAire McConalogue
“Tá áthas orm tuarascáil Chathaoirleach an Tascfhórsa Mairteola a fhoilsiú. Táim sásta le hobair an ghrúpa maidir le monatóireacht agus dul chun cinn a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha a chomhaontaigh páirtithe leasmhara i gcomhaontú na hearnála mairteola an 15 Meán Fómhair 2019.
Tapaím an deis seo chun buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach Michael Dowling as a thiomantas agus a dhícheall an obair thábhachtach seo a chur chun cinn, agus buíochas a ghabháil le baill uile an Tascfhórsa as a rannpháirtíocht chomhsheasmhach, chuiditheach sa phróiseas. Chuir an tAire béim ar na tairbhí airgeadais láithreacha agus na feabhsúcháin ar dhálaí díola d’fheirmeoirí a thagann as an gcomhaontú sin, agus na gníomhartha straitéiseacha ina dhiaidh sin chun leasa na hearnála araon, lena n-áirítear:
• Grúpa maoirseachta um fhorbairt branda bó diúil a bhunú; agus leithdháileadh suas le €6 milliún ag Bord Bia thar thréimhse trí bliana chun forbairt tairiscint branda bó diúil a chur chun cinn
• Ionchur suntasach san iarratas ar stádas PGI do ‘Mairteoil Éireannach Fhéar-Chothaithe’, a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí na Samhna 2020; agus cuirfear ar aghaidh go gairid é go dtí an chéad chéim eile den phróiseas, i.e. foilsiú ag an gCoimisiún do nós imeachta freasúra Ballstáit an AE/Tríú Tír
• Foilsíodh trí thuarascáil shuntasacha ar thrédhearcacht an mhargaidh;
o Comhdhéanamh praghsanna feadh an tslabhra soláthair
o Athbhreithniú Neamhspleách ar Riachtanais Mhargaidh agus Chustaiméirí Mairteola na hÉireann
o Dlí Iomaíochta san Earnáil Mairteola
• Trédhearcacht praghsanna breise trí: an Aip Pricewatch Mairteola, Rianaire praghsanna tagarmhairc Bord Bia; agus an IR Uimh. 449 de 2021 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trédhearcacht Margaidh) 2021 le déanaí a fhorbairt
• Athbhreithniú eolaíoch ar éifeacht na bpraghsanna ar an gcóras Íocaíochta Cáilíochta agus athbhreithniú ar na córais mheá te agus fuar ag Teagasc
Chuaigh an Tascfhórsa i dteagmháil freisin le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear Coimisiún an AE ar thrédhearcacht praghsanna, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí maidir lena ról, chomh maith le bualadh le miondíoltóirí agus próiseálaithe na hÉireann.
Thug an tAire McConalogue ar aird
“Agus an tuarascáil á cur isteach aige, thug Cathaoirleach an Tascfhórsa Mairteola breac-chuntas ar a mholtaí maidir le todhchaí rannpháirtíochta páirtithe leasmhara san earnáil. Thug an tUasal Dowling le fios gurb é a thuairim, agus an dearcadh roinnte atá ag tromlach bhaill an Tascfhórsa, gur chomhlíon an grúpa a shainchúram monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na nGníomhartha faoi Chomhaontú Earnála Mairteola 2019. Ar an gcúis seo, ghlac mé le moladh an Chathaoirligh go ndéanfaí an Tascfhórsa Mairteola san fhormáid reatha a fhoirceannadh."
Dúirt an tAire McConalogue freisin gur leag an Cathaoirleach béim ar a thábhachtaí atá sé go leanfaí de rannpháirtíocht páirtithe leasmhara ar shaincheisteanna straitéiseacha leanúnacha agus mhol sé go mbunódh an tAire fóram nua chun é seo a chur chun cinn.
Dúirt an tAire:
“Aontaím go hiomlán le moladh breise an Chathaoirligh go dteastaíonn rannpháirtíocht leanúnach páirtithe leasmhara ar na príomhcheisteanna straitéiseacha atá os comhair na hearnála, agus beidh socruithe á gcur i bhfeidhm agam chun fóram straitéiseach nua a bhunú don earnáil.
“Is príomhthosaíocht domsa mar Aire a chinntiú go mbeidh todhchaí fadtéarmach, inbhuanaithe agus inmharthana ag ár bhfeirmeoirí bó diúil agus mairteola agus sílim go bhfuil ról lárnach ag an Tascfhórsa Mairteola. Caithfimid tógáil ar an obair sin anois san am atá amach romhainn. Tríd an Scéim nua um Éifeachtúlacht Carbóin €150/Bó Diúil sa chéad CBT eile chomh maith lenár gcuid oibre timpeall ar chaighdeán PGI do Mhairteoil Éireannach féar-chothaithe, tá cúiseanna dóchais ann do thodhchaí na hearnála. Creidim go fírinneach san earnáil agus leanfaidh mé ag tacú léi agus lenár bhfeirmeoirí."
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá gach doiciméad a bhaineann leis an Tascfhórsa Mairteola, lena n-áirítear an Tuarascáil, ar fáil ar rannóg na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar láithreán gréasáin gov.ie - Beef (www.gov.ie)