Ráiteas ón Taoiseach, Simon Harris ar bhás Jimmy Carter
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is le fíorbhrón a d’fhoghlaim faoi bhás iar-uachtarán na Stát Aontaithe agus buaiteoir Duais Nobel na Síochána Jimmy Carter.
Agus é ina 39ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe, d’fhreastail Jimmy Carter san oifig is airde dá náisiún le gradam sular chruthaigh sé leagáid bhuanseasmhach mar státaire domhanda agus mar cheannródaí ar chearta an duine.
Ag 100 bliain d’aois, rinne an tUachtarán Carter páirt dá chuid oibre a raibh an tionchar ba mhó ag baint leis tar éis an Oifig Ubhchruthach a fhágáil ar scor a mhair breis is dhá scór blianta.
Tá tionchar domhanda go fóill ag baint lena chuid oibre sa Mheánoirthear agus cuireann sé seo i gcuimhne don dualgas morálta atá ar cheannairí na cruinne an lae inniu le tubaiste dhaonnúil ag tarlú ar scála gan réamhshampla ann anois.
Cuireann leagáid Jimmy Carter i gcuimhne dúinn an méid is féidir leis an taidhleoireacht a bhaint amach; tá comhaontú síochána a chabhraigh sé lena dhéanamh idir Iosrael agus an Éigipt ag Camp David i bhfeidhm go dtí an lá atá inniu ann.
Bhí sé ina chuiditheoir díograiseach don tsíochán in Éirinn agus ina ghuth measúil ar an mbealach chuig Comhaontú Aoine an Chéasta.
Tá duine iontach daonnúil caillte ag an domhan, tá Uachtarán iontach caillte ag na Stáit Aontaithe, agus tá fear iontach galánta caillte ag teaghlach.
Ar dheis Dé go raibh a anam dilís.
CRÍOCH.