Preasráitis
Fógraíonn an tAire O'Donovan go bhfuil maoiniú faofa le haghaidh oibreacha cosanta cósta ag Baile Uí Thaidhg, Co. Chiarraí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Contae Chiarraí faoi Scéim Oifig na nOibreacha Poiblí um Mionoibreacha Maolú Tuile agus Cosaint Cósta. Faoin scéim, tá maoiniú breise faofa ag Oifig na nOibreacha Poiblí dar luach €307,910 chun armúr carraige a úsáid um dhaingniú faille, ag Baile Uí Thaidhg. Is maoiniú breise é seo ar €231,489 a faomhadh ar 30 Meitheamh 2020; is é €539,399 an maoiniú iomlán faofa ag OPW le haghaidh na n-oibreacha seo.