Fógraítear an maoiniú is airde riamh d’áiseanna spóirt
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraítear an maoiniú is airde riamh d’áiseanna spóirt
• Fógraíonn an tAire Martin agus Byrne €230m mar dheontais do chlubanna agus áiseanna spóirt faoi chéim 2 den Chiste Áiseanna Spóirt Pobail (ar a dtugtaí an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt roimhe seo)
• Leithdháiltear níos mó ná ceathrú billiún ar chlubanna agus áiseanna spóirt pobail in 2024 le hinfheistíocht iomlán €256m
• Éascóidh an leithdháileadh is mó riamh an infheistíocht is airde riamh in áiseanna spóirt i bpobail ar fud na hÉireann
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an Aire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D., 1996 deontas inniu ar luach iomlán €230m le haghaidh áiseanna agus trealamh spóirt nua agus feabhsaithe ar fud na tíre faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail, ar a dtugtaí an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt roimhe seo.
D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóiriú an PFN, Paschal Donohoe T.D., an maoiniú in éineacht leis na hAirí Martin agus Byrne ag Cambridge FC sa Rinn i mBaile Átha Cliath.
Tagann leithdháileadh €230m a fógraíodh inniu i ndiaidh leithdháileadh €26m i mí na Bealtaine do threalamh spóirt a thógann an infheistíocht iomlán sa spórt agus áineas pobail in 2024 suas go €256m, méid nach bhfacthas riamh roimhe. Is méadú 50% é seo ar an gcistiú a leithdháileadh go luath in 2022 faoi bhabhta 2020 den Chlár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt.
Bainfidh breis is 30 spórt ar leith, chomh maith le háiseanna ilspórt ar fud na tíre, leas as na deontais spóirt pobail a fógraíodh inniu. Rinneadh measúnú ar gach iarratas faoi chritéir lena n-áirítear dlús daonra, díothacht agus rochtain ar áiseanna. Is féidir le hiarratasóirí nár éirigh leo achomharc a dhéanamh ar aon iarratas ar dheontas a mheastar a bheith neamhbhailí.
Agus í ag fógairt an mhaoinithe sa Rinn inniu, duirt an tAire Martin:
“Tá spórt ríthábhachtach don mhuintearas agus don chomhtharraingt sa phobal, ó chlubanna áitiúla go foirne agus lúthchleasaithe gairmiúla agus ardfheidhmíochta. Léirítear i ngach ceann de na deontais seo tionscadail ina gcruthófar deis nua nó níos fearr do dhaoine de gach aois agus cúlra sa spórt chomh maith agus is féidir leo. Beidh clubanna in ann freastal níos fearr ar a bpobail le cabhair ón gciste seo. Mar shampla gheobhaidh 194 chlub maoiniú chun painéil ghréine a shuiteáil, gheobhaidh 317 gclub maoiniú do thuilsoilse LED agus áireofar le 966 tionscadal feabhsuithe ar pháirceanna imeartha.
“Cuirfidh na feabhsuithe ríthábhachtacha seo agus na háiseanna nua seo leis na leithdháiltí trealaimh a fógraíodh níos luaithe i mbliana chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag níos mó daoine ná riamh ar na spóirt is breá leo ina gceantair áitiúla.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Tá os cionn ceathrú billiúin euro á infheistiú i gclubanna agus in áiseanna spóirt faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail. Ní fhacthas an leibhéal maoinithe spóirt seo riamh cheana agus fágfar lorg láidir leis ar chlubanna spórt agus áiseanna i bpobail ar fud na hÉireann. Mar Rialtas, táimid tiomanta do dheis a thabhairt do gach duine, de gach aois agus cumas, páirt a ghlacadh sa spórt agus léirítear an tiomantas sin sa leithdháileadh is airde riamh seo don spórt.
Léiríodh i bhfeidhmíocht iontach Fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i bPáras le déanaí cumhacht dhearfach an spóirt agus tuigimid go dtosaíonn aon turas spóirt laistigh den phobal. Léirítear sa mhaoiniú is mó riamh atá á fhógairt inniu faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail tiomantas leanúnach an Rialtais seo chun spórt na hÉireann a fheiceáil faoi bhláth amach anseo.”
Dúirt an tAire Donohue:
“Tá an Rialtas seo tiomanta do thacú le spórt ag gach leibhéal, ó shaoráidí ag leibhéal an phobail agus ag an mbunleibhéal go dtí ár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta ar stáitse an domhain. Cuireann spórt an oiread sin lenár saol, mar lucht féachana, tosaitheoirí nó iad siúd atá ar fheabhas ina réimse féin. Tá na buntáistí meabhracha agus fisiceacha do-tomhaiste. Ciallaíonn infheistíocht imleor a chinntiú go bhfuil áiseanna maithe ag ár rannpháirtithe agus gur féidir leo oiliúint a chur ar a gcumas dul san iomaíocht chomh fada agus is féidir, is cuma cén leibhéal. Tar éis samhradh iontach rathúil dár gcuid lúthchleasaithe Oilimpeacha agus Parailimpeacha, is iontach an rud é an deis a bheith againn béim a leagan ar ár n-infheistíocht sa spórt do chách, i ngach pobal ar fud na tíre.”
Nótaí Eagarthóra:
Is é an Clár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt an príomh-mhodh tacaíochta Rialtais maidir le háiseanna spóirt agus áineasa a fhorbairt agus maidir le trealamh spóirt neamhphearsanta a cheannach ar fud na tíre. Tá gealltanais i gclár an Rialtais do leanúint leis an gClár agus do thosaíocht a thabhairt d'infheistíocht i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu faoi láthair ó thaobh rannpháirtíochta de.
Athraíodh teideal an chláir ón gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt go dtí an Ciste Áiseanna Spóirt Pobail chun béim níos fearr a chur ar an bpobal.
Fógraíodh €26m faoin scéim i mí na Bealtaine 2024 chun deontais a mhaoiniú do threalamh amháin.
Roinntear leithdháiltí an lae inniu i dtrí chatagóir.
1. Iarratais ar Threalamh
Iarratais a cuireadh isteach mar chaipiteal ach fuarthas amach faoin measúnú gur trealamh amháin iad (maoinithe ag 100% de réir na ndeontas trealaimh a fógraíodh i mí na Bealtaine) 127 €3,791,906
2. Tionscadail Áitiúla
De ghnáth clubanna agus grúpaí spóirt a lorgaíonn suas le €200,000 1708 €179,000,000
3. Tionscadail Réigiúnacha
Go hiondúil cuireann ionaid sármhaitheasa ar nós ionaid oiliúna contae CLG nó rianta reatha sintéiseacha iarratas isteach ar suas le €500,000 161 €47,500,000
IOMLÁN: 1996 €230,291,906.00
Le briseadh síos iomlán na ndáiltí a fháil, féach an nasc seo