Mar chuid den phlé an Ghrúpa Euro, téann an tUachtarán Donohoe chuig seisiún eolais le Dr Mike Ryan (stiúrthóir feidhmiúcháin na hEagraíochta Domhanda Sláinte, an WHO)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Pléadh ról idirnáisiúnta an Euro, sócmhainneacht san earnáil chorparáideach chomh maith le forbairtí maicreacnamaíocha
Chuir Dr Mike Ryan (stiúrthóir feidhmiúcháin, clár na n-éigeandálaí sláinte an WHO) agus Dr Bruce Aylward (Comhairleoir Sinseareach d'Ard-Stiúrthóir an WHO) Uachtarán an Ghrúpa Euro an tAire Paschal Donohue ar an eolas faoin scéal mar gheall ar ghéarchéim na sláinte dhomhanda atá ag teacht chun cinn. Rinne Donohoe cathaoirleacht ar an gcruinniú inné (Luan) Nuair atá clár na vacsaínithe faoi lán seoil, déanann an léargas seo i dtaca leis an mbealach atá an phaindéim Covid-19 ag teacht chun cinn eolas don díospóireacht mar gheall ar pholasaithe na hEorpa chun dul i ngleic léi agus féidearthachaí geilleagair na hEorpa a athoscailt diaidh ar ndiaidh.
Ansin thíolaic an Coimisúin Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Gheimhridh a foilsíodh le gairid. Dearbhaíonn na sonraí is deireanaí go bhfuil ardleibhéal neamhchinnteachta fós ann, ach táthar ag súil go n-atosófar an fás eacnamaíoch le linn an Earraigh.
Phléigh Airí an Limistéir Euro impleachtaí chun na beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha náisiúnta a chomhordú nuair a théann an téarnamh i dtreis. Thacaigh na hAirí cur chuige céimnithe do na cainteanna buiséadacha ag an nGrúpa Euro.
Dúirt Uachtarán an Ghrúpa Euro agus an tAire Airgeadais de chuid na hÉireanna Paschal Donohue TD:
'Ba bhunchloch ghéarchúiseach na gcainteanna iad taithí agus saineolas Dr Ryan agus Dr Aylward chun tabhairt faoi na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn de bharr Covid 19 ar an leibhéal náisiúnta, Eorpach agus domhanda. Caithfimid a chinntiú go n-oibreoidh muid níos déine fós chun bearta tacaíochta eacnamaíocha arna gcomhaontú nach raibh a leithéid ann riamh a neartú chun an tacaíocht chomhordaithe, na hathchóirithe agus fás Inbhuanaithe a chur ar fáil do na saoránaigh agus geilleagair ar gá leo.'
Pléadh chomh maith na forbairtí is déanaí mar gheall ar shócmhainneacht san earnáil chorparáideach agus ba bhunchloch an nóta a d'ullmhaigh an Coimisiúin sa phlé sin. Bhí tionchar tromchúiseach ag Covid-19 ar roinnt comhlachtaí ar fud na hEorpa, agus d'fhreagair an Rialtas an scéal trí thacaíocht phoiblí nach raibh a leithéid ann riamh a chur ar fail do na comhlachtaí agus tacaíochtaí ioncaim a chur ar fáil d'fhostaithe. Mheabhaigh an Grúpa Euro gur gá súil a choimeád ar scéal na sócmhainneachta san earnáil chorparáideach, ionas go gcosnófaí poist agus go bhféadfaí na tacaíochtaí a dhíriú mar is cuí.
Mheas na hAirí freisin na tionscnaimh atá ann chun buntaca le ról idirnaisiúnta an euro Leanann an Grúpa Euro na deiseanna, buntáistí agus priacail ról idirnáisiúnta níos treise a bheith ag an euro a thomhas
Deireadh leis an gcaint
Nóta an Eagarthóra:
Toghadh Paschal Donohoe ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro Iúil 2020 Is féidir tuilleadh eolas faoin gClár an Ghrúpa Euro ag:
Dr Mike Ryan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, clár na n-éigeandálaí sláinte an WHO
Dr Bruce Aylward, Comhairleoir Sinseareach d'Ard-Stiúrthóir an WHO:
D'eisigh an Coimisiúin Eorpach a Réamhaisnéis Gheimhridh an 11 Feabhra Tuartar i Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Gheimhridh 2021 go bhfásfaidh geilleagar limistéar an euro 3.8% i 2021 agus 2022 araon. Tuartar sa réamhaisneis go bhfásfaidh geilleagar an AE 3.7% i 2021 agus 3.9% i 2022.