Fáiltíonn McConalogue roimh dhámhachtain maoinithe ón AE d’Fheachtais nua um Chur Chun Cinn Bord Bia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, fáilte inniu roimh bhronnadh Choimisiún an AE ar chomh-mhaoiniú os cionn €5.3 milliún i dtreo feachtais nua faisnéise agus cur chun cinn Bord Bia.
Spreagfaidh an feachtas Mairteola agus Uain € 3.96m, Working with Nature - mairteoil & uan Eorpach, feasacht agus claonadh chun ceannach ar fud príomh-mhargaí idirnáisiúnta - an tSín, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus SAM.
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas Déiríochta €2.7m, Déiríocht na hEorpa an rogha inbhuanaithe don Áise, iomaíochas déiríochta na hEorpa a fheabhsú agus sciar an mhargaidh de tháirgí déiríochta na hÉireann a mhéadú go sonrach i spriocmhargaí na Seapáine, na Malaeisia, na nOileán Filipíneach, na Téalainne agus Vítneam.
Ag trácht dó ar chinneadh an Choimisiúin, dúirt an tAire McConalogue
“Tá ríméad orm aitheantas agus tacaíocht airgeadais an AE do chláir Bord Bia a fheiceáil chun feasacht ar mhairteoil, uaineoil agus déiríocht na hEorpa a ardú mar tháirgí ardchaighdeáin a tháirgtear go hinbhuanaithe.
“Cuid lárnach de na feachtais seo is ea scéal uathúil fheirmeoireacht na hÉireann agus táirgeadh bia féarbheathaithe a chur in iúl, le teaghlaigh feirme na hÉireann i gcroílár na teachtaireachta sin. “Tá na feachtais ag teacht le huaillmhianta bheartas Farm to Fork an AE, áit a bhfuil táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe ina bpríomhthosaíochtaí. Léirítear iad seo freisin inár straitéis féin faoi stiúir páirtithe leasmhara d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála agraibhia - Fís don Bhia 2030.”
Dúirt Martin Heydon TD, an tAire Stáit le freagracht as Margaí Nua a Fhorbairt:
“Tugann na feachtais seo deis den scoth do Bhord Bia luach ár dtairiscint bia ar chaighdeán préimhe, sábháilte agus cothaitheach a chur in iúl sna margaí tosaíochta seo. Ailíníonn an feachtas mairteola agus uaineola go maith le hobair mo Roinne féin chun rochtain margaí feola ar mhargaí nua a chinntiú, chomh maith leis an rochtain atá againn ar an margadh cheana féin a choinneáil agus a fheabhsú."
Torthaí agus glasraí
D’éirigh le Bord Bia freisin i gclár cur chun cinn il-Bhallstát áit a mbeidh sé ag obair le comhpháirtithe Eorpacha chun tomhaltas Torthaí agus Glasraí úra a mhéadú in Éirinn, sa Fhrainc agus sa Bheilg. Tá buiséad iomlán €5.4m ag an bhfeachtas seo thar thréimhse trí bliana agus infheisteofar €1.5m de seo in Éirinn thar na trí bliana.
Dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht:
“Is iomaí buntáiste a bhaineann le táirgí blasta áitiúla a cheannach i séasúr, táim ag tnúth leis an gclár seo a chur chun cinn sna trí bliana amach romhainn, i bhfianaise a fhócas ar thomhaltas torthaí agus glasraí úra a mhéadú i measc dhaonra na hÉireann."
Iarratais Bhreise
Dúirt an tAire McConalogue
“Osclófar glao 2022 ar thograí i mí Feabhra 2022 agus táim ag tnúth le hiarratais nua Éireannacha chuig an gCoimisiún Eorpach don phróiseas iomaíoch seo”.
Tuilleadh eolais ar fáil ar Fáilte go REA | REA (europa.eu)