Tá an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ag iarraidh ar dhaoine ráiteas spéise a chur isteach le haghaidh ballraíocht ar Bhord nua an Gharda Síochána
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mhol an tAire Dlí agus Cirt, An Teachta Dála Helen McEntee, inniu d'iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu ráiteas spéise a chur isteach le bheith ar Bhord nua an Gharda Síochána.
Cuireadh tús inniu le próiseas na mBord Stáit chun cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí a cheapadh ar an mBord nua. Dúnfar é ag 15.00 Déardaoin an 15 Feabhra 2024 agus is féidir tuilleadh sonraí faoi na poist a fháil anseo.
Déantar foráil don bhord nua seo sa Bhille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail (PSCS), ar éirigh leo i ngach céim den Seanad ar an 24 Eanáir. Foráiltear leis an mBille go gceapfaidh an tAire Dlí agus Cirt comhaltaí Bhord an Gharda Síochána as grúpa daoine a mholfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tar éis próiseas roghnúcháin oscailte.
Agus í ag labhairt inniu faoi bhunú an Bhoird nua, dúirt an tAire Helen McEntee:
"Is cuid an-tábhachtach den reachtaíocht nua é bunú an Bhoird seo. Cuirfidh sé le bainistíocht agus rialachas inmheánach an Gharda Síochána.
Ní bheidh aon ról aige maidir le cúrsaí oibríochta, mar a bhíonn i gcás na mbord sin i gcoitinne. Mar sin féin, léiríonn sé gur caighdeán rialachais chorparáidigh é bord neamhfheidhmiúcháin san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach."
Forbraíodh an Bille bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn agus cuirfidh sé creat nua comhleanúnach rialachais agus maoirseachta ar fáil don phóilíneacht a chuirfidh go mór leis an nGarda Síochána.
Gné thábhachtach den chreat nua seo is ea bunú Bhord nua an Gharda Síochána.
Beidh an Bord ina bhord rialachais neamhfheidhmiúcháin, ar a mbeidh cathaoirleach agus ochtar gnáthchomhaltaí agus beidh réimse feidhmeanna tábhachtacha rialachais acu. Beidh gairmithe neamhspleácha a bhfuil taithí acu ina réimsí féin ina mbaill den bhord seo.
Agus na comhaltaí ag baint úsáid as saineolas corparáideach agus rialachais agus dearcadh seachtrach, cuirfidh an Bord tacaíocht phraiticiúil ar fáil mar aon lena dúshlán a thabhairt don fhoireann shinsearach ceannaireachta sa Gharda Síochána.
Lean an tAire ar aghaidh:
"Tá cuid de na feidhmeanna is tábhachtaí sa Stát á gcomhlíonadh ag an nGarda Síochána.
Tacóidh an Bord seo leis chun athruithe a réamh-mheas agus freagra a thabhairt ar na bealaí sin a gcaithfear tabhairt faoin bpóilíneacht sna blianta amach romhainn. Tabharfaidh sé dearbhú freisin don Aire maidir le rialachas inmheánach, bainistíocht riosca agus maolú.
Tacóidh an Bord freisin le Coimisinéir an Gharda Síochána trína chinntiú go bhfuil na córais, na próisis agus na nósanna imeachta is oiriúnaí i bhfeidhm ag an eagraíocht chun seirbhís póilíneachta den scoth a chur ar fáil sa Stát. Ní ionadach é, áfach, do mhaoirseacht sheachtrach láidir ar an nGarda Síochána, agus ní dhéanfaidh sé obair an chomhlachta maoirseachta sheachtraigh nua atá le bunú faoin mBille - an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteacht Pobail - a laghdú ar aon bhealach. Cuirfidh sé sin leis an dea-obair atá déanta ag an Údarás Póilíneachta agus ag Cigireacht an Gharda Síochána."
Beidh ar Choimisinéir an Gharda Síochána an tAire agus Ard-Rúnaí na Roinne a choinneáil ar an eolas i rith an ama faoi nithe suntasacha, agus cuntas a thabhairt don Aire agus don Rialtas ar sholáthar seirbhísí póilíneachta agus slándála ag an nGarda Síochána.
Leag an tAire béim bhreise ar thábhacht an Bhoird nua seo, a mbeidh an tAire freagrach as a fheidhmíocht, agus mhol sí do dhaoine a bhfuil taithí agus saineolas ábhartha acu cur isteach ar na róil thábhachtacha seo.
Críoch../
Nótaí don Eagarthóir:
Nasc chuig fógra na mBord Stáit –
· Mairfidh ceapacháin ar an mBord suas le 4 bliana. Cé gur féidir comhaltaí a athcheapadh chun an Bhoird, ní bheidh duine a athcheapfar in oifig níos mó ná ocht mbliana.
· Ní chuirfear na daoine seo a leanas san áireamh do na poist:
o comhalta ó Thithe an Oireachtais,
o comhalta atá i dteideal, faoi rialacha nós imeachta Pharlaimint na hEorpa, suí sa Pharlaimint sin,
o comhalta údaráis áitiúil,
o ball de phearsanra an Gharda Síochána (ball den Gharda Síochána nó ball d'fhoireann an Gharda Síochána),
o comhalta ón Údarás Póilíneachta agus Sábháilteacht Pobail, nó
o Ombudsman na bPóilíní nó Leas-Ombudsman na bPóilíní.
Nasc chuig an mBille – https://www.oireachtas.ie/en/bills/bill/2023/3/?tab=bill-text
(Tabhair faoi deara nach bhfuil téacs comhdhlúthaithe arna rith ag Seanad Éireann ar fáil go fóill).
• Forbraíodh an Bille PSCS bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn a thug faoi thuairisiú in 2018 tar éis scrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar gach gné den phóilíneacht, lena n-áirítear gach feidhm a dhéanann an Garda Síochána agus iomlán na socruithe maoirseachta.
• Forálann sé do chreat nua le haghaidh póilíneachta agus sábháilteacht pobail atá dírithe ar fheidhmíocht agus cuntasacht an Gharda Síochána a fheabhsú ar mhaithe le sábháilteacht pobal, agus socruithe nua don tslándáil náisiúnta.