Fáiltíonn na hAirí roimh fhoilsiú an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., sa mhullach ar na hAirí Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett agus an tAire Martin Heydon, T.D., inniu roimh sheoladh an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023.
Cuireann na gníomhartha don talmhaíocht sa phlean seo conair inmharthana ar fáil chun laghdú 25% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa don talmhaíocht a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá na gníomhartha seo ar aon dul le laghdú 51% a bhaint amach ar astaíochtaí GCT foriomlána na hÉireann, agus ar astaíochtaí atá neodrach ó thaobh fuinnimh de tráth nach déanaí ná 2050.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Leagann an plean uile-Rialtais seo inniu dualgas ar gach earnáil, an talmhaíocht san áireamh, do ghníomhú láidir ar son na haeráide. Dírítear sa talmhaíocht ar astaíochtaí nítrigine agus meatáin a laghdú, agus gabháil agus stóráil carbóin á méadú agus cur ar bhealach dearfach le dícharbónú an chórais fuinnimh i gcomhthráth.
“Tá orainn dlús a chur le dul chun cinn trí níos lú leasacháin nítriginbhunaithe a scaipeadh, agus úiré chosanta agus an aois a laghdú ag a gcuirtear bailchríoch ar eallach. Aithním go gcruthóidh an uaillmhian seo a bhaint amach dúshláin agus go dteastóidh athrú suntasach agus claochlaitheach.
Táim muiníneach go dtabharfaidh feirmeoirí agus iascairí aghaidh ar an dúshlán seo, lena chinntiú go bhfuil an bealach á réiteach ag talmhaíocht Éireannach le haghaidh táirgeadh bia atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de laistigh d’áit mhargaidh dhomhanda.”
Dúirt an tAire freisin:
“Thug an Rialtas seo tús áite dár gcóras táirgthe bia inbhuanaithe a chosaint agus a bharrfheabhsú, agus a chinntiú i gcomhthráth go nglacann talmhaíocht a páirt in athrú aeráide a mhaolú. Táim tiomanta d’aghaidh a thabhairt ar thrí cholún na hinbhuanaitheachta sa talmhaíocht – colún comhshaoil, sochaíoch agus thar aon ní eile, colún geilleagrach.
Táim muiníneach go dtabharfaidh feirmeoirí agus iascairí faoin dúshlán seo óna dteastóidh rannpháirtíocht agus gníomhaíocht réamhghníomhach leanúnach i measc ár bhfeirmeoirí go léir.
Cuirfidh deiseanna éagsúlaithe, cosúil le díleá anaeróbach, foraoiseacht agus curaíocht deiseanna ar fáil chomh maith d’fheirmeoirí ar mian leo breithniú a dhéanamh ar fhoinsí malartacha ioncaim.”
Tá cáil ollmhór ar tháirgeoirí bia agus ar fheirmeoirí na hÉireann go hidirnáisiúnta i dtaobh inbhuanaitheacht an bhia agus an dí a tháirgeann siad. Cáil atá i gceist a bhfuil údar bróid acu aisti. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil áit mhargaidh ann atá ag teacht chun cinn go mear agus a lorgaíonn deimhniú i dtaobh ár gcritéar inbhuanaitheachta, ghlac feirmeoirí páirt réamhghníomhach le blianta beaga anuas chun feabhas a chur ar lorg carbóin ár dtáirgthe.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá feirmeoirí Éireannacha thar a bheith tiomanta do chinntiú go ndéanann siad feirmeoireacht ar bhealach inbhuanaithe. Cuirfidh an tiomantas seo le geilleagar tuaithe beoga don ghlúin amach anseo. Tá feirmeoirí Éireannacha nuálach, athléimneach agus tiomanta cheana féin d’oibriú le chéile le réitigh a aimsiú agus an dúshlán ollmhór seo i gceist. Chuir feirmeoirí aistear díobh i dtreo bheith níos inbhuanaithe ar feadh go leor blianta. Tá an uaillmhian sin á baint amach againn anois. Is mian linn a chinntiú go bhfuil todhchaí gheal agus inbhuanaithe ann do theaghlaigh feirme na glúine seo agus na chéad ghlúine eile.”
Dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett:
“Lá mór é an lá inniu dár gcomhshaol, dár dtodhchaí agus, thar aon ní eile, dár bhfeirmeoirí. Leanann an rialtas lena dtiomantas do thacú le feirmeoirí agus iad a dhreasú éagsúlú a dhéanamh isteach i limistéir cosúil le feirmeoireacht orgánach agus foraoiseacht, dhá limistéar a bhfuil freagracht orm astu, agus ina dtugaim acmhainn ollmhór le haghaidh borrtha faoi deara. Aithnítear sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide seo an tionchar dearfach a imríonn foraois agus táirgí foraoise i dtaobh carbón a leithlisiú agus a stóráil, agus thacaíomar leis an earnáil thábhachtach seo trí phacáiste láidir airgeadais €1.3 billiún a sholáthar don chéad Chlár Foraoiseachta eile a thosóidh in 2023.
Leagtar sprioc 450,000 heicteár síos sa phlean chomh maith le haghaidh feirmeoireacht orgánach faoin mbliain 2030, a mhéadóidh an t-achar talún ar a ndéantar táirgeadh orgánach aníos go dtí nach mór 10%. Tá leibhéil gan choinne de spéis i bhfeirmeoireacht orgánach tugtha faoi deara againn le roinnt míonna anuas, agus chuir na líonta is mó d’fheirmeoirí isteach níos luaithe an mhí seo ar pháirt a ghlacadh sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí ó 2023. Anuas ar chur lenár spriocanna aeráide, cuireann feirmeoireacht orgánach tairbhí ar fáil don bhithéagsúlacht agus do cháilíocht an uisce, agus tagann sé lenár mbeartas faoin bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide chun an úsáid a bhainimid as leasacháin cheimiceacha a laghdú go mór.”
Lean an tAire Hackett ar aghaidh leis an méid seo a leanas a rá:
“Baineann ríthábhacht ag sláinte ithreach maidir le sláinte an duine, agus tá ár n-ithreacha ríthábhachtach freisin mar linn charbóin. Bainfear laghduithe breise amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar bhainistíocht cheart a dhéanamh ar ár n-ithreacha, agus táim muiníneach go gcabhróidh na gníomhartha a leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide linn dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtaobh a chinntiú go gcuireann ár n-earnáil úsáide talún lenár n-uaillmhianta le neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050”.
Baineann ríthábhacht le nuálaíocht, glacadh agus taighde teicneolaíochta i dtaobh na laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach sna hearnálacha talmhaíochta agus úsáide talún.
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon, T.D., freisin:
“Tá cáil láidir tuillte ag earnáil agraibhia na hÉireann go hidirnáisiúnta mar sholáthraí iontaofa bia ardchaighdeáin sábháilte inbhuanaithe. Nuair a chuirtear na margaí domhanda an-iomaíocha lena ndíolaimid san áireamh, tá orainn oibriú go dian leis an gcáil seo a chosaint agus iarracht leanúnach a dhéanamh nuálú agus leibhéal iomaíochais agus athléimneachta a chothú a chuireann ar chumas na hearnála, ár bhfeirmeoirí, agus ár bpobal tuaithe an rath a bhaint amach.
Is trí thaighde agus nuálaíocht a d’éirigh linn sraith gníomhartha a fhorbairt ar féidir leo astaíochtaí a laghdú ón earnáil, lena mbuntacaíonn eolaíocht dhaingean. Caithfimid leanúint leis na hiarrachtaí seo le réitigh nua a fhorbairt chun astaíochtaí a laghdú. Sin an fáth gur neartaigh mé go mór cistiú taighde mo Roinne agus leithdháileadh níos mó ná €75 milliún ar bhonn iomaíoch, ar cheithre thionscadal taighde déag ar ghníomhú ar son na haeráide agus an comhshaol.
Dúirt an tAire Heydon freisin:
“Tá réitigh bhreise le hastaíochtaí ar leibhéal feirme a laghdú á bhforbairt. Tá dul chun cinn an-mhór á thabhairt faoi deara againn maidir le teicneolaíochtaí cosúil le breiseáin bheathaithe, a imreoidh tionchar dearfach ar astaíochtaí a laghdú.
D’aithin an tAire McConalogue, sa mhullach ar an Aire Hackett agus an tAire Heydon, nach éasca i gcónaí don athrú ach leag sé an bhéim ar an tábhacht a bhaineann leis na hearnálacha talmhaíochta agus úsáide talún a bheith i gcroílár na n-iarrachtaí náisiúnta chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta agus glacadh i gcomhthráth le córas bia comhtháite chun go ndéantar ceannasaí domhanda den nuálaíocht le haghaidh córais inbhuanaithe bhia agus talmhaíochta den tír.
D’aithin na hAirí:
“Thug an earnáil talmhaíochta agus úsáide talún faoi aistear maidir le laghdú astaíochtaí le roinnt blianta anuas agus táthar muiníneach go bhfeabhsóidh an earnáil a dintiúir chomhshaoil agus go leanfaidh sí le táirgí den chéad scoth a tháirgeadh atá cothaitheach, sábháilte agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
Dúirt na hAirí mar fhocal scoir:
“Teastaíonn uainn, mar shochaí, go nglacfaidh an talmhaíocht an ceannas i dtaobh inbhuanaitheachta le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus lena dtalamh a bhainistiú ar bhealach a chosnaíonn ár n-aeráid, ár mbithéagsúlacht agus ár n-uisce”.