Fáilte curtha ag an Tánaiste roimh an méadú ar an gcistiú caipitil do réimse na Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Cosanta, an Tánaiste Micheál Martin, fáilte inniu roimh leibhéil chistithe caipitil do réimse na cosanta nach bhfacthas a leithéid riamh, sa dhá bhliain amach romhainn.
Cuirfidh na leithdháiltí athbhreithnithe (€215 milliún in 2025 agus €220 milliún in 2026) le hiarrachtaí leanúnacha chun trealamh agus bonneagar de chuid Óglaigh na hÉireann a nuachóiriú agus a thabhairt suas go dtí an caighdeán.
Agus na leithdháiltí méadaithe caipitil á bhfógairt aige, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Tánaiste:
“Is léiriú soiléir an méadú ar chistiú caipitil ar thiomantas láidir an Rialtais infheistíocht a dhéanamh in Óglaigh na hÉireann, agus ar an gcaoi sin tacú lena gcaochlú go fórsa míleata nua-aimseartha, lúfar, ag fónamh sa bhaile agus thar lear, agus ag freagairt do bhagairtí agus imeachtaí a bhaineann leis an slándáil dhomhanda agus atá ag éirí níos casta.”
Cuirfidh an cistiú caipitil breise dlús le claochlú Óglaigh na hÉireann i gcomhréir leis an gCreat Straitéiseach agus leis na cuspóirí atá leagtha amach sa Phlean Mionsonraithe Cur Chun Feidhme maidir leis an Tuarascáil ón gCoimisiúin um Óglaigh na hÉireann(CODF).
Leis na cistí seo déanfar infheistíocht i raon trealaimh lena n-áirítear Trealamh Diúscartha Ordanáis Phléascaigh (EOD), Clogaid agus Armúr Colainne, Trealamh Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch & Núicléach (CBRN), agus Trealamh Oíche, chomh maith le dul chun cinn a dhéanamh maidir le tionscadail ríthábhachtacha trealaimh ar nós Córais Radar Míleata agus Cumais Feasachta Fo-Fharraige, Bainistíocht agus Athsholáthar Cabhlaigh a fhorbairt, agus aerárthaigh sciatháin dhobhogtha nua agus rótarárthaigh nua a cheannach, lena n-áirítear aerárthach Aerárthaigh Iompair mhíleata.
Ina theannta sin, cuirfidh na leithdháiltí méadaithe dlús le dul chun cinn maidir le líon suntasach tionscadal Bonneagair sna blianta atá le teacht, amhail: