Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil Mheastóireachta Deiridh a léiríonn an iomaí tairbhe a bhaineann le hArdchleachtóirí san Altranas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD, fáilte roimh an Tuarascáil Mheastóireachta Deiridh ar an Tionchar a Imríonn an Dréachtbheartas um Chleachtas Céimithe, Speisialtóirí agus Ardchleachtas Altranais (an RS, 2017).
Saineolaí ardoilte agus an-taithíoch ar chleachtas cliniciúil é Ardchleachtóir san Altranas (ACA) agus cuireann siad clár iomlán cúraim ar fáil mar fhreagairt do riachtanais othar, lena n-áirítear an méid seo a leanas; measúnú othar atá curtha ar an eolas ag scrúduithe agus diagnóisic ábhartha, cógas a ordú, othair a atreorú agus measúnú iarleantach, faoi mar a theastaíonn.
Cuireadh an beartas i bhfeidhm i measc na gceithre limistéar seirbhíse a bhaineann le daoine breacaosta, cúram neamhsceidealaithe (an Roinn Éigeandála), riospráide agus réamaiteolaíochta agus rinneadh measúnú air trí obair na 124 ACA a ceapadh leis na limistéir seo sheirbhísí arb eol go bhfuil dúshláin rompu.
Rinne Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh comhstiúradh ar an meastóireacht neamhspleách a rinneadh ar an mbeartas a chur i bhfeidhm, a choimisiúnaigh Oifig an Stiúrthóra Seirbhísí Altranais agus Cnáimhseachais (ONMSD), FSS. Rinne an mheastóireacht scrúdú ar an tionchar ar leith a imríonn Ardchleachtóirí san Altranas ar na dúshláin atá roimh sheirbhísí trí úsáid a bhaint as roinnt príomhtháscairí cosúil le teacht ar sheirbhísí, liostaí feithimh, iontrálacha neamhriachtanacha chuig an ospidéal a sheachaint, sreabhadh feabhsaithe othar, agus tacú le scaoileadh luath ón ospidéal.
Léirítear sa tuarascáil na tionchair dhearfacha a imrítear ar othair agus seirbhísí trí róil Ardchleachtóra san Altranas a chur i bhfeidhm, mar shampla, baineann gach ACA 3.9 othar, ar an meán, ó liostaí feithimh speisialtóirí sa tseachtain. Seachnaíonn 4.3 othar in aghaidh an ACA, ar an meán, an t-ospidéal a iontráil ar bhonn seachtainiúil agus tá laghdú a fhaide le 2 uair an chloig agus 43 nóiméad tagtha ar Amanna Eispéireas Othar (AEO) foriomlána i measc othar a bhfreastalaítear orthu i limistéir chúraim éigeandála ina n-oibríonn ACAanna mar chuid den tsamhail soláthair cúraim.
Sainaithníodh eispéiris dhearfacha othar trí shuirbhéanna ar tugadh fúthu i measc na gceithre limistéar seirbhíse go léir agus thug breis agus 95% de na hothair eispéireas dearfach den chúram a fuair siad ó ACA le fios. Léiríonn an tuarascáil freisin gur cúram cliniciúil díreach é cuid mhór den ualach oibre faoina dtugann ACAanna, a sholáthraítear go príomha d’othair a bhfuil riochtaí fadtéarmacha orthu.
Dúirt an tAire Sláinte:
“Léirigh an mheastóireacht seo fianaise den tionchar atá ag teacht chun cinn atá á imirt ag ACAanna ar chúram othar, tréimhsí feithimh, torthaí othar agus comhtháthú seirbhíse ar aon dul lenár gcuspóirí Sláintecare. Tacaím, ar an ábhar sin, leis na róil seo a chruthú go leanúnach, go háirithe i suíomhanna pobail.”
Fáiltíonn an tAire roimh an tuarascáil seo agus leanann sé ag tacú le moltaí “an Beartas um Chleachtas Céimithe go hArdchleachtas Altranais agus Cnáimhseachais a Fhorbairt” (an RS, 2017) a chur i bhfeidhm.
Tá “An Mheastóireacht ar an Tionchar a Imríonn Dréachtbheartas a Chur i bhFeidhm chun Ardchleachtóirí san Altranas a Fhorbairt chun Freastal ar Riachtanais Seirbhíse Sláinte” ar fáil ar láithreán gréasáin an RS agus ar láithreán gréasáin FSS agus sa Mhír Ardchleachtas
CRÍOCH
Foilsíodh an tuarascáil ar an láithreán gréasáin agus is féidir teacht air tríd an nasc seo.