Seastán pháirc an Mháimín oscailte go hoifigiúil ag an Aire Stáit Chambers
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus é ar chuairt ar Cheantar na nOileán inniu d’oscail Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D. an seastán nua a thóg Cumann Peile Naomh Anna ag Páirc an Mháimín i Leitir Móir. Cheadaigh Roinn an Aire Chambers deontas €269,309 – ionann le 80% de chostas na hoibre a bhain leis an seastán roimhe seo.
Le linn a chuairte ar Chonamara, thug an tAire Stáit cuairt ar oifigí na Roinne sna Forbacha agus ar oifigí Údarás na Gaeltachta – áit ar bhuail sé le comhaltaí an bhoird. Thapaigh sé an deis chomh maith agus é i gCeantar na nOileán agus na Ceathrún Rua le cuairt a thabhairt ar oifigí Muintearas Teo i dTír an Fhia, ar Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna agus ar champas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, ar an gCeathrú Rua – áit ar bhuail sé le mic léinn idirnáisiúnta atá ag staidéar na Gaeilge le cúnamh ciste scoláireachtaí atá maoinithe ag an Roinn.
Ag oscailt an tseastáin ag Páirc an Mháimín, dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is club an-ghníomhach é Cumann Peile Naomh Anna agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid d’áis ar fáil sa cheantar láidir Ghaeltachta seo chun a chinntiú go mbíonn gach deis ag muintir an cheantair, go háirithe daoine óga, an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn ar bhealach nádúrtha agus iad páirteach in imeachtaí spóirt. Tá ceantar na nOileán ar cheann de na ceantair Gaeltachta is láidre sa tír ó thaobh úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil de. Tréaslaím le Cumann Peile Naomh Anna a chuireann le húsáid na Gaeilge i measc an aos óig ach go háirithe agus le feidhmiú an phlean teanga a sheol mé sa cheantar seo in 2021. Is tráthúil go bhfuil Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sa limistéar seo i mbliana agus is údar bróid é do phobal na háite a gcuid saibhreas teanga agus áis bhreá mar seo chur ar taispeáint. Táim ag tnúth go mór le freastal ar an gcluiche idir Leitir Móir agus an Cheathrú Rua anocht.”