Comhráiteas ón Dr Ronan Glynn agus ón Dr Michael McBride
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Leas-Phríomhoifigeach Leighis na hÉireann an Dr Ronan Glynn agus Príomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann an Dr Michael McBride tar éis comhachainí a dhéanamh ar mhuintir an oileáin ar fad comhairle sláinte poiblí a leanúint d’fhonn a chinntiú go mbeidh Cáisc shábháilte ag gach uile dhuine.
Ag labhairt dóibh tar éis cruinnithe tráthnóna inniu, dúirt Leas-Phríomhoifigeach Leighis na hÉireann an Dr Ronan Glynn agus Príomhoifigeach Leighis Thuaisceart Éireann an Dr Michael McBride i ráiteas.
“Is tréimhse í an Cháisc nuair a bhíonn sé de thraidisiún ag cuid mhaith againn, am a chaitheamh lenár dteaghlaigh agus lenár ngaolta. Ar an drochuair, i rith na Cásca seo, tá víreas an-chontúirteach, thar a bheith in-tarchurtha i measc ár bpobal, leanann se ag scaipeadh agus ag cruthú breoiteachta tromchúiseacha agus, faraor, bás.
“Chloí daoine i ngach cearn d’Éirinn le comhairle na sláinte poiblí trí na bearta iomchuí go léir a dhéanamh chun gach duine againn a chosaint ar an ngalar seo. Tá formhór na ndaoine ag déanamh íobairt ollmhór agus ag cailleadh amach ar am lena muintir ionas go bhféadfaimis fanacht ar bhealach an leasa leis an treoir sláinte poiblí.
“Ní mór dúinn a iarraidh go dtarraingeoimid le chéile arís chun babhta eile ionfhabhtaithe a chosc tríd an gCáisc seo a cheiliúradh go sábháilte. Lean ort ag cloí le comhairle na sláinte poiblí. Ná tabhair deiseanna don víreas seo scaipeadh.
“Chonaiceamar cheana an buntáiste soiléir a bhaineann le vacsaínithe le cásanna agus básanna i dtithe altranais agus in ospidéil agus cásanna i measc oibrithe cúraim sláinte laghdaithe go suntasach ar fud an oileáin. Tá saol níos fearr i ndán dúinn.
“Más féidir linn cloí leis na bearta seo, is féidir linn babhta eile a sheachaint agus beidh gach duine againn, le chéile, in ann breathnú siar mar shochaí, bródúil as an gcaoi a thángamar le chéile chun gach duine a chosaint agus chun an bheatha a shábháil."
CRÍOCH