€1.3 billiún arna fhógairt do Thacaíochtaí nua Foraoiseachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Taoiseach, Mícheál Martin, TD, an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett, agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go mbeartaítear go ndéanfaidh an Rialtas infheistíocht €1.3 billiún i bhforaoiseacht na hÉireann. Soláthrófar an cistiú don chéad Chlár Foraoiseachta náisiúnta eile agus is ionann í agus an infheistíocht is mó a rinne Rialtas na hÉireann riamh i gcrainn a chur. Beidh an clár anois faoi réir cúnamh stáit a fhaomhadh ag an gCoimisiún Eorpach.
Dúirt an Taoiseach:
“Léiríonn an gealltanas seo a thug an Rialtas do phacáiste airgeadais atá chomh substainteach a thromchúisí atá na dúshláin athraithe aeráide agus bhithéagsúlachta dúinn, dúshláin a dhéanann difear don tsochaí go léir. Tá foraoiseacht i gceartlár aghaidh a thabhairt ar ár spriocanna inbhuanaitheacht agus teastaíonn tacaíocht láidir le rannpháirtíocht i measc ár bpáirtithe leasmhara go léir a spreagadh chun ár gcuspóirí a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Hackett:
"Tá lúcháir orm pacáiste €1.318 billiún don fhoraoiseacht a fháil. Tacóidh é seo leis an gClár Foraoiseachta is mó agus is fearr a cistíodh riamh in Éirinn. Titeann seo amach ag am cuí, nuair a chuirtear a phráinní atá sé dul i mbun bearta maolaithe san áireamh. Tá crainn a chur ar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun athrú aeráide a chomhrac anuas ar chur le bithéagsúlacht agus cáilíocht an uisce fheabhsaithe. Ar cheann de mo phríomhaidhmeanna is ea go nglacfaidh feirmeoirí páirt athuair i bhforaoisiú. Tá lúcháir orm, ar an ábhar sin, go mbeartaím téarma préimhe nua 20 bliain d’fheirmeoirí amháin, agus scéim coillearnaí dúchasaí nua ar scála beag a thabhairt isteach a cheadóidh d’fheirmeoirí a mhéid le 1 heicteár de choillearnach dhúchasach a chur ar thalamh feirme agus feadh sruthchúrsaí lasmuigh den phróiseas ceadúnaithe foraoiseachta.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Geallaimid inniu do dhreasachtaí nach raibh a samhail ar fáil roimhe seo a sholáthar a spreagfaidh crainn a chur ar féidir leo breisiú luachmhar a sholáthar le hioncam feirme agus cabhrú chun cuspóirí náisiúnta aeráide agus bithéagsúlachta a bhaint. Cinntíonn an cistiú seo íocaíochtaí leanúnacha do na húinéirí foraoise siúd a chuir crainn faoin reatha scéim agus a bhfuil préimheanna á bhfáil go fóill acu. Cuireann sé tacaíochtaí airgeadais nua agus feabhsaithe ar fáil dóibh siúd a thugann faoi bhainistíocht inbhuanaithe foraoise faoin gClár nua. Beartaímid préimheanna a mhéadú idir 46% agus 66% le crainn a chur agus le síneadh a chur leo ó 15 go 20 bliain d’fheirmeoirí.
“Tá tréimhse nua agus spreagúil don fhoraoiseacht in Éirinn ag druidim linn in Éirinn. Cuirfidh an Clár Foraoiseachta nua todhchaí nua agus níos gile chun cinn don fhoraoiseacht, d’fheirmeoirí agus dár n-aeráid.”
Tá comhairliúchán poiblí ar siúl faoi láthair don Chlár Foraoiseachta nua mar chuid den phróiseas Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus Scagtha le haghaidh Measúnacht Chuí. Is é an Clár an príomh-mheicníocht um chur i bhfeidhm don Straitéis Foraoise nua (2023-2030) a léiríonn na huaillmhianta a chuimsítear san Fhís Chomhroinnte Náisiúnta do Chrainn, Coillte agus Foraois in Éirinn go dtí 2050. Dúnfar an comhairliúchán poiblí an 29 Samhain 2022 agus cuimseofar aon athruithe a eascraíonn ón bpróiseas seo sa Chlár agus sa Straitéis Foraoise.
Dúirt an tAire Hackett:
“D’eascair an dréacht-Chlár Foraoiseachta agus an dréacht-Straitéis Foraoise as comhairliúchán agus aiseolas forleathan le páirtithe leasmhara, agus beidh comhairliúchán poiblí ar siúl don dá cháipéis go ceann roinnt seachtainí eile amach romhainn. Spreagfainn go mór na páirtithe leasmhara uile páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán sula gcríochnófar an Straitéis agus an Clár.”
Tá an Clár nua bunaithe ar an bprionsabal go mbíonn na crainn chearta san áit cheart ar na cúiseanna cearta agus an bhainistíocht cheart a dhéanamh orthu. Tá de chuspóir aige foraois níos éagsúla a sholáthar a bhainfidh cuspóirí iolracha sochaíocha, geilleagracha, sóisialta agus comhshaoil. Beartaítear freisin rátaí deontais níos airde chun foraois a bhunú anuas ar mhéaduithe thart ar 20% le costais mhaireachtála atá ag dul i méid a thabhairt san áireamh. Déanfaidh an scéim achar crann dúchasach heicteár amháin nua níos éasca freisin é ar úinéirí talún ar mian leo limistéir bheaga chrann a chur ar a bhfeirm.
Dúirt an Taoiseach, mar fhocal scoir,
“Cuirim fáilte roimh an ngarsprioc seo agus creidim gur tiomáint thábhachtach chun cinn a bheidh sa chistiú seo i dtaobh aghaidh a thabhairt ar an uaillmhian a dtugtar cuntas air sa Straitéis Foraoise nua. Is ollmhór dár ndúshláin chomhshaoil ach is ollmhór freisin dár dtiomantas dá sárú agus tá baint lárnach ag an gClár Foraoiseachta seo leis an oiread sin dár dtosaíochtaí a sholáthar."
Soláthróidh an Státchiste 100% den chistiú don Chlár nua agus tá sé faoi réir faomhadh a fháil ó Choimisiún an AE do Cúnamh Stáit. Tá teagmháil á déanamh ag an Roinn leis an gCoimisiún maidir leis an bhfaomhadh seo, ar próiseas dian é.
Tá na Rátaí Foraoiseachta Nua don Chlár Foraoiseachta 2023-2027 sa cháipéis PDF atá ar ceangal
Tá an Straitéis Foraoise (2023-2030) a bheartaítear ceaptha creat uileghabhálach a sholáthar ina sainaithnítear na gníomhartha a theastaíonn chun an t-athrú a chur i bhfeidhm a theastaíonn ó fhoraois na hÉireann.
Tá sraith ocht n-idirghabháil éagsúla sa Chlár Foraoiseachta 2023-2027 a bheartaítear:
1) Cruthú Foraoise
2) Agrafhoraoiseacht
3) Infheistíochtaí Bonneagair agus Teicneolaíochta
4) Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoise
5) Scileanna a fhorbairt agus an Earnáil Foraoise a chumasú le haghaidh Bainistíocht Inbhuanaithe Foraoise
6) Foraois Oscailte: Foraois Shóisialta, Chultúir agus Oidhreachta
7) Athfhoraoisiú atá Seasmhach ó Thaobh na hAeráide
8) Athbhunú
Tá comhairliúchán poiblí ar siúl don Straitéis Foraoiseachta agus an Clár Foraoiseachta. Tá sonraí faoi conas is féidir le páirtithe leasmhara agus an pobal páirt a ghlacadh sa dá chomhairliúchán tábhachtach foraoiseachta seo ar fáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/public-consultation-on-forestry/