Taispeántas Made in Ireland ar oscailt ag Gailearaí Farmleigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) Made In Ireland a oscailt ag Gailearaí Farmleigh – taispeántas ó Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann (DCCI) agus foireann cruthaíochta, Hilary Morley, Stephen O’Connell agus Mary Gallagher. Seoltar an taispeántas inniu agus ceiliúrann sé saibhreas agus beocht stiúideonna ceardaíochta Éireann. Tá saothar ar taispeáint ó 110 ceardaí as 27 contae in Éirinn, gach duine acu ag cruthú earraí den scoth le scileanna a saothraíodh le blianta fada anuas.
Tá saothar nuálaíoch ar ardchaighdeán á chruthú ag ceardaithe Éireann in iliomad réimsí éagsúla. Baineann siad úsáid as bunábhair áitiúla a shaothraítear i ngach cearn den oileán. Tá seanaithne ar chuid acu; oibríonn cuid mhór eile acu go ciúin cúlráideach ina gceantair féin. Cuireann pobal na hÉireann an-spéis i saothar ceardaíochta ach ar an iomlán ní thuigtear go bhfuil réimse leathan éagsúil saothair ar ardchaighdeán á dtairgeadh ar fud na tíre ag ceardaithe oilte. I láthair na huaire tá gnaoi an phobail le saothar dúchasach agus mar sin is cuí taispeántas dathúil cuimsitheach a léiriú chun an chuid is fearr de na hearraí atá Déanta in Éirinn a chur i láthair an phobail.
Dúirt an tAire le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D.:
“Tá OPW agus DCCI ag obair le chéile le fada an lá chun an chuid is fearr de cheardaíocht na hÉireann a thaispeáint ins na músaeim agus ar na láithreacha oidhreachta againn. Tá an-áthas orm go bhfuil Made in Ireland ar taispeáint anois ag Gailearaí Farmleigh Gallery i mBaile Átha Cliath, áit ar féidir le cuairteoirí léargas a fháil ar an saibhreas leathan cruthaíochta, ceardaíochta agus dearaidh atá tugtha le chéile ann ó cheithre arda na tíre.”
Dúirt Rosemary Steen, POF Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann:
“Tá áthas orainn an taispeántas Made in Ireland a chur ar fáil ag Gailearaí Farmleigh. Is léiriú cruinn é ar chroí na hearnála againne – ceardaíocht, cruthaitheacht, comhoibriú agus comhphobal an lucht saothair. Tháinig breis agus 13,000 cuairteoir ann ag Gailearaí Náisiúnta Dearaidh agus Ceardaíochta DCCI. Anois beidh deis ag pobal níos leithne fós an saothar seo ó 110 ealaíontóir ar fud Éireann agus Thuaisceart Éireann a fheiceáil.
Tugann an taispeántas deis do chuairteoirí gníomhú le barántúlacht agus inbhuanaitheacht ceardaíochta, aidhm lárnach sa phlean nua straitéiseach ag DCCI. Guímid gach rath ar Ghailearaí Farmleigh leis an dtaispeántas seo.”
Dúirt an fhoireann tionscadail - Mary Gallagher, Hilary Morley agus Stephen O’Connell:
"Chun gach a bhfuil ar bun in earnáil cheardaíochta na hÉireann inniu a léiriú, chuireamar amach glaoch oscailte chuig an taispeántas seo. Léiríonn sé seo cáilíocht agus réimse an saothair atá á chruthú ag déantóirí Éireann, spreagann sé sin a gcuid cruthaitheachta agus uaidh sin spéis an phobail.
Ba gheal linn gníomhú leis an iliomad sin ceardaithe oilte le linn an tionscadail seo. Bhí seanaithne againn ar chuid acu ach bhí áthas orainn freisin aithne a chur ar cheardaithe eile a bhí ag teacht os cóir an phobail den chéad uair.
Is iontach an deis í seo chun aithne a chur ar shaothar ó réimse leathan ceardaithe a bhfuil an iomad scileanna acu – potadóireacht, gloine, teicstílí, adhmad, ciseáin, ór agus airgead, miotal agus troscán.”
Imeasc an lucht taispeántais tá daoine a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus daoine eile atá ag saothrú leo ar an gcúlráid in áiteanna mar Oileán Cléire, Iarthar Chorcaí agus Cósta Thuaidh Aontroma. Tá cuid acu páirteach le DCCI, cuid eile acu ag saothrú leo go ciúin gan aird orthu.
Féadfar liosta iomlán taispeántoirí a fheiceáil ag: https://www.ndcg.ie/exhibitions/made-in-ireland . Ina measc tá:
TEICSTÍLÍ – Beth Moran, Contemporary Tapestry Artists, Anne Kiely & Carmel Creaner, Studio Donegal
GLOINE – Jerpoint Glass Studio, Scott Benefield, Peadar Lamb
SEODRA – Inga Reed, Janice Byrne, Garvan Traynor
SAILEACH – Ciarán Hogan, Hanna Van Aelst, David Purcell
CRÉ – Grainne Watts, Cora Cummins, John McKeag
ADHMAD – Roger Bennett, Matt Jones, David Cousley
MIOTAL – Jane Murtagh, Cecilia Moore, Seamus Gill
TROSCÁN – Paul O’Brien, Joshua Gabriel, Mark Hanvey
Tá grianghraif ón seoladh ar fáil ó Mark Stedman Photography stedman.photos@gmail.com nó 086 367 9394.
***
Eolas
ÁIT: Gailearaí Farmleigh, Eastát Farmleigh
DÁTAÍ: 8 Iúil - 4 Meán Fómhair 2022
Ar oscailt: Máirt – Domhnach seachas Laethe Saoire Poiblí Luain 10:00 – 17:00 (dúnta am lóin 1- 2)
Cead Isteach Saor in Aisce