Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 21 Nollaig 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 5,279* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 443 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 102 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
>“De réir mar mhéadaíonn an mhinicíocht inár ndaoine fásta óga, mholfainn do gach tuismitheoir, caomhnóir, cara agus teaghlach tacú leis na daoine óga i do shaol a gcuid teagmhálacha a laghdú.
“Tá a fhios agam nach tasc éasca é seo d’aon duine againn agus braitheann sé an-mhífhéaráilte go leanfaimid orainn ag leagan béime ar dhaoine óga, go háirithe ag an am speisialta seo den bhliain.
“Tá íobairtí suntasacha déanta ag an ngrúpa seo d’fhonn muintir a chosaint agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as sin. Tá sé tábhachtach anois go leanfaimid orainn ag spreagadh agus ag tacú lena chéile chun íobairtí a dhéanamh, bearta freagracha a ghlacadh agus leanúint den chomhairle sláinte poiblí a leanúint.
“An tseachtain seo, déan iarracht gan bualadh ach amháin leis na daoine a mbeidh tú ag caitheamh Lá Nollag leo. Coinnigh do theagmhálacha chomh híseal agus is féidir d’fhonn iad siúd atá thart timpeall ort a chosaint.
“Agus an clár teanndáileoige á rolladh amach againn, tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhfuil thart ar dhuine as gach seisear de dhaoine fásta óga fós le teacht chun vacsaínithe nó nach bhfuil siad vacsaínithe go hiomlán. Tugann vacsaíniú cosaint an-mhaith i gcoinne drochbhreoiteachta, mar sin tá sé tábhachtach go dtiocfaidh gach duine atá incháilithe le haghaidh vacsaín chun cinn.
“Má bhíónn siomptóim COVID-19 agat caithfidh tú féin-aonrú láithreach agus tástáil a shocrú. Is í seo an chomhairle sláinte poiblí is tábhachtaí. Níor chóir bualadh le daoine eile agus iad a chur i mbaol COVID-19 nó ionfhabhtú riospráide eile. Ná bí ag brath ar thástáil dhiúltach antaigin mar bhunús gan aonrú.
“Is ionann Omicron anois agus thart ar dhá thrian de chásanna deimhnithe COVID-19 in Éirinn. Tá foirne sláinte poiblí ag tuairisciú leibhéal níos airde ionfhabhtaithe i measc dlúththeagmhálacha teaghlaigh mar thoradh ar ionfhabhtú Omicron. Má tá tástáil dheimhneach amháin ann, cibé acu ó PCR nó ó thástáil antaigin, laistigh de ghrúpa mar theaghlach tá seans suntasach ann go bhfuil daoine eile ionfhabhtaithe cheana féin, fiú mura bhfuil siad deimhneach fós. Má bhíonn tástáil deimhneach ag duine amháin ó theaghlach roimh imeacht nó cruinniú, níor cheart go mbeadh aon duine i láthair."
CRÍOCH
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear: