Feachtais bia shláintiúil don Scoilbhliain nua fógartha ag an Aire McConalogue agus an Seaimpín Oilimpeach, Kellie Harrington
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., feachtais bia shláintiúil don Scoilbhliain nua i dteannta le Kellie Harrington, buaiteoir bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha agus ambasadóir Scéim Bainne na Scoileanna agus Food Dudes.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue ag seoladh an fheachtais ag iar-bhunscoil Kellie, Scoil Náisiúnta do Chailíní Naomh Uinseann, Sráid Liam Thuaidh, Baile Átha Cliath 1,
“Cúis áthais dom na Feachtais don Scoilbhliain nua a sheoladh mar chuid de Chlár Scéim Bainne na Scoileanna agus Food Dudes, dhá scéim a raibh príomhról acu i ndáil le riachtanais chothaithe leanaí scoile a chomhlíonadh i suíomh scoile, agus scéimeanna a spreagann leanaí chun bia níos sláintiúla a ithe sa bhaile. Mholfainn do gach bunscoil a fhaigheann an deis clárú agus tairbhe a bhaint as na cláir seo.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire le linn dó a bheith ag tréaslú le Kellie a bhuaigh Bonn Óir ag na Cluichí Oilimpeacha le déanaí, “Tá dea-shampla á thabhairt ag Kellie do leanaí scoile agus tá meon dearfach aici. Mar ambasadóir chlár Bainne na Scoileanna agus Food Dudes, tá sí i ndiaidh cabhrú le go leor leanaí scoile cinntí níos sláintiúla a dhéanamh trí bhainne a ól agus níos mó torthaí agus glasraí a ithe”
I bhfíseán oideachais a forbraíodh le déanaí chun tacú le rolladh amach Food Dudes agus Scéim Bainne na Scoileanna i scoileanna faoi mhíbhuntáiste, bhí an méid seo a leanas le rá ag Kellie,
“Tá go leor bainte amach agam mar go raibh mé sásta obair chrua a dhéanamh, an bia ceart a ithe agus mo scíth a ligean chomh maith”.
Tá aithne le fada ar Scéim Bainne na Scoileanna mar cheann de na bealaí is áisiúla agus is inacmhainne chun cabhrú le leanaí dóthain cailciam agus cothaitheach a fháil le haghaidh fás agus forbairt shláintiúil. De bharr éilimh, tá síneadh curtha leis an spriocdháta chun iarratais a dhéanamh ar an bpromóisean bainne saor in aisce go dtí an 15 Deireadh Fómhair. Gheobhaidh scoileanna a chláraíonn le haghaidh na scéime i scoilbhliain 2021/2022 bainne saor in aisce le haghaidh coicíse le haghaidh gach leanbh sa scoil. Chomh maith leis sin, faigheann scoileanna a chláraíonn le haghaidh na scéime cuisneoirí saor in aisce rud a chinntíonn gur féidir an bainne a choinneáil úr agus fuaraithe agus bíonn rochtain ar acmhainní agus comórtais oideachais eisiacha freisin. Más mian leat go mbainfidh scoil do linbh tairbhe as Bainne na Scoileanna seol ríomhphost chuig an gComhairle Náisiúnta Déiríochta ag schoolmilk@ndc.ie nó tabhair cuairt ar www.moocrew.ie/ chun do spéis a chlárú roimh an 15 Deireadh Fómhair.
Is clár bia shláintiúil fianaisebhunaithe duaisbhuaiteach atá nasctha leis an gcuraclam é an Clár Food Dudes a forbraíodh chun leanaí a spreagadh chun torthaí agus glasraí úra a ithe. Tá an clár á reáchtáil don 17ú scoilbhliain as a chéile agus tá breis is 1.2 milliún leanbh scoile i ndiaidh páirt a ghlacadh sa chlár go dtí seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.fooddudes.ie/
Nótaí do na hEagarthóirí,
Tá Scéim Bainne na Scoileanna á bainistiú ag an gComhairle Náisiúnta Déiríochta agus tá an Clár Food Dudes forbartha ag Ollscoil Bheannchair, agus á bhainistiú ag Bord Bia.
Tá maoiniú AE agus náisiúnta á fháil ag Scéim Bainne na Scoileanna agus ag Food Dudes tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
CRÍOCH