Seolann na hAirí Humphreys agus Burke Cairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Peter Burke TD, an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige inniu.
Sheol na hAirí an Chairt in oifig Accenture i mBaile Átha Cliath ar fhreastail Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann agus fostóirí ó earnálacha éagsúla air.
Is príomhbheart í an Chairt faoi chuspóirí Bealaí chun Oibre an Rialtais chun go ndéanfadh cuideachtaí gníomhaíochtaí a sheachadadh chun tacú le daoine atá ag iarraidh dul isteach san ionad oibre nó filleadh ar an ionad oibre.
Tugtar cuireadh d’fhostóirí dul i ngleic leis an gCairt agus clárú le cuid de na sé ghealltanas liostaithe nó iad go léir.
Is toradh í an Chairt ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann, Foghrúpa Fostóirí Chomhairle Chomhairligh an Mhargaidh Saothair (CCMS), Comhairle Náisiúnta na nÓg agus an INOU (Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe).
Glactar leis nach bhfuil bacainní ar earcaíocht teoranta do dhaoine óga, freastalóidh an Chairt freisin ar ghrúpaí cuardaitheoirí poist a bhféadfadh sé a bheith deacair dóibh agallamh a fháil, taithí oibre a fháil nó bogadh isteach san obair. Tá siad faoi lé na dtionchar dhiúltacha chéanna ón dífhostaíocht. Áirítear ar na grúpaí tosaíochta seo:
Agus í ag labhairt faoin seoladh, dúirt an tAire Heather Humphreys:
“Is beart nua tábhachtach í an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige do chuardaitheoirí poist a bhfuil fíorbhacainní rompu chun obair a aimsiú agus tógáil ar a mbealach chuig infhostaitheacht. Tugtar cuireadh d’fhostóirí athrú dearfach a thabhairt ar shaol cuardaitheora poist trí chabhrú leo siúd is faide ón bhfórsa saothair chun saol na hoibre a fhiosrú le deiseanna nua a scileanna agus a dtaithí a fhorbairt.
“Is féidir leis an gCairt feidhmiú mar uirlis luachmhar nua d’fhostóirí chun a dtiomantas do chomhtháthú sóisialta agus cuimsitheacht a dhéanamh, agus ag an am céanna rannchuidiú le forbairt an fhórsa saothair de réir mar a thacaíonn oibrithe le cuardaitheoirí poist trí mheantóireacht, leanúint oibre, cuairteanna suímh, athbhreithniú CV agus ullmhú agallaimh a thairiscint.
“Tá moltaí praiticiúla ag gabháil leis an gCairt agus is féidir le foireann Intreo ar fud na tíre tacú le fostóirí a gcuid gealltanas sa Chairt a chomhlíonadh.”
Dúirt an tAire Peter Burke:
“Fáiltím roimh fhoilsiú inniu na Cairte Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige agus an straitéis nuashonraithe Bealaí chun na hOibre. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimis tacaíocht do dhaoine óga agus do ghrúpaí imeallaithe eile a bhfuil deacrachtaí nó bacainní rompu dul isteach sa mhargadh saothair agus go soláthróimid deiseanna dóibh na scileanna luachmhara a bheidh de dhíth orthu in ionad oibre an lae inniu a fháil.
“Leanfaidh an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus a gníomhaireachtaí fiontair, GFT Éireann agus Fiontraíocht Éireann, ag ardú feasachta fostóirí agus ag spreagadh glacadh le tacaíochtaí fostaíochta mar an scéim fhóirdheontais JobsPlus leathnaithe agus an Clár Socrúcháin Taithí Oibre.
“Leanfaidh mo Roinn de bheith ag obair go dlúth leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun na gníomhartha athbhreithnithe i mBealaí chun na hOibre a chur i bhfeidhm agus chun tacú le cuardaitheoirí poist fostaíocht ardchaighdeáin a aimsiú agus a chothabháil.”
Tá an Chairt nua bunaithe ar chomhairliúchán a rinneadh le daoine óga i gcomhar le INOU, CNÓ agus CGFÉ. Léirigh na grúpaí fócais agus suirbhé ar líne ar dhaoine óga a mhian le haghaidh taithí oibre agus forbairt scileanna chun tacú le deiseanna fostaíochta. Labhair siad freisin ar mhian láidir le hionchur ó fhostóirí chun fostaíocht a fháil agus iad ag obair, le CV a fhorbairt agus le tuiscint níos fearr a fhorbairt ar na róil.
Spreag an tAire fostóirí le clárú don Chairt ar www.gov.ie/Charter , ríomhphost employer@welfare.ie a sheoladh nó teagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo áitiúil chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gCairt.
Tá an Chairt Fostaíochta agus Rannpháirtíochta Óige ar cheann de roinnt beart atá san áireamh sa straitéis nuashonraithe Bealaí chun na hOibre a foilsíodh inniu freisin, tar éis Athbhreithniú Meántéarmach a rinne an Chomhairle Chomhairleach ar an Margadh Saothair.
Áirítear leis an gcreat seo de sheirbhísí fostaíochta agus gníomhachtúcháin an Rialtais iomlán seo sraith athbhreithnithe gealltanas agus gníomhartha a dhéanfar a sheachadadh ar feadh ré na straitéise atá fágtha (deireadh 2025). Ar an eolas ó chomhairle agus ó mholtaí na Comhairle, tá an straitéis fós ábhartha agus freagraíonn sí do dhúshláin mhargadh an tsaothair faoi láthair agus sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair, John Martin, iar-Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Fostaíochta, Saothair agus Gnóthaí Sóisialacha san ECFE:
“Mar a léiríodh san Athbhreithniú Meántéarmach, tá torthaí an-mhaith bainte amach ag an straitéis Bealaí chun na hOibre, a seoladh i lár 2021, ag cinntiú go bhfuil margadh saothair na hÉireann gar do lánfhostaíocht anois. Tá a fhios ag an gComhairle, áfach, go bhfuil dúshláin fós le sárú ag margadh an tsaothair sa dá bhliain atá fágtha den straitéis. Dá réir sin, molann an tAthbhreithniú Meántéarma roinnt spriocanna nua agus moltaí beartais le breithniú ag an Rialtas. Thar ceann na Comhairle, tá áthas orm gur úsáideadh an tAthbhreithniú Meántéarmach chun an straitéis nuashonraithe Bealaí chun na hOibre a threorú. Déanfaidh an Chomhairle monatóireacht ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise nuashonraithe agus tá sí ag tnúth le tuairisciú don Aire air seo níos déanaí i mbliana.”
Agus í ag fáiltiú roimh an bhfoilseachán inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cinntíonn an straitéis nuashonraithe Bealaí chun na hOibre go n-oibreoimid go héifeachtach ar fud an Rialtais chun dul i ngleic go réamhghníomhach le dúshláin aitheanta agus atá ag teacht chun cinn sa mhargadh saothair amhail ganntanas scileanna agus saothair, na haistrithe glasa agus digiteacha, agus méadú ar rannpháirtíocht grúpaí atá faoi ghannionadaíocht. sa mhargadh saothair. Tá thart ar 50,000 duine dífhostaithe go fadtéarmach ar an mBeochlár á síniú le haghaidh pleananna dul chun cinn pearsanta. Tríd seo, buaileann siad go rialta le Comhairleoir Fostaíochta ionas gur féidir leo comhairle agus tacaíocht shaincheaptha a fháil a oireann dá riachtanais.”
I measc na mbeart eile a d’fhógair an tAire inniu tá athruithe chun rochtain fostóirí ar JobsPlus, Clár Socrúcháin Taithí Oibre agus Scéim Fóirdheontas Pá na Roinne Coimirce Sóisialaí a shruthlíniú agus a fheabhsú:
Pleananna Pearsanta Dul chun Cinn
Cuireann an Roinn raon tacaíochtaí ar fáil do chuardaitheoirí poist dífhostaithe chun na scileanna, an t-eolas agus an taithí riachtanach a fháil chun cabhrú leo bealach a aimsiú chuig fostaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear:
An Clár Socrúcháin Taithí Oibre (CSTO)
Tugann CSTO deis do chuardaitheoirí poist nach bhfuil aon taithí oibre acu roimhe seo taithí oibre luachmhar agus oiliúint chreidiúnaithe a fháil thar thréimhse sé mhí.
Jobsplus
Soláthraíonn an scéim Jobsplus deontais idir €7,500 agus €10,000 d'fhostóirí mar dhreasacht airgid chun fostóirí a spreagadh chun daoine dífhostaithe a fhostú.
Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO)
Is scéim deiseanna oideachais í an LFO do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe ar mian leo tabhairt faoi chúrsaí oideachais dara nó tríú leibhéal.
Rogha Oideachais Páirtaimseartha (ROPA)
Ligeann ROPA do chuardaitheoir poist freastal ar chúrsa páirtaimseartha lae nó tráthnóna oideachais nó oiliúna fad a leanann siad ar aghaidh ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le híocaíochtaí Cuardaitheora Poist.
Deontas Tacaíochta Oiliúna (DTO)
Is deontas suas le €1,000 é DTO agus maoiníonn sé rochtain thapa ar oiliúint ghearrthéarmach nó ar idirghabhálacha gaolmhara.
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (LFFO)
Cabhraíonn an scéim LFFO le daoine dífhostaithe agus le daoine eile a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a bheith féinfhostaithe.
Fostaíocht Pobail (FP)
Tá sé mar aidhm ag an scéim FP deiseanna sonracha fostaíochta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe ar an mbeochlár thar 12 mhí agus do chuardaitheoirí poist leochaileacha eile.
TÚS
Is scéim socrúcháin oibre pobail é tionscnamh Tús a chuireann deiseanna oibre gearrthéarmacha ar fáil do dhaoine dífhostaithe.