Tá foilsiúchán an Phlean 5 bliana um Fhorbairt Trealaimh d’Óglaigh na hÉireann fógartha ag an Aire Cosanta, Paul Kehoe T.D., inniu (26 Meitheamh 2020).
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Cosanta, Paul Kehoe T.D. inniu (26 Meitheamh 2020) foilsiúchán an Phlean 5 bliana um Fhorbairt Trealaimh d’Óglaigh na hÉireann.
Sa Phlean um Fhorbairt Trealaimh tá liosta cuimsitheach de thionscadail trealaimh pleanáilte a ndéanfar dul chun cinn orthu san cúig bliana ata romhainn.
an tAire Kehoe “Inniu tá Plean um Fhorbairt Trealaimh d’Óglaigh na hÉireann á fhoilsiú againn agus in éineacht leis an bPlean um Bhonneagar Tógála a fógraíodh níos luaithe i mbliana, cinnteofar go mbeidh ar chumas ár bhFórsaí Cosanta na róil atá sannaithe dóibh a bhaint amach go hiomlán.
Dúirt an tAire Kehoe freisin “cuireann an plean seo leis an méid atá leagtha amach sa Pháipéar Bán ar an gCosaint maidir le trealamh a fháil, le nuachóiriú agus le huasghrádú, agus rinneadh é a fhorbairt agus é a chíoradh trí chomhoibriú sibhialta-míleata, rud a chinntíonn go mbeidh an trealamh is fearr ag na Óglaigh na hÉireann don tasc, bunaithe ar thosaíochtaí ó thaobh na cosanta iomlán de.
Maoinítear an infheistíocht i dtrealamh trí leithdháileadh caipitil foráilte faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP). Cuireadh leis an maoiniú seo le déanaí trí Thionscadal Éireann 2040 agus mar thoradh air sin, cuireadh €358 milliún de mhaoiniú NDP ar fáil do bhonneagar caipitil cosanta, lena n-áirítear beairic, don tréimhse 2020 go dtí 2022.
Tá sé i gceist go mbeidh an Plean ina cháipéis bheo. Déanfar bainistíocht air go cúramach, agus cuirfear san áireamh timpeallachtaí slándála atá ag athrú, maoiniú, tosaíochtaí trealaimh agus saincheisteanna tráthúlachta.
Dúirt an tAire Kehoe freisin “tá níos mó i gceist leis an bPlean um Fhorbairt Trealaimh atá á fhógairt inniu ná liosta de cheannacháin trealaimh d’Óglaigh na hÉireann – is plean forbartha é, ar féidir leis dul in oiriúint chun freagairt ar thosaíochtaí acmhainne, agus cinnteoidh sé thar a shaolré go bhfuil na príomhardáin trealaimh, trealamh coimhdeach agus trealamh cosanta fórsa ag ár bhFórsaí Cosanta chun an ról tábhachtach atá acu a bhaint amach sa bhaile agus thar lear.
Luaigh an tAire go bhfuil mórán tionscadal ar bun cheana féin, mar shampla uasghrádú meánaoise a dhéanamh ar Iompróirí Armúrtha Pearsanra an Airm. Bainfear cinn eile amach níos déanaí i mbliana cosúil leis an aerárthach Pilatus PC-12 a sheachadadh nó athoiriúnú meánaoise a dhéanamh ar árthaí cabhlaigh. Dúirt sé go bhfuil an Plean ag oibriú go maith agus go leanfaidh sé air mar sin sna blianta atá romhainn.