Torthaí sealadacha an chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite fógartha ag an Aire Ryan
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá torthaí sealadacha an chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite fógartha ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son an hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D.
Dúirt an tAire Ryan:
“Mar an tAire um Ghníomhú ar son na hAeráide, tá lúcháir orm go bhfuil torthaí sealadacha an chéad cheant de chuid na Scéime Tacaíochta um Leictreachas In-athnuaite (STLI) ar fáil. Cé go bhfuil na torthaí seo go fóill le faomhadh ag an Rialtas, tugann céad cheant na Scéime ardán dúinn chun tionscadail ghaoithe ar an gcladach agus tionscadail ghréine de scála agus ar an gcostas is ísle a chur i bhfeidhm go mear, agus iad a thabhairt isteach in áit breoslaí iontaise ar an ngreille fuinnimh. Tá ár sprioc maidir le rannpháirtíocht tionscadail phobail bainte amach agus sáraithe againn. Tá tacaíocht á tabhairt do sheacht bpobal a gcumhacht féin a tháirgeadh, comhúinéireacht a ghlacadh ar réabhlóid fuinnimh na hÉireann, agus grúpaí eile a spreagadh le déanamh amhlaidh. Táim ag tnúth le go mbeidh sciar níos airde de thionscadail phobalbhunaithe fuinnimh in-athnuaite le feiceáil sa chéad cheant eile.
Tá na rátaí an-iomaíoch agus tá coigilteas suntasach i gceist leo le hais scéimeanna tacaíochta roimhe seo. Mar gheall ar an líon a fuarthas, táimid ag dul sa treo ceart chun an sprioc uaillmhianach 70% dár leictreachas theacht ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030 a bhaint amach, sprioc atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas agus sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Beidh sé seo ríthábhachtach maidir le hiarracht na hÉireann chun sprioc 32% an AE faoi 2030 a bhaint amach ina hiomláine maidir le fuinneamh in-athnuaite agus i dtaca leis an laghdú 7% in aghaidh na bliana ar astaíochtaí de gháis cheaptha teasa idir 2021 agus 2030.
Tríd na spriocanna seo a bhaint amach, tacófar le hinfheistíocht €1.4 billiún agus tuilleadh in Éirinn, agus tacófar leis an teacht aniar trí thuairim is 10,500 post foirgníochta agus 1,100 post buan breise a chruthú [1]. Mar chuid de Phlean Spreagthaigh mhí Iúil, chiondáil an Rialtas maoiniú faoi choinne printíseachtaí glasa, maoiniú a bheidh de dhíth chun tacú leis na hinfheistíochtaí thuasluaite agus chun conair a sholáthar don aistriú ó dhonn go glas ag cuid mhór pobal in Éirinn, go háirithe i Lár Tíre.
Go dtí seo, is é fuinneamh gaoithe ar an gcósta faoi stiúir forbróra an teicneolaíocht is éifeachtaí ó thaobh costais de in Éirinn. Beidh ról iontach tábhachtach, áfach, ag tionscadail ghréine agus ag tionscadail fuinnimh faoi úinéireacht phobail maidir lenár bpunann ghiniúna fuinnimh in-athnuaite a eagsúlú sa tréimhse suas go 2030.”
CRÍOCH