Nuashonrú ar íocaíochtaí a bronnadh d’Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 agus Sochar Breoiteachta Breisithe - an 13 Iúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí seachtainiúla an tseachtain seo ar a bhfuil luach €62.7 milliún do 211,847 duine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu.
Is ionann an líon faighteoirí ÍDP agus laghdú 9,241 duine i gcomparáid leis an tseachtain seo caite. Ba san Earnáil Seirbhísí Cóiríochta agus Bia a bhí an laghdú ba mhó de bhreis ar 3,700 duine.
Tá na figiúirí ÍDP a foilsíodh inniu anuas ar na 175,281 duine a bhí ar an mBeochlár amhail deireadh mhí an Mheithimh. Íocadh gach Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 isteach i gcuntais bhainc faighteoirí nó tá siad ag a n-oifig poist inniu, Dé Máirt, an 13 Iúil.
Spreag an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu aon duine atá gan obair machnamh a dhéanamh ar na tacaíochtaí fostaíochta a fháil a fógraíodh an tseachtain seo mar chuid de straitéis Bealaí chun Oibre an Rialtais.
Bainfidh an straitéis bacainní roimh fhostaíocht, cuirfidh sé na mílte áit oiliúna agus oideachais ar fáil, cuirfidh sé feabhas suntasach ar an tSeirbhís Fostaíochta Poiblí, agus cuirfidh sé dreasachtaí ar fáil d’fhostóirí chun daoine a bhaint den Bheochlár, agus cuirfidh sé pacáiste speisialta tacaíochta ar fáil do dhaoine óga.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Leagtar amach in Bealaí chun Oibre á bpleananna uaillmhianacha chun tacú leis na mílte duine an fhostaíocht a bhaint amach.
“Tá 83 príomhghealltanas ann agus tá an straitéis seo dírithe ar dhuine ar bith a fhágáil ar lár agus a chinntiú go mbíonn obair ar fáil dár saoránaigh go léir.
“Cibé acu más teacht ar chomhairle nó oiliúint, nó taithí oibre íoctha faoinár gClár nua Socrúcháin Taithí Oibre a bhíonn i gceist, tabharfaidh Bealaí chun Oibre an tacaíocht do dhaoine a theastaíonn uathu le fostaíocht inbhuanaithe ardchaighdeáin a aimsiú.
“Dar ndóigh, i gcás daoine atá ag fanacht go fóill ar athoscailt a n-earnála agus ar a bpoist a bheith ar fáil arís, leanfar le ÍDP a íoc leo.
“Ach i gcás daoine eile a dteastaíonn tacaíocht uathu chun fostaíocht nua a aimsiú, tá mo Roinn anseo chun cabhrú leo. Spreagfainn aon duine atá sa chás seo teagmháil a dhéanamh lena nIonad Intreo áitiúil.
Ag caint dó faoi fhigiúirí ar leith an lae inniu faoi ÍDP, dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Tá a gcuntais ÍDP dúnta ag breis agus 270,000 duine ó mhí Feabhra mar gheall gur fhill siar ar an obair.
“Léiríonn an laghdú i líonta an lae inniu, anuas air sin, an dul chun cinn atá á dhéanamh againn lenár ngeilleagar a athoscailt agus ár ngnólachtaí a oscailt arís.
“Is féidir súil a bheith againn sna seachtainí amach romhainn go dtiocfaidh laghdú breise ar an líon faighteoirí, go háirithe de réir mar a dhéanaimid fáilteachas taobh istigh a athoscailt.
“Leanfaidh cur chuige uileghabhálach an rialtais a bheith ina chur chuige atá cúramach agus a thugann tús áite do shláinte ár saoránach.
“Cé go bhfuil dul chun cinn iontach á dhéanamh againn, ní mór dúinn monatóireacht chúramach a dhéanamh ar threo an víris seo sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”
Leagtar amach sonraí breise faoi na treochtaí sna hAguisíní.
Agus súil á caitheamh ar an gcohórt aoise atá leagtha amach in Aguisín 3, leanann an laghdú is mó an tseachtain seo a bheith ar an aoisghrúpa faoi 25 bliain d’aois, ina bhfuair 45,881 duine ÍDP i gcomparáid le 50,437 duine an tseachtain seo caite.
Is é Baile Átha Cliath an contae ina bhfuil an líon is airde daoine go fóill a bhfuil ÍDP á fháil acu an tseachtain seo (78,042). Is iad Corcaigh (18,915) agus Gaillimh (11,261) an dara agus an tríú contae ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil ÍDP á fháil acu.
Is í an earnáil ina bhfuil an líon is airde daoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ná Gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (50,754) agus Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (32,343) agus gníomhaíochtaí Seirbhíse Riaracháin agus Tacaíochta (23,189).
Gabhann an tseachtain íocaíochta d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime ón Aoine go Déardaoin agus íoctar íocaíochtaí an Mháirt ina dhiaidh sin. Gheobhaidh daoine a dhún a n-éileamh ar ÍDP faoi Dé Luain, an 12 Iúil, mar gheall gur fhill siad ar an obair, a n-íocaíocht dheireanach ÍDP Dé Máirt, an 20 Iúil.
Leanann an Roinn ag meabhrú d’oibrithe atá ag filleadh ar an obair go gcaithfidh siad a n-éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ar an dáta féin a thosóidh siad ag oibriú arís, lena chinntiú go bpróiseáiltear a n-éileamh i gceart agus lena sheachaint ró-íocaíocht a dhéanamh a rachaidh an Roinn i mbun beart lena haisghabháil.
Mar gheall go n-íoctar ÍDP gach seachtain i riaráistí, tá íocaíocht dheireanach á fáil an tseachtain seo ag 4,953 duine de na daoine seo agus cuirtear na daoine seo san áireamh go fóill sna líonta atá á n-íoc an tseachtain seo.
Dhún breis agus 7,500 duine a n-éilimh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime le seacht lá anuas agus thug siad le fios go ndearna siad sin mar gheall go raibh siad ag filleadh ar an obair. Is iad na trí earnáil is mó inar chuir fostaithe deireadh lena nÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime chun filleadh ar an obair Gníomhaíochtaí Seirbhíse Cóiríochta agus Bia (2,590), Trádáil Mhórdhíola agus Mhiondíola (1,105) agus Tógáil (622).
Is é an bealach is fusa chun éileamh ar Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a dhúnadh ná ar líne trí www.MyWelfare.ie. Is féidir le haon oibrí atá ag filleadh ar an obair a bhfuil fiosrúchán acu faoina n-éileamh a dhúnadh, teagmháil a dhéanamh le Líne Thacaíochta Ioncaim thiomnaithe na Roinne trí ghlao ar 1890 800 024 ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.
Tugann an roinn faoi shraith seiceálacha réamhíocaíochta agus iaríocaíochta ar gach éileamh ar ÍDP, seiceálacha cáilitheachta leanúnaí san áireamh. Má dhéantar na seiceálacha seo a cheadú, déanann an Roinn na híocaíochtaí seo a phróiseáil bunaithe ar fhéindearbhú na gcliant.
Déanann an roinn seiceálacha iaríocaíochta lena n-áirítear sonraí a fhíorú in aghaidh thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, cásanna a scrúdú ina mbaintear úsáid as an gcuntas bainc céanna roinnt mhaith amanna, ina scrúdaítear cásanna ina dtugann an fostóir nó baill den phobal buarthaí le fios, agus ina n-úsáidtear anailísíocht sonraí chun éilimh a shainaithint agus a sheiceáil. Tugann sé faoi chigireachtaí ar fhostóirí freisin.
Tugann Aonad Imscrúdaithe Speisialta na roinne faoin obair seo, ina bhfuil breis agus 20 Garda ag oibriú ann ar iasacht leis an roinn.
De réir mar a athosclaítear gnólacht, leanann cigirí na roinne le hathbhreithnithe rialaithe a dhéanamh agus taifid a chur i gcomparáid le sonraí párolla fostóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim lena chabhrú a chinntiú go ndúnann daoine a n-éileamh fad a fhilleann siad ar an obair. Lena sheachaint ró-íocaíocht a fháil, ba cheart do dhaoine atá ag filleadh ar an obair a n-éileamh a dhúnadh agus is féidir leo sin a dhéanamh gan stró ag should Go leor a n-éileamh agus a dhéanamh so gan stró ag www.MyWelfare.ie.
Faoi mar a bhíonn i gceist de ghnáth le gach íocaíocht leasa shóisialaigh, b’fhéidir go n-iarrfar ar dhaoine a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime á fáil acu ó thráth go chéile a gcáilitheacht a dheimhniú chun leanúint lena n-íocaíocht a fháil. Cabhraíonn seo lena chinntiú go meabhraítear do dhaoine a d’fhill ar an obair, mar shampla, chun a n-éileamh a dhúnadh ionas nach ndéanfaidh an Roinn ró-íocaíocht.
Faoi mar a rinne an Roinn níos luaithe i mbliana agus anuraidh, cuireadh tús le próiseas ina ndéantar teagmháil le faighteoirí ÍDP agus ina n-iarrtar orthu a gcáilitheacht a dheimhniú chun leanúint leis an íocaíocht a fháil.
**Iarrtar ar fhaighteoirí uile ÍDP a gcáilitheacht leanúnach do ÍDP a dheimhniú faoi Dé Máirt, an 20 Iúil.
Ba cheart d’fhaighteoirí ÍDP logáil ar MyWelfare agus na treoracha a leanúnach faoin teideal ‘Cáilitheacht leanúnach d’Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime a fháil’. Ba cheart d’aon duine a mbíonn deacracht acu seo a dhéanamh teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach 1890 800 024 (ó Luan go hAoine ó 9am go 5pm.)
Is mian leis an Roinn go dtuigtear go soiléir nach bhfuil sonraí faoi chuntas bainc ná aon sonraí eile faoi institiúid airgeadais á lorg acu mar chuid den phróiseas ‘Deimhnithe Cáilitheachta’.
Is féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (ÍDP) á fáil acu atá ag iarraidh a ngnólacht a chothabháil a mhéid le €960 a thuilleamh i gcaitheamh tréimhse ocht seachtaine agus a dteidlíocht iomlán do ÍDP a choimeád.
Níl aon phróiseas iarratais foirmiúil ann agus ní gá do dhuine féinfhostaithe ach an Roinn a chur ar an eolas má thuilleann siad breis agus €960 in aon tréimhse ocht seachtaine.
Leanfaidh an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta €1,000 a bheith ar fáil don chuid eile den bhliain do dhaoine féinfhostaithe a dhúnann a n-íocaíocht ÍDP. Beidh iad siúd a d’éiligh an deontas in 2020 ach a raibh ÍDP á íoc arís leo ina dhiaidh sin in 2021, in ann teacht ar an deontas an dara huair.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar go leor íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus Sochar Breoiteachta Breisithe agus íocaíochtaí Cuardaitheora Poist san áireamh, ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas. Tugtar an rogha do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Linbh, aisíocaíochtaí ÁSPC agus íocaíochtaí cuardaitheora poist anuas ar iarraidh ar ráiteas nó ar thaifead ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ón Roinn.
Tá an tseirbhís iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar fáil ag www.MyWelfare.ie do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ar a laghad 18 mbliana d’aois agus a dteastaíonn Uimhir PSP uathu chun sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas a fháil in Éirinn. Chun iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP ar líne, beidh ar dhuine cuntas bunúsach MyGovID a bheith acu.
Ar mhaithe leis an gcomhairle sláinte poiblí agus cloí le scaradh sóisialta, iarrtar ar dhaoine, más féidir, gan freastal ar a nIonad Intreo áitiúil. Ina ionad sin, ba cheart dóibh leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil trí MyWelfare.ie.
Moltar d’fhostaithe nó daoine féinfhostaithe a dtagann an víreas orthu nó a dtugann a ndochtúir teastas leighis dóibh ina moltar dóibh féinaonrú, iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe. Murab ionann agus an gnáth-Shochar Breoiteachta, íoctar Sochar Breoiteachta Breisithe ón gcéad lá den bhreoiteacht. Is é an bealach is tapúla agus is fusa chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta Breisithe trí www.MyWelfare.ie.
Tá íocaíocht Sochair Breoiteachta Bhreisithe á fáil inniu ag 1,128 duine, i gcomparáid le 1,073 duine an tseachtain seo caite.
Tá sonraí iomlána ar fáil faoi Shochar Breoiteachta Breisithe, miondealú de réir earnála agus contae chomh maith le próifíl aoise, ag Aguisín, 9, 10 agus 11.
Meabhraítear do chustaiméirí agus baill den phobal go bhfuil glaonna gutháin camscéime á gcur agus teachtaireachtaí téacs camscéime á seoladh ag daoine a maíonn gurb oifigeach na roinne iad. Déanann réimse uimhreacha gutháin na glaonna seo a chur agus na teachtaireachtaí seo a sheoladh, agus bíonn an chuma chéanna ar roinnt díobh le huimhreacha gutháin na roinne. Ba mhaithe leis an roinn a mheabhrú dá custaiméirí go léir nach lorgóidh sé eolas pearsanta riamh ó chustaiméirí trí theachtaireacht téacs agus nach n-iarrfaidh sé riamh ar chustaiméir a sonraí bainc a thabhairt ar an nguthán.
Iarrtar ar aon duine a gcuirtear glaoch orthu nó a seoltar teachtaireacht téacs chucu den saghas sin gan aon eolas a thabhairt agus na Gardaí a chur ar an eolas air láithreach.