Sroicheann 500,000 vacsaín COVID-19 arna ndeonú ag Éirinn an Nigéir
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Sláinte; An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shroich coinsíneacht 500,000 vacsaín COVID-19 arna ndeonú ag Éirinn an Nigéir inniu. Seo an chéad choinsíneacht vacsaíní a bhronn Éire tríd an tsaoráid COVAX.
Thug an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, ar aird gurb é seo an dara síntiús suntasach vacsaíní a bhronn Éire le míonna beaga anuas tar éis an tseachadta chuig Uganda le déanaí.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tar éis síntiús díreach na hÉireann le déanaí de níos mó ná 300,000 vacsaín chuig Uganda, fáiltím roimh na chéad seachadtaí dáileoga vacsaíne a deonaíodh tríd an bpróiseas COVAX. Léiríonn an síntiús suntasach seo de 500,000 vacsaín don Nigéir tiomantas leanúnach na hÉireann do rochtain uilíoch vacsaíní COVID-19 agus a ndáileadh cothrom agus muid ag obair le chéile chun an phaindéim dhomhanda seo a chur faoi smacht."
Dúirt an tAire a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy TD:
“Creidim gur chóir go mbeadh rochtain ag gach duine ar vacsaín COVID-19, is cuma cá gcónaíonn siad. Mar is eol dúinn ónár dtaithí féin, laghdaíonn vacsaíní an baol trombhreoiteachta. Tá sé riachtanach líon na ndaoine atá vacsaínithe ar fud an domhain a fheabhsú chun an phaindéim a chur faoi smacht. Tá caidreamh ag Éirinn leis an Nigéir le fada agus táimid sásta tacú lena n-iarrachtaí a ndaoine a choinneáil slán. Táimid tiomanta 1.3 milliún dáileog vacsaín a roinnt le tíortha eile trí COVAX agus muid ag déanamh ár gcuid sa fhreagairt dhomhanda ar an bpaindéim seo."
Tá deonú 500,000 vacsaín Janssen mar chuid de thiomantas na hÉireann 1.3 milliún dáileog vacsaín a bhronnadh tríd an tSaoráid COVAX i mbliana mar chuid de mhéadú mór ar an bhfeachtas vacsaínithe domhanda.
Tacóidh na vacsaíní aon dáileoige Janssen le rolladh amach náisiúnta na vacsaíní sa Nigéir áit a bhfuil an ráta vacsaínithe faoi bhun 2%. Thug an WHO le fios go bhfuil gá le ráta vacsaínithe domhanda de 70% faoi lár 2022 má táimid chun leathadh an ghalair a chosc agus an baol go ndéanfar sócháin bhreise sa víreas a laghdú.
Bunaíodh COVAX mar an mheicníocht chomhoibritheach chun rochtain chothrom ar vacsaíní COVID-19 a chinntiú i ngach áit, agus le béim ar leith ar rochtain do thíortha ar ioncam íseal agus meánioncaim a fheabhsú.
Chomh maith leis an 1.3 milliún dáileog den vacsaín a gheall Éire a roinnt, tá €7 milliún geallta ag Éirinn i dtacaíocht airgeadais do COVAX. Tá torthaí suntasacha á thaispeáint ag an tsaoráid, ag seachadadh os cionn 500 milliún dáileog den vacsaín do 144 rannpháirtí ar fud an domhain. Is tríd an tSaoráid COVAX a sheachadadh níos mó ná 80% de na vacsaíní a bronnadh ar thíortha ar ioncam íseal.
Tabharfar tuilleadh vacsaíní tríd an tSaoráid COVAX sna seachtainí amach romhainn.
CRÍOCH