Cuireann an tAire Martin an t-eolas is déanaí ar fáil maidir le hathchóiriú rialachas RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD, an Rialtas ar an eolas inniu (Dé Máirt, an 25 Meitheamh) maidir leis na céimeanna agus na hathruithe atá beartaithe agus atá idir láimh mar chuid de na hathchóirithe rialachais in RTÉ tar éis fhoilsiú thuarascálacha an dá Choiste Comhairleach Saineolaithe a scrúdaigh raon ábhar in RTÉ an mhí seo caite.
Ag labhairt tar éis eolas a thabhairt don Rialtas faoi dhá phléan gnímh athchóirithe, dúirt an tAire Martin:
“Tá athchóiriú leanúnach ar rialachas agus rialuithe inmheánacha ríthábhachtach in iarrachtaí leanúnacha RTÉ chun muinín a ndearnadh dochar mór dó le bliain anuas a atógáil. Fáiltím roimh an obair a rinne RTÉ cheana féin, agus fáiltím go háirithe roimh na gealltanais bhreise a thug an Cathaoirleach agus ag an tArd-Stiúrthóir chun leanúint leis an bpróiseas athchóirithe seo.”
Mar a d’éiligh an tAire, d’ullmhaigh RTÉ plean forfheidhmithe a bheidh faoi réir maoirseacht agus monatóireacht leanúnach Roinn an Aire agus oifigigh NewERA. Tá RTÉ tiomanta do raon gníomhartha ag leibhéal an Bhoird agus an Fheidhmeannais, lena n-áirítear:
• gach próiseas rialachais agus rialaithe a chur ar bhonn foirmiúil,
• athbhreithniú rialta ar nósanna imeachta agus téarmaí tagartha don Bhord agus don fheidhmeannas araon
• athbhreithniú chun a chinneadh conas is fearr na feidhmeanna riosca agus comhlíonta a mholtar a eagrú
• comhaltaí Boird ag cinntiú go bhfuil eolas riachtanach á fháil acu ón bhfeidhmeannach
• athbhreithnithe rialta ar fheidhmiú an Bhoird agus cinntiú go bhfuil aghaidh tugtha ar bhearnaí scileanna ar an mBord
• cosán a fhorbairt le gur féidir le foireann RTÉ dul chun cinn a dhéanamh mar láithreoirí, le tiomantais do dheiseanna nua foghlama agus forbartha, agus
• rannpháirtíocht leis an meitheal oibre ar bhonn níos minicí agus níos suntasaí
Dúirt an tAire Martin, chomh maith:
“Leagtar amach i dtuarascálacha an dá Choiste Comhairleach Saineolaithe, a d’fhoilsigh mé an mhí seo caite, treoirphlean trínar féidir rialachas inmheánach agus seachtrach agus maoirseacht RTÉ a neartú chun dearbhú níos fearr a thabhairt don phobal. Ag an am céanna, cabhróidh na gealltanais a thug RTÉ chun próisis inmheánacha a athchóiriú agus chun a chultúr agus a chleachtais AD a scrúdú chun an craoltóir a athrú ina eagraíocht agus ina fhostóir atá níos cothroime agus níos trédhearcaí.”
Chuir an tAire an Rialtas ar an eolas freisin faoi phleananna a Roinne féin chun na forálacha reachtaíochta riachtanacha a chur chun cinn chun moltaí an Choiste Chomhairligh Saineolaithe ar Rialachas agus Cultúir a chur i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá reachtaíocht á hullmhú ag mo Roinnse lena ndéanfar athchóiriú ar an mbonn reachtaíochta do rialachas RTÉ. Is é an t-athchóiriú is tábhachtaí ná sannadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar iniúchóir ar RTÉ, rud a chinnteoidh go mbeidh RTÉ freagrach go díreach don Choiste um Chuntais Phoiblí. Déanfaidh an reachtaíocht foráil freisin d’athchóiriú a bhfuil géarghá leis ar an samhail mhaoinithe do na meáin seirbhíse poiblí. Anois an t-am le cinnteacht a thabhairt maidir le maoiniú amach anseo a chuirfidh ar chumas ár gcraoltóirí seirbhíse poiblí leanúint ar aghaidh ag freastal ar lucht féachana na hÉireann."
Tar éis do RTÉ glacadh le moltaí an dá athbhreithniú neamhspleácha agus an plean forfheidhmithe mionsonraithe a ullmhú, dheimhnigh an tAire Martin freisin go raibh a Roinn ag scaoileadh anois an chéad tráinse de €20m de mhaoiniú eatramhach a d’aontaigh an Rialtas a chur ar fáil i mbliana. Tá sé i gceist iarmhéid an mhaoinithe a scaoileadh níos déanaí sa bhliain, a bheidh faoi réir dul chun cinn breise a dhéanamh ar leasuithe a chur i bhfeidhm.