Fógraíonn an tAire McHugh infheistíocht €30 milliún i 405 scoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Luain an 25 Samhain 2019), d’fhógair Joe McHugh TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, pacáiste €30 milliún chun 405 scoil ar fud na tíre a chumasú tabhairt faoi fheabhsuithe speisialta.
Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil díriú nua á leagan ar ghníomhú ar son na haeráide faoin Scéim Oibreacha Samhraidh, áit a bhfuiltear ag iarraidh ar scoileanna pleanáil le haghaidh pointí luchtaithe feithiclí leictreacha a shuiteáil.
Dúirt an tAire:
“A bhuí leis an gciste €30 milliún atá á fhógairt agam don Scéim Oibreacha Samhraidh 2020, déanfar difear ollmhór don chaighdeán saoráidí a bheidh le fáil i scoileanna an bhliain seo chugainn.
“Díreoimid ar thrí ní ar leith – cuirfear airgead i leataobh chun feabhas a chur ar chórais sábháilteachta beatha amhail aláraim dhóiteáin, brath dóiteáin agus soilsiú éigeandála agus chun iad a uasghrádú; cisteoimid dromchlaí nua ar láithreacha súgartha agus páirceála; agus cuirfear oibleagáid ar scoileanna pleanáil le haghaidh luchtú feithiclí leictreacha a shuiteáil.
“Bainfidh 405 cinn san iomlán de bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna tairbhe as an Scéim Oibreacha Samhraidh an babhta seo – tá sé sin cothrom le níos mó ná aon deichiú de na scoileanna uile sa tír.”
Rachaidh an Scéim Oibreacha Samhraidh 2020 chun tairbhe do 324 bhunscoil agus do 81 iar-bhunscoil.
Tá tionscnamh um ghníomhú ar son na haeráide ar áireamh sa Scéim Oibreacha Samhraidh 2020 chun a chinntiú go gcuirfidh scoileanna socruithe i bhfeidhm d’fheithiclí leictreacha.
Aon scoil a gheobhaidh cistiú le haghaidh láithreacha páirceála agus súgartha, ceanglófar uirthi pointe a shainaithint le haghaidh feithiclí leictreacha a luchtú. Mar thoradh ar an gcistiú, beifear in ann duchtú leictreach speisialta a leagan faoi láithreacha súgartha agus páirceála chun a chinntiú nach dtochlófar láithreacha athdhromchlaithe aníos amach anseo.
Dúirt an tAire McHugh:
“Plean ciallmhar don todhchaí is ea tionscnamh um ghníomhú ar son na haeráide a áireamh sna hoibreacha samhraidh an bhliain seo chugainn. Bíonn níos mó agus níos mó pointí luchtaithe leictrigh á suiteáil i gcónaí agus is siombalach an rud é go dtaispeánfaidh scoileanna cé chomh tábhachtach is atá tionscnaimh den sórt sin.
“Den chuid is mó, is thar na míonna den samhradh a chuirfear an obair i gcrích sna scoileanna. Ar an mbealach sin, beidh a laghad cur isteach agus is féidir ann ar dhaltaí, ar mhúinteoirí agus ar bhaill foirne eile.
“Rinneamar cinnte de freisin go bhfaigheadh scoileanna fógra faoin gcistiú cúpla seachtain níos luaithe i mbliana ná mar a tharla an bhliain seo caite chun tuilleadh ama a thabhairt do phríomhoidí agus do bhoird bhainistíochta pleanáil agus a shocrú go gcuirfí an obair i gcrích.
“Mar thoradh ar an infheistíocht €70 milliún atá faighte acu do na blianta 2019 agus 2020, cabhrófar le níos mó ná 700 scoil feabhas a chur ar a saoráidí.”
Dúirt Richard Bruton, an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil:
“Is féidir le scoileanna gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn laistigh dá bpobal féin. Is iontach an rud é go dtarlóidh sé, le linn dóibh a láithreacha súgartha agus páirceála a uasghrádú trí Scéim Oibreacha Samhraidh an Rialtais, go suiteálfaidh scoileanna duchtú leictreach lena gcabhrófar le luchtú feithiclí leictreacha a shuiteáil amach anseo.”
Maidir leis na tionscadail ar leithdháileadh cistiú orthu faoin Scéim Oibreacha Samhraidh 2020, baineann siad le hiarratais a fuarthas ó scoileanna atá i gcatagóir 10 faoin Scéim Oibreacha Samhraidh 2016/17 agus ó scoileanna atá i gcatagóir 1 faoin Scéim Oibreacha Samhraidh don bhliain 2020 ar aghaidh.
“Fiontar suntasach do scoileanna is ea Oibreacha Samhraidh, agus tá an obair chrua a dhéanann siad chun pleanáil agus ullmhú dóibh ar cheann de na príomhchúiseanna taobh thiar de rath na Scéime,” a dúirt an tAire McHugh.
“Tá muinín agam go n-éireoidh le húdaráis scoile an luach is fearr ar airgead a fháil i leith na hoibre a dhéanfar agus molaim d’údaráis scoile a chinntiú go mbainfidh siad an tairbhe is mó is féidir amach dá scoil.
“Tagann na deontais Oibreacha Samhraidh sna sála ar na deontais Mhionoibreacha dar luach €29 milliún a d’fhógair mé dhá sheachtain ó shin, áit a bhfaighidh scoil ina bhfuil 50 dalta €6,425 agus a bhfaighidh scoil ina bhfuil 300 dalta níos mó ná €11,000.”
Ceanglaítear ar scoileanna le reachtaíocht anois a n-úsáid fuinnimh a thuairisciú ar líne d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann gach bliain.
Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Aeráide ón Rialtas, ceanglófar ar thionscadail Oibreacha Samhraidh ón mbliain 2020 ar aghaidh clárú ar líne leis an Údarás Fuinnimh Inmharthana agus gabháil orthu féin na tuairisceáin chuí a chur isteach sula bhféadfar aon íocaíochtaí a eisiúint i leith na dtionscadal ceadaithe.
Faoi Thionscadal Éireann 2040, gheobhaidh an earnáil oideachais thart ar €12 billiún idir na blianta 2018 agus 2027. Leithdháilfear thart ar €8.8 billiún den tsuim sin ar an earnáil scoileanna.
Dúirt an tAire McHugh:
“Agus infheistíocht €30 milliún ag baint léi, is fianaise í an Scéim Oibreacha Samhraidh go leanann an Rialtas le cistiú caipitil a dhíriú ar fhoirgnimh scoile mar ábhar tosaíochta, rud a chuirfidh feabhas ar an timpeallacht foghlama agus oibre do dhaltaí agus do mhúinteoirí agus a fhreagróidh freisin don ghá atá ann le gníomhú méadaithe ar son na haeráide.”
Tá an Roinn ag tabhairt fógra anois do na scoileanna uile ar éirigh leo cistiú a fháil faoin Scéim Oibreacha Samhraidh 2020, áit a bhfuil tuilleadh mionsonraí agus treoracha á dtabhairt dóibh faoi na chéad chéimeanna eile.
CRÍOCH
Tá liosta iomlán de na scoileanna ar éirigh leo cistiú a fháil ar fáil anseo:
Summer Works Scheme List of Approved Schools 2021
Summer Works Scheme List of Approved Schools 2021
Is é is aidhm don Scéim Oibreacha Samhraidh scoileanna a chumasú oibreacha tógála ar bheagscála agus ar mheánscála a chur i gcrích ar mhaithe le foirgnimh scoile atá ann cheana a fheabhsú agus a uasghrádú. Tá an scéim i dteannta scéimeanna cistiúcháin chaipitil eile atá á bhfeidhmiú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna amhail an scéim cóiríochta breise, an scéim Oibreacha Éigeandála – atá dírithe ar thionscadail phráinneacha nach mbeifí in ann cuid den scoil nó an scoil ar fad a oscailt ina n-éagmais – agus scéimeanna Mionoibreacha. Fógraíodh an Scéim Oibreacha Samhraidh reatha i mí an Mhárta 2019 agus cuirfear i bhfeidhm ar bhonn ilbhliantúil í.
Fuarthas iarratais ó níos mó ná 1,650 scoil mar fhreagairt do ghairm tograí a eisíodh chuig scoileanna i mí na Samhna 2015 faoin Scéim Oibreacha Samhraidh ilbhliantúil (2016 agus 2017). Fuarthas 1162 iarratas eile le linn an tsamhraidh faoin Scéim Oibreacha Samhraidh don bhliain 2020 ar aghaidh.
Rialaítear an scéim le Ciorcláin (0055/2015) agus (0027/2019), atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne. Luaitear iontu go gcuirfear iarratais in ord tosaíochta de réir na gcatagóirí seo a leanas:
An Scéim Oibreacha Samhraidh 2016/2017
Tosaíocht/Catagóir 1: Oibreacha Gáis
Tosaíocht/Catagóir 2: Oibreacha Leictreacha
Tosaíocht/Catagóir 3: Oibreacha meicniúla
Tosaíocht/Catagóir 4: Is faoin scéim Oibreacha Éigeandála anois a chistítear tionscadail a bhfuil mar aidhm leo cuimsiú agus rochtain a éascú do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu
Tosaíocht/Catagóir 5: Saoráidí leithris
Tosaíocht/Catagóir 6: Oibreacha dín
Tosaíocht/Catagóir 7: Tionscadail fuinneoige
Tosaíocht/Catagóir 8: Tionscadail a cheanglaítear faoin gcuraclam
Tosaíocht/Catagóir 9: Feabhsuithe struchtúrtha eile
Tosaíocht/Catagóir 10: Tionscadail chomhshaoil sheachtracha
An Scéim Oibreacha Samhraidh don bhliain 2020 ar aghaidh
Tosaíocht/Catagóir 1: Córais Sábháilteachta Beatha (Aláraim Dhóiteáin, Brath Dóiteáin agus Soilsiú Éigeandála)
Tosaíocht/Catagóir 2: Oibreacha Dín
Tosaíocht/Catagóir 3: Oibreacha Leictreacha (seachas Córais Sábháilteachta Beatha)
Tosaíocht/Catagóir 4: Oibreacha Meicniúla
Tosaíocht/Catagóir 5: Saotharlanna Eolaíochta (Oibreacha Gáis san áireamh)
Tosaíocht/Catagóir 6: Saoráidí leithris
Tosaíocht/Catagóir 7: Tionscadail Fuinneoige
Tosaíocht/Catagóir 8: Ceanglais Churaclaim (seachas Saotharlanna Eolaíochta)
Tosaíocht/Catagóir 9: Fabhtanna creatlaí
Tosaíocht/Catagóir 10: Tionscadail chomhshaoil sheachtracha
De bhun na fógartha seo, is amhlaidh go mbeidh thart ar €130 milliún san iomlán leithdháilte ar 1,184 scoil atá i gCatagóirí 1 go 10 faoin Scéim Oibreacha Samhraidh (2016/2017).
Ina theannta sin, leithdháilfear €17.1 milliún ar 163 scoil atá i gcatagóir 1 faoin Scéim Oibreacha Samhraidh don bhliain 2020 ar aghaidh.