Fáiltíonn McConalogue roimh fhreagairt an Choimisiúin Eorpaigh do Ghéarchéim na hÚcráine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. in iúl inniu go dtacaíonn sé le freagairt an Choimisiúin Eorpaigh a bhaineann le hagraibhia do na tionchair atá ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Ag labhairt dó sular fhreastail sé ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh inniu i Lucsamburg, ina mbeidh Aire Talmhaíochta na hÚcráine, Mykola Solskyi, d’fháiltigh an tAire McConalogue roimh chineál cuimsitheach fhreagairt an Choimisiúin.
Dúirt sé:
“Cuirim fáilte roimh an gcur chuige a ghlac an Coimisiún Eorpach i ndéileáil leis na cúinsí thar a bheith dúshlánacha seo. Cabhróidh an pacáiste beart a fógraíodh le déanaí agus a chuirfear ar fáil láithreach - cúnamh eisceachtúil, stórála príobháidí d’fheoil mhuice, solúbthacht sa i gcur i bhfeidhm forálacha glasaithe, réamhíocaíochtaí méadaithe d’íocaíochtaí díreacha agus creat Cúnaimh Stáit Shealadaigh - le Ballstáit margaí talmhaíochta a chobhsú agus tacú lenár dteaghlaigh feirme agus lena ngnólachtaí.
“Agus an dearcadh níos fadtéarmaí á ghlacadh aige, baintear an chothromaíocht cheart amach i gcumarsáid an Choimisiúin maidir leis an ngá atá le slándáil bhia a chosaint agus athléimneacht chórais bhia a neartú idir an gá atá le slándáil bhia a chinntiú ó pheirspictíocht Eorpach agus dhomhanda araon, agus an gá le hathléimneacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach chórais bhia a chinntiú.”
Ghlac an tAire an deis freisin le béim a leagan ar bhuarthaí leanúnacha na hÉireann maidir le costas agus neamhfháil ar fhuinneamh, beathú agus leasachán, anuas ar an ngá atá le monatóireacht dhlúth a dhéanamh ar an gcás mar atá sé ag teacht chun cinn agus ar eolas a roinnt go trédhearcach.
Ag trácht athuair ar iarmhairtí déistineacha díreacha ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an tAire McConalogue arís eile gníomhartha na Rúise agus léirigh sé dlúthpháirtíocht na hÉireann le muintir na hÚcráine. Dúirt sé:
“Leanann Éire ag oibriú go dlúth lenár gcairde agus ár gcomhpháirtithe Eorpacha le freagairtí cuí a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gcothaítear slándáil bhia do mhuintir na hÚcráine, do shaoránaigh Eorpacha agus sa chomhthéacs domhanda níos fairsinge. Thacaíomar go tréan leis an iarraidh ar chúnamh bia agus daonnúil a sholáthar, agus leanfaimid lenár bpáirt a ghlacadh san iarracht seo. Go deimhin, tá súil leis go ndéanfaidh an tAire Solskyi trácht ar na tacaíochtaí praiticiúla ar leith a theastaíonn ó earnáil agraibhia na hÚcráine ina óráid leis an gComhairle inniu. Seasann feirmeoirí na hÉireann go dlúthpháirteach lena gcontrapháirteanna san Úcráin ag an tráth deacair seo.”
Pléadh saincheisteanna i gcruinniú Chomhairle na nAirí freisin idir pacáiste “Oiriúnach do 55” de chuid an Choimisiúin, agus fliú na n-éan agus tásca geografacha.