Ailtireacht Phailliúin Éireann ag Expo 2020 Dubai
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an Déardaoin seo caite, d’fhógair Rialtas na hÉireann an clár um pháirt na hÉireann ag Expo Dubai – an Expo Domhanda is mó go dtí seo agus an chéad cheann sa Mheán-Oirthear. Cuireann sé seo an chruthaíocht sa phríomháit san 21ú aois. Bunaithe ar an téama Connecting Minds, Creating the Future, beidh deis ag cuairteoirí suas chuig 31 Márta 2022 eolas ar chuir ar Éirinn mar “oileán na hinspioráide agus na cruthaíochta”. Is i bpailliún Éireann, a dhearaigh Oifig na nOibreacha Poiblí don Roinn Gnóthaí Eachtracha, a tharlóidh an gníomhú seo, áit a léirítear an tras-shíolrú idir traidisiúin éagsúla agus inspioráid dá thoradh san um chur chuige nua inbhuanaithe maidir le dearadh in oiriúint don chomhshaol ar leith.
Is é seo an dara uair ag Ailtirí OPW pailliún Éireann a dhearadh, faoi Ailtire Stáit Ciarán O’Connor agus Príom-Ailtire Cúnta Ger Harvey. Ag Expo Milan 2015, chruthaíodar struchtúr cuartha adhmaid, ar snámh mar a bheadh bád faoi lán seoil ar uisce, a bhuaigh an Gradam um Expo Inbhuanaithe, mar gheall ar léiriú a thabhairt ar chonas tionchar comhshaoil an Phailliúin a mhaolú. Bhí ceisteanna inbhuanaitheachta agus comhshaoil mar bhonn eolais le gach gné den fhoirgneamh – an cuar ag leanúint treo na gréine, adhmad áitiúil in úsáid chun an lorg carbóin a laghdú, gairdín ar an dion agus athúsáid na bpainéal admhaid chun pailliún na hIodáile a thógáil ag an 15ú Venice Biennale an bhliain dar gcionn.
Thosaigh an dearadh um Dubai 2020 ar an gcaoi céanna le measúnu comhshaoil ar an láthair agus taighde ar ailtireacht an Mheán-Oirthir um réitigh ar dhianaeráid an ghaineamhlaigh. Bhí gaol idir na clóis agus gairdíní laistigh mar fhothain ó theas na gréine agus na clabhstraí in ailtireacht Mheánaoiseach an Iarthair. Á gcur seo i dteannta le tuamaí Neoiliteacha Éireann atá breis agus 5,000 bliain d’aois, agus a ngaol siúd leis an tírdhreach agus leis an ngrian, bhí sé mar aidhm ag na hailtirí tuiscint a léiriú ar threorú gréine agus a chumas san um fheidhmiú mar ghléas meafarach san fhoirgneamh a dhearaigh siad.
Léiríonn struchtúr agus sraitheanna an phailliúin gnéithe ailtireachta an oirthir agus an iarthair. Tá dhá chearnóg agus siúlán clabhstrach á gceangail. Ar an dtaobh amuigh, tá colúin simplí mar léiriú ar fhoirgnimh stairiúla na hÉireann; tá siad suite 3m óna chéile agus eatarthu tá painéil a léirionn ealaíon Neoiliteach a fhaightear ag Cnómha, láthair Oidhreachta Domhanda UNESCO. I rith an lae is cosaint ar theas na gréine na painéil seo; istoíche soilsítear iad laistigh agus lasmuigh.
Istigh sa phailliún, gabhann an cuairteoir ar thuras ama, ón oirthear go dtí an t-iarthar, ón Mheán-Oirthear go hÉirinn, idir inné agus inniu. Ar theacht isteach don chuairteoir ón dtaobh thoir, tá spás ciorclach taispeántais faoi dhíon ardaithe i bhfoirm choirceoige, agus oscailt chun spéire a chuireann ainm ar an seomra: Oculus. Gabhann pasáiste uaidh sin isteach san dara spás – clós faoi scáth, an Gairdín, mar a mbeidh clár beo cultúrtha le réimse leathan cruthaíochta Éireann le feiceáil.
Gaol comhchuí idir an saol nádúrtha agus an saol tógtha atá mar bhonn le saothar OPW anseo; léirionn dearadh an phailliúin é seo toisc go bhfuil inbhuanaitheacht mar bhunphrionsabail ó thús deireadh na hoibre maidir leis na hábhair thógála agus na córais chomhshaoil áta i bhfeidhm. Deineadh samhaltú fuinnimh chun a chinntiú go mbeadh fuinneamh oibríochta an phailliúin laistigh de theorainneacha inbhuanaithe. Dearadh an fráma cruaidhe agus na colúin boird stroighne sa chaoi go bhféadfai ábhair a athchúrsáil agus a athúsáid, mar a tharla le pailliún Milan. Faoi láthair, is dóichí go bhfanfaidh an foirgneamh ar an láthair agus go n-úsáidfear é mar mhol oideachais nuair a thiocfaidh deireadh leis an dtaispeántas in earrach na bliana seo chugainn. Sa chaoi seo, léiríonn dearadh OPW freagra ar théama an Expo – “an todhchaí a chruthú” – ag freagairt don dúshlán um chomhshaol tógtha inbhuanaithe a chruthú a théann in oiriúint do riachtanais atá de shíor ag athrú.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Tá Oifig an Ailtire Stáit/Phríomh-Ailtire freagrach as foireann ailtireachta OPW a threorú agus a bhainistiú, le forbhreathnú ar ghnéithe ailtireachta tionscadail thógála, cothabháil ar cháilíocht réadmhaoine an Stáit agus caomhnú maoine oidhreachta atá faoi chúram an Stáit, chomh maith le feidhmiú mar phríomhchomhairleoir an Rialtais maidir le cúrsaí ailtireachta. Soláthraíonn foireann ailtireachta OPW seirbhísí dearaidh, tógála agus tacaíochta de réir mar is gá.
Bhuaigh OPW mórán gradam ailtireachta ón Institiúid Ríoga Ailtirí in Éirinn (RIAI), Cumann Ailtireachta Éireann (AAI) agus OPUS, chomh maith leis an Bonn Europa Nostra agus an Gradam Eorpach um Oidhreacht Chultúrtha.
Ceapadh Ciarán O’Connor mar Ailtire Stáit agus Príomh-Ailtire in Oifig na nOibreacha Poiblí in 2012. Bhí se ag obair sa Ghearmáin agus i gCeanada roimhe sin. Is comhalta é de Bhord Bainistíochta OPW, freagrach as an Aonad um Mhórthionscadail agus an Aonad Bonneagair Breatimeachta. Stiuraíonn sé freisin na Seirbhísí Ailtireachta agus Gairmiúla, ar a bhfuil cúram réimse leathan oibreacha, tionscadail um thógáil nua, caomhnú agus tírdhreacha san áireamh. Is Comhalta é den RIAI, agus Uachtaráin an eagrais sin don tréimhse 2020-2021.
Is Príomh-Ailtire Cúnta in Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) é Gerard Harvey. Tá sé faoi láthair i gceannas ar Oifig an Ailtire Stáit in OPW. Tá sé freagrach as tionscadail a sholáthar, máistirphleanáil agus polasaí ailtireachta a leagan amach ar leibhéal eagraíochta agus náisiúnta araon. Tá céim Ailtireachta aige agus dioplóma iarchéime i gCaomhnú. Tá taithí tógála 25 bliana aige agus bhí sé ag obair ar réimse leathan tionscadal ailtireachta a bhuaigh gradaim. Dhearaigh sé tionscadail phoiblí in Éirinn, chomh maith le Nua Eabhrac, Milan agus Dubai. In 2006 bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh an Gradam Europa Nostra um Oidhreacht Chultúrtha mar ailtire tionscadail ar athchóiriú an Tí Pailme ag Garraithe Náisiúnta na Lus. Is ball é den RIAI.