Fáiltíonn na hAirí McConalogue agus Heydon roimh na taraifí a dhéanann difear d’easpórtálacha déirí agus uachtair na hÉireann chuig margadh SAM a chur ar fionraí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit Martin Heydon T.D., fáilte inniu roimh an bhfógairt a rinne Coimisiún an AE agus Oifig Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe go gcuirfear taraifí ar easpórtálacha agus iompórtálacha áirithe idir an dá bhloc ar fionraí ar feadh ceithre mhí. Tugadh isteach na taraifí seo isteach maidir le heaspórtálacha áirithe agraibhia na hÉireann chuig SAM i nDeireadh Fómhair 2019.
Dúirt An tAire, agus fáilte á cur aige roimh an bhfógairt,
“Deis iontach é fógairt an lae inniu don AE agus na Stáit Aontaithe tabhairt faoi idirphlé dearfach chun réiteach buan a aimsiú ar na díospóidí seo atá ar siúl le fada an lá.”
Chuir an tAire Stáit le freagracht as forbairt margaí nua, Martin Heydon, T.D., fáilte freisin roimh an nuacht dhearfach agus dúirt sé,
“Tá súil agam go dtugann fógairt an lae inniu le fios go bhfuil an caidreamh stairiúil, dearfach agus marthanach trasatlantach idir an AE agus SAM á athnuachan. Forbairt dhearfach é seo d’easpórtálacha ime, cáise agus uachtair na hÉireann chuig margadh SAM.”
Chríochnaigh an tAire McConalogue a óráid agus aitheantas á thabhairt aige do
“na hiarrachtaí móra a rinne Ambasáid na hÉireann in Washington lena lorg an díospóid seo a réiteach agus leag sé béim d’oifigigh Ionadaí Trádála SAM ar a thábhachtaí atá margadh SAM dár dtionscail a ndearnadh difear dóibh.”
Is ionann luach na n-easpórtálacha agraibhia Éireannacha ar imir taraifí SAM tionchar orthu, de réir fhigiúirí 2019, agus thart ar €422 milliún, a mheall luach breise €105 milliún de tharaifí i mbliain iomlán. Gearradh an taraif 25% seo ar easpórtálacha Éireannacha chuig SAM ar im (€190.2m), cáis (€43.7m) agus uachtar Éireannach (€184m).
CRÍOCH